Ní mhaireann aon ní ach seal, bíodh sé ina rud maith nó ina a drochrud. Is gearr anois, is dóigh go mbeidh deireadh leis an teas. Tharraing an cailín beag an fón as mo láimh inné agus í ag iarraidh breathnú ar aip Met Éireann.
“Chuala mé go bhfuil báisteach ar an mbealach!” a dúirt sí agus scaoll buailte uirthi.
Níl a fhios agam cé acu is measa, TikTok nó aip Met Éireann agus galar na ‘screenagers’ ag scaipeadh go rábach ar fud na tíre. Cé gur dóigh gur cumadh an téarma le cur síos a dhéanamh ar dhéagóirí atá greamaithe don ghuthán póca, déarfainn go bhfuil daoine fásta chomh dona céanna leo nó níos measa fós agus chuile dhuine flat out ag seiceáil cén fhad a sheasfaidh an aimsir bhreá.
Tá chuile shúil sa tír ar na haipeanna aimsire. An bhfuil aon bhaol ann go gcuirfí Met Éireann ar an liosta de shuíomhanna coiscthe do dhaoine óga in éineacht le SnapChat agus ardáin mar é? Más maith leat do shuaimhneas intinne, fan glan ar an aip.
Bhí muid sa gcarr ar an mbealach ag traenáil agus muid suite i dtrácht an tráthnóna. Tá an córas aerchóirithe sa gcarr briste le… tá sé ag dul ar dhá bhliain anois, déarfainn… agus ba gheall le sauna an carr. Is dóigh gur cheart dom caoi a chur air, nó iarracht éigin a dhéanamh ar aon nós. Lá breá éigin.
Níl sé ródhona nuair atá an carr ag imeacht agus na fuinneoga oscailte agus séideán gaoithe deas ag teacht isteach. Ach nuair atá tú suite sa trácht tá sé cosúil le bolg ifrinn, agus é lán le dusta ón mbóthar agus múch sceite ó charranna eile.
“Coinnigh ort,” a dúirt mé agus shín mé an fón chuici. Ba léir go raibh an t-eolas uaithi láithreach bonn.
Chonaic mé an chorrmhéar ag damhsa anonn is anall ar an scáileán. “Dé Máirt, ok. Dé Céadaoin, maith go leor. Ó no! Dé Domhnaigh, tintreach!”
Creidfidh mé é nuair a fheicfidh mé é. B’fhearr liom fanacht glan ar na haipeanna aimsire. Beidh a fhios agam é sách luath nuair a éirím ar maidin is nuair a bhreathnaím amach an fhuinneog. Cén mhaith duit an aimsir bhreá a mhilleadh ort féin ag cuimhneamh ar an lá báistí atá amach romhat lá níos faide anonn? Agus, tá a fhios agam nach bhfuil cead é a rá os ard, ach ní dhéanfadh braoinín báistí dochar ar bith dúinn.
***
Lá Domhanda na mBeach
Bhí Lá Domhanda na mBeach ann an tseachtain seo. Tá 21 speiceas bumbóige in Éirinn agus 80 speiceas beach aonarach sa tír. Rud amháin a d’fhoghlaim mé an tseachtain seo ná gurb iad na beacha aonaracha a dhéanann formhór na hoibre mar phailneoirí. Tá aon trian de na speicis bheach sa tír seo i mbaol mar gheall ar bhrú atá á chur ar na gnáthóga leathnádúrtha ina maireann siad, an móinéar agus an fál sceach mar shampla.
Nuair a chuala mé faoi Lá na mBeach, chuimhnigh mé go bhfuil beacha feicthe agam go minic le deireanas, ach nach bhfaca mé frog le… déarfainn go bhfuil sé os cionn 20 bliain. Cáide ó chonaic tú frog? Dáiríre atá mé. Cá bhfuil na froganna imithe?
Tá go leor eolais faoi na beacha thuas ar an suíomh ag an Ionad Náisiúnta um Sonraí Bithéagsúlachta, áit gur féidir tuairisc a chlárú leo maidir le beacha i do cheantar féin.
Bhí mé ag tiomáint amach bóthar Chois Fharraige an lá cheana agus d’eitil beach isteach trí fhuinneog an chairr. Bumbóg álainn chlúimhíneach a bhí inti. Déarfainn nach raibh sé i gceist ag an mbumbóg bhocht a theacht isteach sa gcarr ar chor ar bith ach go raibh sí ag eitilt thart ag tabhairt aire dá gnó féin nuair a thiomáin mise thairsti. Tharla gur isteach ar m’éadan a tháinig sí agus ansin, níl a fhios agam an é go raibh mearbhall uirthi, ach in áit a bheith ag eitilt timpeall, d’fhan sí go socair ar mo leiceann.
Ba mhaith liom a rá go raibh mé ar mo sháimhín só agus mé i mo mháthairdhia agus mé i dtiúin leis an nádúr, ach an bhfuil aon duine ar an saol seo in ann tiomáint agus beach ina suí ar a leiceann? Fiú más speiceas iad atá i mbaol?
Bhí mé in ann í a fheiceáil, ar éigean, dá mbreathnóinn síos, clúimhín beag buí a bhí ag cur dinglis i mo chraiceann. Ní tada disciplín an mháistir Zen i gcomórtas leis an té a bhfuil beach ar a bpluc acu agus iad ag iarraidh carr a choinneáil ar an mbóthar.
Ar ámharaí an tsaoil chonaic mé spás beag ar thaobh an bhóthair agus bhí mé in ann tarraingt isteach is an bhumbóg a scaoileadh amach as an gcarr agus d’imigh sí léi ag dordán.
Na gadhair i gceannas an tí
Lá 737 i dTeach Mór na nGadhar, tá na gadhair i gceannas an tí agus na daoine ina sclábhaithe ag freastail orthu. Leanann an saol ar aghaidh fiú nuair atá gadhar agus trí choileán beag sa teach agat. Tá dhá ghadhar againn, bhuel, gadhar agus coileán, agus tá muid ag tabhairt aire do dhá choileán eile fad is atá mo mháthair ar saoire. Airíonn sé go bhfuil sé ag teannadh le dhá bhliain anois ó tháinig Sáile agus Poppy ar cuairt againn.
Chuir mé ceist ar fhear an tí an lá cheana. “Is dóigh go bhfuil sé beagnach in am acu a bheith ag dul abhaile anois,” a dúirt mé. “Tá muid sa dara seachtain anois ar aon chaoi.”
“Níl siad anseo ach trí lá fós,” a d’fhreagair sé agus an chuma air go raibh sé ag déanamh imní faoi staid m’intinne.
Cén uair a stopann tú ag tabhairt coileáin orthu is go dtugtar gadhair orthu? Cén aois a chaithfidh siad a bheith sula bhféadfá a bheith ag súil go mbogfaidís amach leo féin, go bhfaighidís post agus morgáiste? Caithfidh go bhfuil sé beagnach in am acu anois, tá siad ag tarraingt ar thrí mhí d’aois anois. Céard é sin i mblianta gadhair?
Tá mé ag cur aithne mhaith ar an ngotach atá ag obair i siopa na bpeataí agus mé istigh chuile dhara lá ag iarraidh rud éigin. Leaidín deas suáilceach atá ann cé nach é sin an chéad íomhá a bheadh agat dhó bunaithe ar an méid blaoscanna atá ar na fáinní aige. Tá mé istigh ar an gclár dílseachta anois agus má fhaighim dhá stampa eile ar an gcárta gheobhaidh mé lascaine ar an gcéad mála bia gadhar eile. An áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice.
***
Ag léamh…
I Muinín na nDúl leabhairín nua haiku le Máire Dinny Wren atá foilsithe ag Éabhlóid. Leabhar filíochta póca atá ann agus ealaín le Eimear Ní Thomáin ar an gclúdach agus ealaín Kim Sharkey istigh. Le hoscailt i gcás éigeandála haiku.
Fág freagra ar '‘Screenagers’ na haimsire, Lá Domhanda na mBeach, teach mór na ngadhar…'