Grian agus triomach atá á ghealladh dúinn le tús an lae inniu cé go mbeidh corrscamall ag máinneáil thart.
Ach tá athrú ar an mbealach luath sa lá agus ceathanna faoinár ndéin, cuid acu trom is ag fágáil fuarlaigh in áiteanna. D’fhéadfadh stoirm thoirní a bheith anseo is ansiúd. Scaipfidh na scamaill aniar aneas san iarnóin agus beidh brádáin bháistí is ceobhrán i gcúige Mumhan leis an tráthnóna. Idir 16 agus 20 céim Celsius is teo a bheidh sé agus leoithne aneas chugainn ach d’fhéadfadh sí a bheith luaineach.
Cé go bhfuil múraíl throm á tuar i dtús na seachtaine tá an chuma air go mbeidh an aimsir thirim ghrianmhar ar ais faoi lár na seachtaine go dtí an deireadh seachtaine nuair a bheidh sí athraitheach agus measctha arís.
Lá tirim gréine atá á ghealladh dúinn amárach agus an chosúlacht air go mbeidh salachar báistí is ceobhrán an lae inniu i gCúige Mumhan glanta ach d’fhéadfadh corrmhúr fánach a bheith i gcontaetha an deiscirt.
Idir 18 agus 22 céim Celsius is teo a bheidh an lá amárach ach é beagán níos fuaire i dtuaisceart Uladh mar a mbeidh sé idir 14 agus 16 céim a bhuíochas don leoithne aduaidh-aniar aduaidh, a mbeidh ropadh maith léi leis an gcósta sa taobh ó thuaidh agus sa taobh thiar den tír.
Lá tirim eile atá á thuar Déardaoin, grian is scamaill ag uainíocht ar a chéile ach corrmhúr éadrom ag faire freisin. Beidh sé níos friseáilte, idir 14 agua 16 céim Celsius, sa taobh ó thuaidh, sa taobh thiar agus le cósta chúige Laighean ag an ngaoth éadrom nó mheasartha ach beidh sé idir 17 agus 21 céim sa gcuid eile den tír.
Is í scil lucht na haimsire faoi láthair gur lá tirim is scaití gréine den chuid is mó a bheidh in oirthear na tíre Dé hAoine ach go n-éireoidh sé scamallach amach sa lá. Aoine scamallach atá á thuar d’iarthar tíre agus an bháisteach ag seoladh léi isteach ón Atlantach amach sa lá. Beidh an teocht idir 14 agus 18 céim agus leoithne éadrom nó mheasartha chugainn.
Measctha agus athraitheach a bheidh sé ag an deireadh seachtaine. Beidh tamallacha gréine agus ráigeanna báistí is ceathanna againn.
Beidh sé grianmhar geal scaití freisin. Táthar ag tuar go mbeidh an teocht is nádúrtha don tír seo ag an tráth seo bliana ar ais chugainn.
Fág freagra ar 'An aimsir thirim ghrianmhar ar ais faoi lár na seachtaine go dtí an deireadh seachtaine'