Tá éilithe ar an rialtas “a seacht ndícheall” a dhéanamh chun teacht ar eolas atá “imithe amú” ó mhórshuirbhé a rinne an stát ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge céad bliain ó shin.
Mar chuid den obair ag Coimisiún na Gaeltachta tugadh faoi shuirbhé a dhéanamh i 1925 ar líon na gcainteoirí dúchasacha sna contaetha ba láidre sa stát ó thaobh na Gaeilge de. Cé go bhfuil an tuarascáil dheireanach a d’fhoilsigh an Coimisiúin fós ar fáil, tá na tuairisceáin ar ar bunaíodh an taighde ar iarraidh.
D’fhógair an tAire Ealaíon, Cultúir agus Cumarsáide Patrick O’Donovan inné go bhfuil torthaí Dhaonáireamh 1926 le foilsiú ar líne an bhliain seo chugainn ach tá iarrtha ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go n-aimseodh an Rialtas na tuairisceáin ó shuirbhé Choimisiúin na Gaeltacht agus iad a chur ar fáil don phobal.
An Garda Síochána a bhailigh an t-eolas i 1925 ar líon na gcainteoirí Gaeilge in aon cheann déag de chontaetha in iarthar agus i ndeisceart na tíre – Dún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh, An Clár, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh, Tiobraid Árann, agus Port Láirge.
“Chuaigh Gardaí isteach i ngach baile agus sráidbhaile sna ceantair sin i rith na tréimhse corraithí tar éis an Chogaidh Chathartha agus bhreac siad nóta ar gach duine a raibh Gaeilge acu agus, aisteach go leor, líon na mbeithíoch agus na gcaorach a bhí acu, chun tacú leis an Roinn Talmhaíochta,” a deir Ó Snodaigh.
Tá na tuairisceáin a bailíodh imithe ar strae ó shin, áfach, agus gan tásc ná tuairisc orthu in ainneoin fhiosruithe Uí Shnodaigh.
“In ainneoin mo chuid ceisteanna ar Choimisinéir an Garda Síochána Drew Harris, ar an gCartlann Náisiúnta, agus ar roinnt airí rialtais, tá siad go léir ag rá nach bhfuil siad acu ina stórais chartlainne nó nár éirigh leo teacht orthu go fóill,” arsa Ó Snodaigh.
“Táim ag éileamh ar an Rialtas an meas céanna a léiriú do ‘Dhaonáireamh Gaeltachta 1925’ is atá á léiriú do Dhaonáireamh 1926, dul ag tochailt agus na tuairisceáin sin a aimsiú.”
Feardorcha Ó Raghallaigh
Cad faoi contaetha Lúghaí, An Cábhán, Muíneachán agus Liatroim ina raibh cainteoirí ó dúchais iontu sna 1920daí?
An tEisreachtach
‘Cré na Cille’ ina steille bheatha!