Tá céad bliain go díreach ó bhuail Ciarraí agus contae an Chláir le chéile don gcéad uair i gcluiche ceannais caide na Mumhan i gCill Airne. Stánáil Ciarraí na Cláraigh an lá úd leis an scór 5-5 le 0-0 agus cé gurb é seo an tríú bliain as a chéile ag na foirne a bheith le chéile i gcluichí ceannais an chúige, taibhsítear dom nach bhfuil aon tseans arís ag contae an Chláir an deireadh seachtaine seo.
Cé go bhfuil buaite acu ar gach contae i gCúige Mumhan seachas Ciarraí le trí bliana anuas, cé go ndeineadh amhlaidh fé thriúr bainisteoirí éagsúla – Colm Collins, Mark Fitzgerald agus Peter Keane – agus cé go bhfuil 108 bliain ann ó bhíodar i dtrí cinn de chluichí ceannais cúige as a chéile, tá sé ag dul do chontae an Chláir dul thar tairseach isteach mar a deineadh i samhradh glórmhar na bliana 1992.
Ní deirim an méid sin le drochmheas ar fhoireann an Chláir ná ar a mbainistíocht fé stiúir an Chathánaigh ach le barr measa ar an gcosaint a dheineann Ciarraí ar a bpaiste féin i gCill Airne. Go dtí go gcnag Maigh Eo fé ghrian na Bealtaine i Staid an Ghearaltaigh iad dhá bhliain ó shin, bhí an paiste céanna cosanta naoi mbabhta is tríocha sa chraobh ag Ciarraí ó 1995.
Bhí a fhios againn go léir ná mairfeadh an churiarracht baile is faide agus is buaine i stair Chumann Lúthchleas Gael go deo ach ba chúis iontais dúinn go léir chomh neafaiseach is a thit sí nuair a thit. Bhí Ciarraí lofa, leacht agus liobarnach an lá úd agus chaithfidís a bheith amhlaidh arís amáireach dá mbeadh biaiste na n-iontas le leanúint ar aghaidh ag leibhéal na gcraobhacha cúige.
Leis an dtríú cuid den bhfoireann in easnamh, Diarmuid O’Connor, Paul Murphy, Shane Ryan, Graham O’Sullivan agus thar aon duine eile, Paudie Clifford, bheadh Ciarraí leochaileach, ach toisc go dtástáladh go maith coicíos ó shin i bPáirc Uí Chaoimh iad, agus toisc go bhfuil foláireamh fachta ó bhua na Mí ar Áth Cliath acu, beidh Ciarraí ar a n-airdeall i Staid a’ Ghearaltaigh. Is leor nod don eolach agus is leor preab don té atá ar tinneall cheana féin.
Tabharfaidh líne lántosach an Chláir, Keelan Sexton, Eoin Cleary agus Mark McInerney, dóthain de phreab do Dylan Casey, Jason Foley agus Tom O’Sullivan má fhaigheann siad cion ceart seilbhe ach is deacair san a shamhlú. Má fhaigheann Joe O’Connor agus Barry Dan O’Sullivan aon ghreim in aon chor i lár an ghoirt, deinim amach gurb é an dúshlán is mó a bheidh roimis tosaithe an Chláir ná aonad cosanta Chiarraí a chur siar i leith a gcúil agus iad go léir luite amach orthu féin ag iarraidh scaoileadh faoin bpáirc aníos.
Cuireann an teannas (naimhdeas?) a bheadh idir an bheirt bhainisteoirí, Jack O’Connor agus Peter Keane, go mór le fiosracht na muintire agus leis an bpiobar a bheidh ar an dtaobhlíne agus beidh sé ina sheó bóthair ceart má chaitheann Tim Murphy, cathaoirleach Chomhairle CLG na Mumhan, an corn a bhronnadh ar Chillian Brennan, captaen an Chláir. Is deacair é a shamhlú, nach deacair?
Thiar i gConnachta, tá níos mó cainte tarraingthe ag tarraingt craoibhe uile-Éireann na Céadaoine ná cluiche ceannais an lae amáirigh idir Gaillimh is Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh. Má ghéilleann tú do thuairim na coitiantachta, fágann na grúpaí atá leagtha amach i gcraobh na hÉireann gur fusa cosán a leagan amach duit féin go dtí babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe trí chluiche ceannais Chonnacht a chailliúint seachas a bhuachtaint.
B’fhéidir gurb amhlaidh atá ach deineann san neamhní de dhá bhunfhíric nach féidir éalú uathu. Ar an gcéad dul síos, munar féidir leat bheith áirithe i measc trí fhoireann as ghrúpa de cheithre cinn a thiocfaidh slán trí na grúpaí cáilithe, ní fiú deoch uisce na n-ubh tú ar aon nós agus, dála an eas is an cholúir ag trasnú an ghleanna, beidh fonn ar an dá fhoireann a bheith dílis dá nádúir agus smál a fhágaint ar a chéile. Go maire an tréith sin go deo ionainn!
Cé bhuafaidh mar sin? Má ghlacaimid leis go mbeidh an dá fhoireann ar a gcroí díchill ag iarraidh an chraobh a bhuachtaint, tá foireann agus painéal níos fearr ag Gaillimh fé láthair. Bíonn Gaillimh luaite i ngach comhrá maidir le craobh na hÉireann i ndeireadh mhí Iúil agus níl Maigh Eo áirithe in aon chomhrá.
Tá cúiseanna maithe leis sin. Nuair a fhéachann tú timpeall ar lár a gharraí féin, tá fathaigh agus fir faire ag an nGaillimh agus an chuma ar an scéal ná fuil Maigh Eo ach ag paisteáil ar feadh na bliana san áit chéanna.
Nuair a bhuailfidh báideoir Mhaigh Eo, Colm Reape, an chaid ar an tí sara lascálann sé an chaid amach, chífidh sé i raon na súl aige leithéidí Chéin d’Arcy, Paul Conroy, John Maher, Cillian McDaid agus Matthew Tierney ag éirí aníos mar a bheadh crainn darach i measc na dtor.
Má bhogann Maigh Eo Aidan O’Shea amach in éineacht le Matthew Ruane agus Dylan Thornton (má thosnaíonn sé), beidh scóip éigin acu chun dul i ngleic lena míbhuntáiste fisiciúil ach cá bhfios dúinn gur ar na téarmaí seo a throidfear an cath in aon chor?
Tá luas thar na bearta ag cúigear de chúlaithe Mhaigh Eo (Stephen Coen an caonaí) agus bheadh Reape, agus a bhainisteoir Kevin McStay dá réir, faillíoch i mbun a gcúraim muna ndéanfaí iarracht an chaid thirim, an fód cruaidh agus fiántas dúchasach na muintire úsáid mar lón cogaidh.
Bunaithe ar gach aon chomharthaí sóirt, ar fhormhór na dtréithe a luafaí leis an dá fhoireann i dtús na Bealtaine agus ar chomparáid duine ar dhuine, fear ar fhear, ba cheart go mbeadh an ceathrú craobh as a chéile i ndán don nGaillimh. Ní mar sin a chímse é, áfach.
Is dóigh liom go bhfuil Maigh Eo teanntaithe, fáiscthe istigh i gcúinne. Bhíodar ann cheana agus sin é an uair is dainséaraí iad. Ná cuireadh sé iontas ort, ainneoin a bhfuil de shuaitheadh ag tarlúint ar chúl an stáitse, dá mbláthódh Maigh Eo ar uair an taispeántais ar a 4 a chlog.
Fág freagra ar 'Ná cuireadh sé iontas ort dá mbláthódh Maigh Eo'