Scríbhneoireacht Chruthaitheach 15 – Aiste- Bochtaineacht (Cartlann)

Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 15 – Aiste- Bochtaineacht (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Bochtaineacht
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:

1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
3. Conclúid

  • Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.
  1. Cúlra/stair
  2. Cad is cúis leis?
  3. Cad deir daoine faoi?
  4. Na tuairimí atá agat féin faoi
  5. Eispéiris phearsanta
  6. Buntáistí/míbhuntáistí
  7. Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh?
  8. Dúshláin/fadhbanna
  9. Tréithe atá ag rud
  10. Céard a tharlóidh amach anseo?
  11. An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. sochaí
  2. a chur ina cheart
  3. fonn a níos fiach
  4. beo bocht
  5. pingin rua
  6. pá maireachtála
  7. cúlú eacnamaíoch
  8. ón lámh go dtí an béal
  9. ina chíor thuathail
  10. níl aon mhuinín agam

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

  • Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn inadhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Bochtaineacht in Éirinn

In ainneoin an chúlú eacnamaíoch a bhí sa tír seo, tá Éire fós i measc na dtíortha is saibhre ar domhan. Ina theannta sin táimid inár mball den Aontas Eorpach agus i measc thíortha an Chéad Domhain. Is minic é maíte ag na húdaráis agus polaiteoirí go bhfuilimid go hiontach maidir le hinfheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh. I dtír den chineál sin cén fáth a bhfuil fadhb na bochtaineachta againn? Cén fáth go bhfuil trácht rialta ar na saolta seo ar ghéarchéim tithíochta agus an líon daoine atá gan dídean dá bharr? Cén fáth a bhfuil carthanachtaí cosúil le Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Clann Shíomóin luite amach orthu féin de shíor agus ag streachtailt ina gcuid iarrachtaí teacht i gcabhair orthu siúd atá i ngalar na gcás?

Ní gá duit staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht le tuiscint a bheith agat ar cad is cúis leis an ngéarchéim tithíochta; is é sin, nach bhfuil an soláthar in ann freastal ar an éileamh. Aon uair a chloisim an míniú tur sin is é an rud a ritheann liom ná nach bhfuil forbróirí/úinéirí talún/ tógálaithe sásta an soláthar a chur ar fáil go dtí go ndéanfaidh siad brabús ollmhór. Fiú má ghlacann tú leis an míniú sin, an leor é mar leithscéal nuair atá na céadta ag codladh ar na sráideanna? Cad deir sé fúinn mar náisiún go bhfuilimid sásta ligean dó seo tarlú?  Tá dóthain rachmais sa tír lena chinntiú go bhféadfaí cóiríocht de shaghas éigin a chur ar fáil do na créatúir seo. Fonn a níos fiach.

Céard faoi na daoine atá ag obair ach atá fós beo bocht? Tá teaghlaigh áirithe ina bhfuil duine, nó beirt, ag obair ó dhubh go dubh ach fós féin ní bhíonn aon phingin rua le spáráil acu ag deireadh na seachtaine. Níl acu ach ón lámh go dtí an béal agus is ar éigean go bhfuil siad in ann an ‘pá maireachtála,’ faoi mar a thugann siad air, a shaothrú. Tá gach bille agus cáin faoin spéir le híoc acu agus is beag lámh chúnta atá ar fáil dóibh.

Is iad na daoine óga is measa atá buailte ar mhórán slite. Ní siad ar chomhchéim lena gcomhghleacaithe atá níos sine ó thaobh an phá agus an phinsin. Tá siad buailte le morgáistí móra nó níl siad in ann morgáiste ar bith a fháil. N’fheadar cé mhéad duine faoi bhun tríocha bliain d’aois atá tar éis tabhairt faoin mbád bán ó thosaigh an cúlú eacnamaíoch. Murach an eisimirce bheadh siad sáinnithe sa mbaile agus bheadh an tír ina cíor thuathail ar fad.

Cá bhfuil leigheasanna na bhfadhbanna seo le fáil? Cén chaoi ar féidir linn sochaí níor cothroime a chruthú? Nach ceart bunúsach de shaghas éigin é teacht a bheith ag gach saoránach ar chóiríocht agus pá maireachtála? Níl aon mhuinín agam as polaiteoirí chun an éagothroime seo a chur ina ceart. Agus mé ag éisteacht le polaiteoirí ag cur díobh faoin mbochtaineacht ritheann sé liom gur cuma leo faoin bhfadhb i ndáiríre. É sin nó nach bhfuil tuairim faoin spéir acu céard faoi a bhfuil siad ag caint. Dar liom is fadhb í seo a bheidh linn ar feadh i bhfad.