Fágann muinín nua na nDéiseach nach bhfuil siad gan seans i gcoinne Luimnigh 

Níl ach an t-aon chluiche amháin ann i gcraobhacha iomána na gcúigí an deireadh seachtaine seo agus deis ag na foirne eile obair a dhéanamh ar na heasnaimh a léirigh siad sa chéad chúpla babhta

Fágann muinín nua na nDéiseach nach bhfuil siad gan seans i gcoinne Luimnigh 

Tá an lasair sa bharrach i gcúige Mumhan i ndiaidh bhua Phort Láirge ar an gClár an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí an-bhua ag na Déisigh. Níor cheapas go raibh an taispeántas sin iontu. Ach is cinnte go bhfuil siad san iomaíocht anois chun teacht amach as an ngrúpa. Thug Port Láirge taispeántas foirne iontach ach sheas Jamie Barron, Stephen Bennett, Conor Prunty agus Mark Fitzgerald amach domsa.

Mar a tharlaíonn sé, níl ach cluiche amháin ar siúl i gcraobhchomórtas Chorn Mhic Cárthaigh an deireadh seachtaine seo agus é sin i bPáirc an Bhreathnaigh arís um thráthnóna. Tiocfaidh Luimneach ar cuairt i ndiaidh briseadh coicíse a bheith acu agus is cinnte go mbeidh siad níos fearr an uair seo ná mar a bhíodar i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta. Tá painéal láidir acu agus cúpla duine de na seanfhondúirí fós le filleadh. Is dócha go bhfeicfimid William O’Donoghue i lár an ghoirt an uair seo.

Caithfidh go bhfuil an mhuinín ard i measc leaids na nDéise. Beidh cath anseo agus seans réasúnta acu sa bhaile.

Ag fanacht sa Mhumhain, bhíos suite an-ghar don taobhlíne i bPáirc Uí Chaoimh an Domhnach seo caite, tuairim is daichead slat amach ó chúl thaobh na cathrach.

Amach romham a bhí cuid mhaith den scliúchas a tharla nuair a bhí an réiteoir Johnny Murphy ar tí an sliotar a chaitheamh isteach do thús an chluiche. Bhí iompar imreoirí Thiobraid Árann seafóideach, gránna agus ní raibh gá ar bith leis.

Bhí eachtraí cosúil leis againn i bPáirc an Bhreathnaigh, i bPáirc Parnell agus i bPáirc Uí Chonchúir freisin. An tseachtain seo caite, luaigh mé go raibh ‘handbags’ ann sa chluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann agus go raibh súil agam gur eachtra aon uaire a bhí ann. Ach is léir anois go raibh iompar imreoirí Thiobraid Árann Dé Domhnaigh réamhphleanáilte agus réamhchinntithe, bíodh sin ag na himreoirí féin nó ag an mbainistíocht. Níor chóir go mbeadh aon áit dá leithéid sa chluiche.

I gcúige Laighean, tá an Ghaillimh ar ais ar an mbóthar ceart agus bua acu ar Uíbh Fhailí an Satharn seo caite ach de réir tuairiscí, ní raibh an taispeántas iontach.

An cheist ollmhór i measc leantóirí na gGaillimhe fós ná an bhfuil imreoirí sách maith acu? As an bhfoireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann in 2018 le pointe amháin, níor thosaigh ach triúr in aghaidh Chill Chainnigh sa chéad bhabhta i mbliana. Ochtar a thosaigh an cluiche sin do Luimneach in 2018 a thosaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Tá athrú mór go leor ann. Ach an bhfuil an tallann ann? Níl craobh Laighean buaite acu le sé bliana anuas. Sna sé chluiche dheireanacha acu i gcoinne Chill Chainnigh, chaill Gaillimh trí cinn, chríochnaigh dhá chluiche ar comhscór, agus bhuaigh siad ceann amháin. Fós féin, ba chluichí aon scór a bhí i gceist i bpéire de na buanna sin ag Cill Chainnigh.

Bhí dáréag as an bpainéal a d’imir i gcoinne Luimnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2022 ar an bpáirc i bPáirc Uí Nualláin. Seans nach bhfuil an fhoireann a roghnaigh Micheál Donoghue an lá sin in ann Craobh na hÉireann a bhuachan ach tá siad in ann i bhfad níos fearr a dhéanamh ná mar a léirigh siad an deireadh seachtaine sin in aghaidh na gCat nó, fiú amháin i gcoinne Uíbh Fhailí. Bhí an t-iarbhainisteoir Henry Shefflin agus an laoch Joe Canning ar aon fhocal ar an Sunday Game le déanaí gur easpa féinmhuiníne an príomh-easnamh atá ar an ghrúpa imreoirí seo.

Anuas air sin, déarfainn nach dtuigeann na tosaithe conas oibriú i gceart mar aonad. Tá comhoibriú thar a bheith tábhachtach sa chluiche comhaimseartha seo agus ní dóigh liom go bhfuil tosaithe na Gaillimhe oilte, sásta nó ábalta feidhmiú mar aonad.

Sa chluiche eile i gcúige Laighean an tseachtain seo caite bhí an-bhua ag Áth Cliath ar Loch Garman. Tá an-bhrú orthu anois agus iad ag taisteal go Gaillimh an deireadh seachtaine seo chugainn.

...

Dé Sathairn, 3 Bealtaine

Craobh Iomána na Mumhan

Port Láirge v Luimneach – Páirc an Bhreathnaigh, 18:00 (Beo ar GAA+)/

...

 

Fág freagra ar 'Fágann muinín nua na nDéiseach nach bhfuil siad gan seans i gcoinne Luimnigh '