Bímid ag breathnú ar na pictiúir is uafásaí ar na meáin chuile lá agus chuile oíche: leonú agus marú daoine, páistí beaga, leanaí.
Féach an liobar caol sa bhraillín bán, smeartha le fuil, crochta ar lámha an athar. Tá buachaill beag ina shuí ina aonar ar chloch, fuil ar a chlár éadain, gach foirgneamh timpeall air ina smionagar. Seo radharcanna laethúla a shíleamar nach bhfeicfeadh muid lenár mbeo. Fir, mná, agus páistí, leanaí óga, déagóirí, seandaoine; teaghlaigh iomlána.
Anois tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Amhail is nár leor íomhánna scanrúla an mharaithe agus an leonta agus na dtithe scriosta, seo chugainn anois boilg ata agus géaga agus spanlaí cnaíte na ngasúr.
Rialtas Iosrael atá ciontach.
Cén chaoi ar féidir ligean leis? Tá na glórtha is airde ardaithe ina aghaidh: na Náisiúin Aontaithe, eagraíochtaí iomadúla carthanachta, an tUachtarán agus an Rialtas seo againn féin agus rialtais eile san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá fiú an chúirt is airde ar an bpláinéad tar éis rialú ina choinne. In Iosrael féin tá daoine ag léirsiú in aghaidh ‘an chogaidh’ – nach cogadh é ach sléacht na neamhchiontach – agus tromlach na ndaoine ann, is cosúil, i gcoinne pholasaí díothaithe Netanyahu.
Nil éifeacht dá laghad le haon chuid de.
Glacaimid seasamh ina aghaidh – fáth amháin a bhfuil an t-alt beag seo á scríobh agam – ach an dtig linn níos mó a dhéanamh? Ní luaithe an cheist curtha agam ná táim i gcruachás morálta. Mhol an dochtúir dom táibléidí a thógáil in aghaidh colaistéaróil. Comhlacht mór Iosraelach a dhéanann iad, ‘Teva’. Tá siad lonnaithe san Ísiltír agus in áiteanna eile ar fud an domhain. Mar gheall ar a pholasaí i leith na Palaistíne, ní cheannaím aon rud a dhéantar in Iosrael de ghnáth.
Cinnte dearfa ní ceart éirí as leigheas a bhfuil do shláinte ag brath air. An ceart dom iarraidh ar an dochtúir an t-oideas a athrú?
Ní le leigheas amháin a bhaineann an cheist. Liosta le háireamh na comhlachtaí atá ar an suíomh baghcait, comhlachtaí aitheanta idirnáisiúnta ina measc. Tá déantóirí an ríomhaire seo ar an liosta. Agus déantóiri cáiliúla galúnaí, deochanna boga, scannán, agus áiseanna móra idirlín agus idirghabhála a gcloisimid a n-ainmneacha gach lá den tseachain.
Cá seasaim ina leith sin?
Risteárd
Tá súil agam go mbeidh Liam ag déanamh baghchait ar an ola a fhaighimid ón Asarbaiseáin freisin (iompórtálacha dar luach thart ar €400 milliún gach bliain go hÉirinn). Seachnaím féin an t-iompar poiblí agus ní cheannaím breosla do mo ghluaisteán mar go bhfuil baol rómhór ann anois gurb í an Asarbaiseáin foinse na hola a dhíoltar sna stáisiúin peitril.
Tá reitric fhuathúil ag teacht ó na leibhéil is airde de rialtas na hAsarbaiseáine, agus glanadh eitneach déanta acu ar Nagorno-Karabakh, áit ónar theith os cionn 100,000 sibhialtach toisc go raibh an t-arm Asarbaiseánach tar éis a soláthar bia agus cúnamh daonnachtúil a ghearradh. Is é a thug an tUachtarán Aliyev ar Airméanaigh eitneacha ná ‘barbáirigh agus loitiméirí’ atá ionfhabhtaithe le ‘víreas’ is ‘gá a chóireáil’. Thug ball eile den rialtas (Elnur Aslanov) ‘galar ailseach’ ar an Airméin.
Maidir le babhchat na gcógas leighis ó Iosrael, tagaim le Liam gur cheart na táirgí Iosraelacha a sheachaint. Mhol an dochtúir Copaxone dom ach fuair mé amach gur in Iosrael amháin a tháirgtear é (is féidir é a fháil ó India freisin ach níl an cháilíocht chéanna i gceist). Mar sin, seans go mbeidh mo shláinte thíos leis ach is cuma faoi mo shláinte féin nuair atá na mílte ag fáil báis den ocras lá i ndiaidh lae. D’fhoghlaim mé sa rang OSSP ar scoil gur féidir leis an duine aonair an-difear a dhéanamh sa deireadh. Curimis i gcoinne an chinedhíothaithe!
Táimse sásta glacadh le roinnt teifeach ó Gaza. Ba cheart dúinn go léir beart a dhéanamh de réir ár mbriathar agus glacadh leo inár dtithe féin, go dtí go mbeidh Gaza atógtha ar aon nós agus síocháin cheart ann.
Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael – mura dtugaimid tearmann do na Palaistínigh, leanfaidh na hIosraelaigh ag déanamh scrios orthu go dtí nach mbeidh mórán Palaistíneach fágtha. Cad is fiú dúinne a bheith ag déanamh agóidíochta ar son na Palaistíne mura bhfuilimid sásta lámh chúnta a thabhairt dóibh in am an ghátair agus babhchat a dhéanamh ar tháirgí a thagann ó Iosrael?
Carraig
‘go dtí go mbeidh Gaza atógtha’, is saonta (nó is searbhasach) an duine adéarfadh.
Cuirfear fáilte ‘abhaile’ rómpu ansin, sé sin le rá, má bhíonn aon duine dá gcine beo fós?
Nó an bhfuil siad chun gach uile Phalaistíneach a mharú, 2.6 milliún i nGaza amháin?
Lebensunwertes arís eile?
Colm
Tá roghanna eile ar fáil maidir le cuid mhaith de chógais Teva, ach iad a lorg ó do phoitigéir nó do dhochtúir (agus gan do shláinte a chur i mbaol, gan amhras). Ba cheart go mbeidís lánsásta an t-athrú a dhéanamh. Tá a thuilleadh eolais ar shuíomh bdsmovement.net maidir leis an gcaoi ar féidir táirgí Iosraelacha a bhaghcatáil.
alan titley
Alt cumhachtach álainn ar ábhar barbartha gránna. Cad is féidir a dhéanamh? N’fheadar aon duine againn sa cheart. Ach faoi bhun dul chun cogaidh, is ea, baghchat, caint, scríobh, screadach, liú, tathant, guí, siúl, vótáil agus gan ligean don chruas dul faoin gcroí.