Ball de Kneecap le tabhairt os comhair na cúirte i Sasana agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith

Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara ó Kneecap, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu

Ball de Kneecap le tabhairt os comhair na cúirte i Sasana agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith

Beidh ball den bhuíon rap Gaelach Kneecap os comhair na Cúirte in Westminster Shasana an mhí seo chugainn agus é cúisithe as cion sceimhlitheoireachta.

Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu.

Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.

Beidh Ó hAnnaidh os comhair chúirt dúiche Dé Céadaoin an 18 Meitheamh.

Cuireadh oifigigh aonad frithsceimhlitheoireachta phóilíní chathair Londan ar an eolas faoin eachtra nuair a cuireadh faoina mbráid i mí Aibreáin na bliana seo físeán ar líne de sheó Kneecap. Cuireadh fiosrúchán ar bun ansin.

Tá Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin ainm Liam O’Hanna.

Tá Kneecap, banna rap mór le rá a bhíonn ag rapáil i nGaeilge agus i mBéarla agus a raibh a scannán san iomaíocht d’ainmniúchán Oscar, sáinnithe i gconspóid faoi ráitis maidir le feisirí parlaiminte a líomhnaíodh a rinne siad agus iad ar stáitse agus maíodh gur léirigh an grúpa tacaíocht do Hamas agus Hezbollah ag seó eile.

Mhaígh Kneecap go raibh “histéire mhoráltachta” á cothú ag daoine faoi na ráitis a rinne siad ag ceolchoirmeacha agus go raibh sin á dhéanamh chun aird daoine a tharraingt óna seasamh ar son mhuintir na Palaistíne agus in aghaidh an chinedhíothaithe in Gaza.

“Ní hamháin go bhfuil an casadh san fhírinne seo áiféiseach – iarracht shoiléir atá ann an fíorphlé a chur ó mhaith. Tá Iosrael á ligean don dá mhilliún Palaistíneach atá in Gaza faoi láthair bás a fháil den ocras. Maraíodh ar a laghad 20,000 páiste in Gaza.

“Tá rialtas na Breataine fós ag soláthar airm d’Iosrael, in ainneoin gur thug na scórtha dochtúir de chuid an NHS rabhadh do Keir Starmer mí Lúnasa seo caite go raibh córas ann faoina bhfuil páistí á marú ag piléar sa cheann ó naoscairí.”

 

 

Fág freagra ar 'Ball de Kneecap le tabhairt os comhair na cúirte i Sasana agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith'

  • Jerry Walsh

    Is uafásach an rud é go gceapann rialtas na Breataine go bhfuil sé mídhleathach tacaíocht a léiriú do dhaoine atá ag fáil bháis den ocras. Níl gach duine sa Phalaistín ciontach. Ach maróidh Iosrael iad go léir má fhágtar gan bhia agus leigheas iad.

  • Aonghus Mac an tSaoir

    Aisteach go mbíonn gach cor agus casadh de scéal Kneecap á chlúdach ag Tuairisc.ie, ach nach ndearna sibh trácht ar bith ar an lánúin óg Iosraelach a dúnmharaíodh lasmuigh d’iarsmalann Ghiúdach i Meiriceá inné. Murab ionann agus Kneecap, tá fíorthionchar ag an dúnmharú seo ar chúrsaí. Léiriú é ar an méid a tharlaíonn nuair a bhíonn fuath agus naimhdeas á gcothú i leith na nIosraelach lá i ndiaidh lae. Dá mba rud é gur beirt taidhleoirí Pailistíneacha a maraíodh, an mbeadh sé á chlúdach ag an suíomh seo – gan dabht!

  • Sinéad

    Ní déanfaidh sé seo aon dochar do fear laidir iarthar béal feirste x clú agus cáil agus dóthain airgid mar toradh ar seo….