Trump ag dul níos déine ar thiománaithe trucaile nach bhfuil Béarla líofa acu

Chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá a ainm le déanaí le hordú a chuireann bonn níos láidre faoi rialacháin fheidearálacha go gcaithfidh tiománaithe a bheith in ann an Béarla a léamh agus a labhairt ‘go cumasach’

Trump ag dul níos déine ar thiománaithe trucaile nach bhfuil Béarla líofa acu

Tá sé i gceist ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, na rialacha atá i bhfeidhm sa tír sin maidir le cumas teanga tiománaithe trucaile a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine ná mar a rinneadh roimhe seo.

D’eisigh an tUachtarán ordú feidhmiúcháin le déanaí inar ordaigh sé go gcuirfí na rialacha atá in áit cheana féin i bhfeidhm go docht feasta, rud atá ag cur imní ar thiománaithe i mbailte dátheangacha ar theorainn Mheiriceá le Meicsiceo.

Chuir Trump a ainm le déanaí leis an ordú a chuireann bonn níos láidre faoi na rialacháin fheidearálacha go gcaithfidh tiománaithe a bheith “in ann an Béarla a léamh agus a labhairt go cumasach le comhrá a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne, comharthaíocht agus teachtaireachtaí mótarbhealaigh a thuiscint, ceisteanna ó oifigigh a fhreagairt, agus iontrálacha a scríobh ar chártaí taifid”.

Bhí cead ag póilíní agus ag oifigigh stáit eile cinntí a dhéanamh de réir a ndiscréide féin go dtí seo ach faoin ordú nua ó Trump ní bheidh an cead sin ann a thuilleadh agus caithfear na rialacha a chur i bhfeidhm go docht daingean.

Dúirt Jerry Maldonado, atá ina chathaoirleach ar Chumann Tarlóirí Laredo, go bhfuil an baol anois ann go gcaillfeadh tiománaí obair dá measfaí nach raibh a chuid Béarla sách maith.

“Bhí sé seo sa dlí i gcónaí sna Stáit Aontaithe. Sular fógraíodh an t-ordú feidhmiúcháin seo, thabharfaí rabhadh don tiománaí. Anois cuirfear an tiománaí as seirbhís.

“Deirtear go soiléir ar shuíomh an FMCSA [Federal Motor Carrier Safety Administration] go bhfuil tú ceaptha a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le hoifigeach. Tá sé ar cheann de na rudaí sin nach mbeidh a fhios againn cén toradh a bheidh air go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é, ach agus an sprioc ag teannadh linn, caithfear oiliúint a chur ar thiománaithe. Ba cheart go mbeadh sé mar chuid de phróiseas earcaíochta na gcomhlachtaí tarlóireachta a chinntiú gur féidir le tiománaithe cumarsáid a dhéanamh,” a dúirt sé.

Tá Laredo ar cheann de na cathracha is mó i Meiriceá ina labhraítear Spáinnis. Meastar gurb í an Spáinnis teanga an tí i mbeagnach 90% de theaghlaigh na cathrach.

Dúirt méara na cathrach, Victor Trevino, nach bhfuil sé soiléir fós cén tionchar a bheidh ag an ordú ar mhuintir Laredo agus go bhfuil ceisteanna le freagairt fós faoin gcaighdeán Béarla atá i gceist ag Trump.

“Tuigimid go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh tiománaithe trucaile comharthaí bóthair agus na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith amach rompu ar an mbóthar. Tá scrúdú Béarla mar chuid den scrúdú don cheadúnas gairmiúil tiomána.

“Níl sé soiléir cén tionchar a bheidh ag an athrú seo orainn. Caithfear cúpla rud a thuiscint ar dtús. Caithfear ‘cumas sa Bhéarla’ a shainmhíniú agus a rá cé atá freagrach as an measúnú sin,” a dúirt sé.

Tá imní léirithe ag roinnt tiománaithe go bhfágfar an measúnú faoina gcumas Béarla faoin bpóilín a stopfaidh iad agus nach mbeidh caighdeán ná scrúdú oifigiúil ann.

Dúirt Trevino go bhfuil go leor póilíní agus oifigigh stáit eile in Laredo agus sna ceantair eile i ndeisceart Texas dátheangach agus nach mbíonn fadhbanna cumarsáide ann leis na tiománaithe ach go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann de réir mar a théann tiománaí ó thuaidh agus an dátheangachas níos éagoitianta i réigiúin agus stáit eile.

Dúirt sé freisin go bhféadfadh impleachtaí móra a bheith ann do thiománaithe as Meicsiceo a bhíonn ag tiomáint sna Stáit Aontaithe ar víosa B-1.

Fág freagra ar 'Trump ag dul níos déine ar thiománaithe trucaile nach bhfuil Béarla líofa acu'

  • Eoghan Ó Néill

    Is é ‘Englisch über Alles’ an dearcadh atá ag an Trumpadóir agus neart Anglos nach bhfeiceann aon fhiúntas i dteangacha eile.
    Ba thalamh ar baineadh é ó México cuid mhaith de Iarthar na SAM sa chogadh 1846-1848 inar sheas Éireannaigh ( na San Patricios) le México.