GAILEARAÍ: Slua mór ag seoladh albaim ag Féile Joe Éinniú

GAILEARAÍ: Slua mór ag seoladh albaim ag Féile Joe Éinniú

Sean Ó Mainnín

Bhí slua mór in Ionad na nImirceach i gCarna le déanaí nuair a seoladh an t-albam nua 'Tigh Choilm - Ceol na gCualáin', atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht. Ceol le trí ghlúin de na Cualáin atá ar an albam agus é curtha le chéile i bpáirt ag Neansaí Ní Choisdealbha agus a comhghleacaí i Raidió na Gaeltachta, Bríd Ní Chualáin. D'imigh Bríd ar shlí na fírinne in 2021. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie


GAILEARAÍ: Dorn san aer ag na Gaeil do Rónán Mac Aodha Bhuí i mBaile Átha Cliath

GAILEARAÍ / Dorn san aer ag na Gaeil do Rónán Mac Aodha Bhuí i mBaile Átha Cliath

Sean Ó Mainnín

Bhailigh réalta ceoil le chéile i Whelan's i mBaile Átha Cliath oíche Dé Máirt chun a dtacaíocht a léiriú do réalta Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí. Tháinig cuid d'fhoireann peile Bhaile Átha Cliath chomh maith le misneach a thabhairt don Chonallach atá tinn faoi láthair agus cóir leighis á cur air i Meiriceá. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie







GAILEARAÍ: Craobh na hÉireann ag Tráth na gCeist Feachtas buaite ag Coláiste Oiriall, Muineachán

GAILEARAÍ / GAILEARAÍ: Craobh na hÉireann ag Tráth na gCeist Feachtas buaite ag Coláiste Oiriall, Muineachán

Sean Ó Mainnín

Foireann as Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán a thug leo Craobh na hÉireann i dTráth na gCeist Feachtas tar éis iomaíocht ghéar idir foirne as 28 Gaelcholáiste agus meánscoil in Óstán an Ashling, Baile Átha Cliath le déanaí. Glac 800 scoláire agus 150 iarbhunscoil ar fad páirt sa chómórtas. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie