‘Scrios agus cos ar bolg’ – cáineadh déanta ar pholasaí rialtas na Breataine i leith teangacha dúchais

Deir lucht feachtais gur chóir do Keir Starmer ‘cothrom na Féinne’ a éileamh do theangacha na Breataine agus na hÉireann, seachas riachtanais Bhéarla níos déine a chur i bhfeidhm sa chóras inimirce

‘Scrios agus cos ar bolg’ – cáineadh déanta ar pholasaí rialtas na Breataine i leith teangacha dúchais

Deir Conradh na Gaeilge gur chóir do phríomhaire na Breataine, Keir Starmer, “cothrom na Féinne” a éileamh do theangacha na Breataine agus na hÉireann a bhfuil stádas oifigiúil acu seachas riachtanais Bhéarla níos déine a chur i bhfeidhm sa chóras inimirce sa Bhreatain.

Dúirt Starmer i ráiteas a scríobh sé ar na meáin shóisialta gur chóir go mbeadh labhairt an Bhéarla ag inimircigh chun na Breataine agus go raibh sé i gceist ag Rialtas na Breataine na riachtanais ó thaobh an Bhéarla “a ardú i ngach cainéal inimirce”.

“Má tá tú ag iarraidh a bheith i do chónaí sa Ríocht Aontaithe, ba cheart labhairt an Bhéarla a bheith agat. Luíonn sé sin le ciall. Mar sin, tá muid ag ardú riachtanais an Bhéarla i ngach príomhchainéal inimirce,” a dúirt sé.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge, atá an-ghníomhach i gcur chun cinn chearta teanga do chainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart, le Tuairisc go bhfuil drochtheist ar rialtas na Breataine maidir le ceisteanna teanga agus go bhfuil “neamhaird, scrios agus cos ar bolg” á imirt ag an rialtas céanna ar theangacha dúchais na Breataine agus na hÉireann.

Dúirt sé gur cheart do rialtas Westminster a n-aird a dhíriú ar na “freagrachtaí” atá orthu i dtaobh an ilteangachais agus na teangacha dúchais atá faoina chúram “a chur chun cinn i gcónaí”.

“Cuireann muid i gcuimhne do Rialtas na Breataine go bhfuil freagrachtaí orthu agus dualgais orthu maidir le conarthaí idirnáisiúnta agus reachtaíocht áitiúil chun ár dteangacha dúchasacha a chosaint agus a chur chun cinn i gcónaí, go háirithe tríd an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.

“Déanann Conradh na Gaeilge sin a dhéanamh i rith an ama le pobail úra anseo in Éirinn fríd an scéim luachmhar atá againn, Céad Míle Fáilte,” a dúirt sé.

Is scéim de chuid Chonradh na Gaeilge é Céad Míle Fáilte a seoladh an samhradh seo caite “chun pobail úra agus an Ghaeilge a nascadh le chéile”. Cuirtear ranganna agus imeachtaí sóisialta Gaeilge ar fáil do dhaoine atá tagtha thar sáile go hÉirinn in iarracht luach na teanga a léiriú dóibh agus an deis a thabhairt dóibh í a labhairt agus meascadh le pobal na Gaeilge.

Ní hiad Conradh na Gaeilge amháin a cháin caint an phríomhaire go géar. Dúirt an Feisire Parlaiminte do Coventry South, Zarah Sultana, gur aithris ar an óráid cháiliúil a thug Enoch Powell uaidh in Birmingham i 1968 inar thagair sé do líne ón Aeneid le Virgil faoi abhainn na Tibire a bheith ina cúr fola – óráid a mheall tacaíocht mhór ó chinígh agus lucht tacaíochta na heite deise sa Bhreatain.

Chuir Zack Polanski, ball den Chomhaontas Glas sa Bhreatain, an óráid a thug Powell uaidh i gcomparáid le caint Starmer freisin.

Fág freagra ar '‘Scrios agus cos ar bolg’ – cáineadh déanta ar pholasaí rialtas na Breataine i leith teangacha dúchais'

  • An Teanga Bheo

    Ach an bhfuil Brexit ag cuir athrú ar Theanga na TÍRE seo ” ár dteanga san EU”