Tá an lasair fós sa bharrach i gcúige Mumhan agus Luimneach, cinnte, ar ais sa rás agus ar ais go láidir.
Bhí cuma na maitheasa orthu i gcoinne Phort Láirge agus feabhas le feiscint ón gcéad cluiche acu i gcoinne Thiobraid Árann. Bhí tionchar Nicky Quaid le feiscint go minic sa chluiche. Agus a leithéid d’obair agus scil a léirigh an captaen Cian Lynch, agus é suas síos na páirce don chluiche ar fad. Sin gan trácht ar an gcomhoibriú agus fuinneamh a bhí le feiceáil ar fud na foirne.
Tá seachtain eile ag fir Luimnigh sara dtagann Corcaigh chucu agus seans go mbeidh foireann níos fearr fós ar an bpáirc acu an lá sin.
Maidir le Port Láirge, bhuel, ní fhéadfá a rá nach rabhadar go maith sa chluiche sin. Tá siad ag imirt le spiorad agus fuinneamh agus tabharfaidh siad dúshlán Thiobraid Árann agus Corcaigh sa dá chluiche atá fágtha acu. Bhí sé an-dhian orthu bheith amuigh ag imirt sé lá tar éis an bhua a bhí acu i gcoinne an Chláir.
Tá na Cláirínigh ag dul chun páirce tráthnóna agus cluiche thar a bheith tábhachtach aci i bPáirc Uí Chíosóig in aghaidh Thiobraid Árann.
Níl ach aon phointe amháin ag an dá fhoireann go dtí seo, cé go bhféadfadh na pointí sin a bheith thar a bheith tábhachtach go fóill.
Tá na Tiobraid Árannaigh ag teacht isteach sa chluiche seo díreach mar a tháinig siad isteach i gcoinne Luimnigh sa chéad chluiche craoibhe agus coicís caite ó fuair siad greadadh ó Chorcaigh.
Thugadar an-taispeántas in aghaidh Luimnigh i ndiaidh an chliseadh sin i gcluiche ceannais na sraithe agus beidh siad ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh inniu. Ceist eile í an féidir leo sin a dhéanamh, áfach.
Tuigeann an dá champa gur anois nó riamh dóibh. Tá sé deacair ar fhoirne teacht go hInis agus buachaint. Tá an fhoireann bhaile mar rogha na coitiantachta agus ba cheart go mbuafaidís ach ní bheinn an-chinnte faoi.
I gcúige Laighean, beidh trí cluiche um thráthnóna. Sa chéad cheann, tá Loch Garman ag taisteal go Staid an Phiarsaigh agus an dá chontae ar dhá pointe.
Tá sé fós deacair a rá cé hiad an dá fhoireann eile a thiocfaidh as an cúige in éineacht le Cill Chainnigh. Tá an cluiche seo sa Ghaillimh thar a bheith tábhachtach don dá chontae. Cé gur bhuaigh leaids na Gaillimhe ar Uíbh Fháilí sa chluiche deireanach, ní dóigh liom go rabhadar sásta leis an taispeántas ina iomlánie.
Ar an taobh eile, cé gur scóráil Loch Garman 4-19 i gcoinne Átha Cliath cúpla seachtain ó shin, chailleadar an cluiche sin.
Déarfainn, mar sin, go bhfuil an dá fhoireann ag teacht isteach sa chluiche seo leis an meon céanna. Tá taispeántais foirne ag teastáil ón da fhoireann. Tá an fhoireann bhaile mar rogha láidir ach b’fhéidir go bhfuil an iomad brú ar Chathal Mannion an chuid is mó den scóráil a dhéanamh, díreach mar atá ar Lee Chin le Loch Garman.
Beidh Áth Cliath ag dul go Aontroim agus iad ar bharr an tábla in éineacht le Cill Chainnigh. Ag an bpointe seo, mheasfá go bhfuil súil acu ar áit i gcluiche ceannais an chúige acu agus má bhuann siad um thráthnóna beidh gach seans acu.
É sin ráite tá Gaillimh agus Cill Chainnigh fós le n-imirt acu. Bhí beagán den ádh orthu sa dá chluiche deireanach ach bíonn cuid den ádh ag teastáil ó gach fhoireann. Ba cheart go mbeidís ró-láidir d’Aontroim inniu.
Sa chluiche deireanach sa chúige beidh Uíbh Fhailí ag dul go Páirc Uí Nualláin. Tá na Cait ag feabhsú agus Derek Lyng agus a mheitheal bainistíochta sásta go leor go bhfuil foireann acu atá cumasach agus ábalta dos na foirne a thiocfaidh amach as cúige Mumhan. Tógfaidh sé bliain nó dhó eile sara mbeidh Uíbh Fhailí iomaíoch ag an leibhéal seo ach is cinnte go bhfuil an tallann acu.
Craobh Iomána Laighean
Gaillimh v Loch Garman – Staid an Phiarsaigh, 15:15 (Beo ar RTÉ̇)
Aontroim v Áth Cliath – Páirc Uí Chorragáin, 16:00 (Beo ar GAA+)
Cill Chainnigh v Uíbh Fhailí – Páirc Uí Nualláin, 18:00
Craobh Iomána na Mumhan
An Clár v Tiobraid Árann – Páirc Uí Chíosóig, 18:00 (Beo ar GAA+)
Steve
Cén fáth ar fágadh an cluiche seo in áit na leithphingne ar Spórt an tSathairn?
Bhí tús áite ag Dún na nGall agus Ard Mhacha, agus glacaim leis sin, ach trácht ar bith níor chuala muid ar na camáin ó dheas.
Rinneadh tagairtí go leor don chluiche iontach(!) Laighean v Zebre (75-7)? agus fuair muid an Nuacht agus go leor leor fógraí seafóideacha (Mallacht Dé orthu!) ach bheadh sé fánach agat aon scéala a fháil ó Inis.
Bhfuil rún acu a gcuid éisteoirí a chur ó dhoras?
Chas mé air RteRadio 1 ansin. Bhí cluiche iontach maith ann, grma Rte Raidio1.