Foireann as Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán a thug leo Craobh na hÉireann i dTráth na gCeist Feachtas tar éis iomaíocht ghéar idir foirne as 28 Gaelcholáiste agus meánscoil in Óstán an Ashling, Baile Átha Cliath le déanaí. Glac 800 scoláire agus 150 iarbhunscoil ar fad páirt sa chómórtas. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Foireann Choláiste Oiriall B, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tar éis dóibh Craobh na hÉireann Tráth na gCeist Feachtas a bhuachan in Óstán an Ashling, Baile Átha Cliath. Sa phictiúr tá Saorlaith Ní Chionna, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Alan Mac Gafradh Mac Seoin agus Aoibhinn Nic Cormaic
Svuít na Life, Óstán an Ashling, lán le scoláirí as 29 scoil
Tugadh ómós ag tús an chomórtais don Athair Micheál Mac Gréil, Cathaoirleach Feachtas, a d’imigh ar shlí na fírinne ag tús na bliana
Fear na gceisteanna agus fear an tí, Jamie Ó Flannúra
B’fhéidir go bhfuil an freagra thuas ansin?
Scoláire as Gaelcholáiste Luimnigh
Údar machnaimh
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
An freagra ag Coláiste Pobail Osraí
Ceist á cur faoi na ceisteanna
Na buaiteoirí: foireann Choláste Oiriall B, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán. Sa phictiúr ó chlé tá: Jamie Ó Flannúra, Fear an Tí; Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas; Foireann Choláiste Oiriall, Saorlaith Ní Chionna, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Alan Mac Gafradh Mac Seoin agus Aoibhinn Nic Cormaic. Ar dheis tá Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a rinne an bronnadh
Foireann B Choláiste Eoin, Stigh Lorgan, BÁC a bhí sa dara háit. Sa phictiúr ó chlé tá: Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas; Jamie Ó Flannúra, Fear an Tí; an fhoireann Macdara Ó Raghallaigh, Eoghan Ó hAnluain-Fay, Conall Mac Aonghusa agus Traolach Ó Súilleabháin. Ar dheis tá Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Foireann A Ghaelcholáiste Phort Láirge, a roinn an tríú háit – Ruán Ó Céilleachair, Micheál Ó Cuidithe, Maitiú Mac Roibeaird agus Cameron Mac Giolla Chirce.
Foireann D Choláiste an Eachréidh, Co na Gaillimhe a roinn an tríú háit agus an gradam le Foireann A Ghaelcholáiste Phort Láirge – Brian Mac Thomáis, Conor Ó Loingsigh, Grace de Búrca agus Semyon Ó Sionnaigh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Craobh na hÉireann ag Tráth na gCeist Feachtas buaite ag Coláiste Oiriall, Muineachán'