Bhí go leor de mhuintir Mhionlaigh i láthair nuair a d'oscail Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tigh Mhaidhc Pháidín mar cheannáras nua pleanála teanga i nGaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe, An Bruach Thoir. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag oscailt ceannáras An Bhruaigh Thoir go hoifigiúil. Sa phictiúr chomh maith tá baill choiste an Bhruaigh Thoir: Ray Ó Donnchadha, Seosamh Caomhánach, Cathal Seoighe, Micheál Mac Aoidh, an Comhairleoir Frank Fahy, a dheartháir Pádraig, agus Joe Connolly. Chun tosaigh tá Cassie Ni Chatháin, Údarás na Gaeltachta agus Gráinne Ní Choisdealbha, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta
An slua bailithe ag Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionlach, d’oscailt oifigiúil an cheannárais pleanála teanga
Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga, Oirthear Chathair na Gaillimhe, ag cur fáilte roimh an bpobal
An t-aisteoir Diarmuid de Faoite ag léamh sliocht as Seanchas Thomáis Laighléis, údar de bhunadh Mhionlaigh
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
Muintir Mhionlaigh
Cathal Seoige, Coiste Stiúrtha an Bhruaigh Thoir, agus cáca ar mhúnla Tigh Mhaidhc Pháidín á bhronnadh air ag Siobhán Ó Néill as Scoil Bhríde, Mionlach. Bhronn Orlaith Ní Ghabháin ón scoil chéanna clog ar Pháraic Ó Coirbín, An Bruach Thoir
Cáca blasta de Thigh Mhaidhc Pháidín
Joe Connolly, Seosamh Caomhánach agus Micheál Mac Aoidh ag faire ar Lisa Ní Mhochuir (8) ag gearradh an cháca
Ó chlé: Cathal Seoighe, Deasún Ó Seanáin, Turlough Ó Maoileoin, Becky Ní Éallaithe agus Ray Ó Donnchadha
Micheál Ó Mainnín, Gaeilge Locha Riach; Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge; Grace Conneally, Gaillimh le Gaeilge; Aoife Ní Chonghaile, Gaeilge ABC, Plean Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach
Ó chlé, Joe Connolly, Paddy Ó Dúgáin, Micheál Mac an Bhaird, Micheál Ó Laighléis agus Tomás Ó Conceanainn
An comhairleoir contae Frank Fahy, agus a dheartháir, Pádraic, Gaeilgeoirí dúchais as Mionlach, ag taispeáint sliocht faoin nGaeilge a bhíodh ag a n-athair Pádhraic Ó Fathaigh do Thomás Ó Síocháin
Diarmaid Ó Mathúna agus Siobhán Ní Fhlatharta, POTA café, a chuir bia agus deoch ar fáil don ócáid
John Farrell agus Monica Farrell, Mionlach
Caint agus comhluadar: Ann Francis-Coyne ar chlé agus Mary Ward
Tigh Mhaidhc Pháidín, ceannáras pleanála teanga An Bhruaigh ThoirAirneán go maidin Tigh Mhaidhc Pháidín, Mionlach
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Tigh Mhaidhc Pháidín’ – ceannáras nua d’eagras pleanála teanga in oirthear chathair na Gaillimhe'
Cluain Sceach
Nach mbeadh sé níos fearr airgead agus fuinneamh a dhíriú ar na ceanntair bheaga ina a bhfuil an Ghaeilge fós mar theanga pobail — seachas ar áiteanna ina bhfuil an teanga marbh le fada? Cur i gcéill …
Cluain Sceach
Nach mbeadh sé níos fearr airgead agus fuinneamh a dhíriú ar na ceanntair bheaga ina a bhfuil an Ghaeilge fós mar theanga pobail — seachas ar áiteanna ina bhfuil an teanga marbh le fada? Cur i gcéill …