GAILEARAÍ: Slua mór ag seoladh albaim ag Féile Joe Éinniú

Bhí slua mór in Ionad na nImirceach i gCarna le déanaí nuair a seoladh an t-albam nua 'Tigh Choilm - Ceol na gCualáin', atá eisithe ag Cló Iar-Chonnacht. Ceol le trí ghlúin de na Cualáin atá ar an albam agus é curtha le chéile i bpáirt ag Neansaí Ní Choisdealbha agus a comhghleacaí i Raidió na Gaeltachta, Bríd Ní Chualáin. D'imigh Bríd ar shlí na fírinne in 2021. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ciarán Ó Cualáin le Neansaí Ní Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a léirigh an t-albam ‘Tigh Choilm – Ceol na gCualáin’ i gcomhpháírt le Bríd Ní Chualáin, ar dheis, nach maireann, ag Ionad na nImirceach, Carna, Dé Domhnaigh. Is Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an CD agus seoladh é ag Féile Joe Éinniú.

 

Slua breá in Ionad na nImirceach don seoladh

 

Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta ag seoladh an CD

 

Píosa cainte ó Neansaí Ní Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chuir an CD le chéile

 

Cathal Ó Maoilchiaráin, mac le Bríd Ní Chualáin

 

Máirtín Ó Cualáin, nia le Bríd, ag tabhairt blaiseadh de cheol na gCualáin

 

An chéad ghlúin eile de na Cualáin. Ó chlé: Jennifer Ní Chualáin lena mac, Séamus, (5 mhí); Sadhlóg Ní Chualáin lena hiníon, Róise (8 mí) agus Bláthnaid Ní Chualáin lena hiníon, Laoise, (11 mí) ag seoladh an CD ‘Tigh Choilm – Ceol na gCualáin’. Cló Iar-Chonnacht, a d’fhoilsigh. Pic: Seán Ó Mainnín

 

An píóbaire Richard Neylon le fear an bhosca, Máirtín Ó Cualáin, agus Seosamh Ó Flaithearta, ar an méarchlár.

 

Na Cualáin ag an seoladh don CD nua ‘Tigh Choilm – Ceol na gCualáin’

 

Ó chlé: Máire Ní Chíobháin, Tomás Ó Cuanaigh, Kathy Ó Maoilchiaráin, Peggy Donoghue agus Ciarán Ó Cualáin

 

Lucht leanta cheol na nGael ón mBriotáin ag an seoladh. Ó chlé: Myriam Jegaí, Thierry Olivier, Annick Cumunel, Jakez Guillanet agus Hervé Guillernic

 

Ó chlé: Daoine muinteartha Bhríd Ní Chualáin – Rosaleen Ní Chualáin, a col ceathrar; Mary Ann Uí Choirbín, a deirfiúr; agus a neachtanna Caitríona Ní Choirbín agus Fiona Ni Chualáin.

 

Foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i láthair ag an seoladh

 

An ceoltóir Máirtín Ó Cualáin lena neacht, Síofra Éinniú (bliain go leith), agus a nia, Fionnán (2) leis an CD nua-sheolta

 

Áine Ní Chuaig, PJ Ó hIarnáin, Cathal Ó Cuaig agus Mícheál Ó Cuaig. Seoladh CD nua le  PJ in Ionad na nImirceach chomh maith.

 

Páraic Ó Maoilchiaráin, fear céile Bhríd, agus a mbeirt mhac, Dónal, ar chlé, agus Cathal. Bhí Bríd ag obair ar an CD le Neansaí Ní Choisdealbha sular bhásaigh sí ró-óg.

 

Máire Áine Ní Chuaig, Bairbre Uí Choisdealbha agus Kathleen Uí Fhlatharta

 

Ó chlé: Ailean Domhnullach as Albain, Nóirín Uí Ionnáile, Maolla, Co Mhaigh Eo; Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha agus Aodh Ó hIonnáile

 

Ó chlé: Gearóíd Ó Connachtáin, Louise Ní Chatháin, Peigí Ní Chualáin agus Cáit Uí Shuibhne

 

Ó chlé: Fiona Ní Chualáin, Dara Ó Dálaigh, Niamh Ní Dhálaigh, Fiadh Neylon, Conall Neylon agus Patrick Ó Cualáin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slua mór ag seoladh albaim ag Féile Joe Éinniú'