‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?

Thug na teileavótóirí sa tríú cuid de thíortha na hEorpa an scór is airde d’iarracht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse, beag beann ar an sléacht in Gaza…

‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?

Ba bheag nach raibh an bua ag Iosrael i gComórtas na hEoraifíse in Basel na hEilvéise Dé Sathairn; ag an Ostair a bhí an lámh in uachtar ach tháinig Iosrael sa dara háit.

Spéisiúil, má chuireann tú san áireamh gur amhrán chomh leamh agus a chuala tú riamh a bhí in New Day Will Rise le Yuval Raphael, gur comórtas dea-ghnaoi agus dea-thola a bhíonn san Eoraifís chomh maith le comórtas ceoil, agus gur ag géarú ar na hionsaithe ar Gaza atá rialtas Iosrael le seachtain nó dhó anuas.

Mar sin féin, fuair Iosrael vóta comhbhá níos airde fós ná mar a fuair an Úcráin féin.

Go deimhin, sna torthaí teileavótala (an chuid sin den scór is mó a mbíonn tionchar ag na mothúcháin seachas ag tuiscint ar chúrsaí ceoil uirthi) fuair Iosrael douze points ó 13 thír – is ionann sin agus nach mór an tríú cuid de na tíortha a bhí i dteideal vóta pobail a chaitheamh.

Seo iad: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bhreatain, an Spáinn, an Ísiltír, an Bheilg, an Phortaingéil, an tSualainn, an Eilvéis, Lucsamburg, an Asarbaiseáin, an Astráil, agus ‘An Domhan’ (sin gach tír ar domhan seachas na tíortha a ghlac páirt sa chomórtas iad féin curtha le chéile.)

San Asarbaiseáin, thug an pobal agus na moltóirí oifigiúla araon 12 phointe d’Iosrael, agus ní cúis mhearbhaill go dtí é, óir is Moslamaigh (Siacha) 93 faoin gcéad de mhuintir na hAsarbaiseáine.

Cúis iontais eile ná gur thug muintir na hÉireann dix points, 10 bpointe, d’Iosrael – agus é sin i ndiaidh na léirsithe ar fad ar son mhuintir Gaza. Thug moltóirí oifigiúla na hÉireann seacht bpointe d’Iosrael.

Nílim ag maíomh nach raibh vóta comhbhá tuillte ag an iarrthóir Iosraelach, Yuval Raphael, go pearsanta: bhí sí i measc na ndaoine a tháinig slán nuair a mharaigh Hamas 378 duine in ionsaí sceimhlitheoireachta ar fhéile cheoil ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Gan dabht, míorúilt a bhí ann gur mhair Raphael tríd an eachtra sin agus gur éirigh léi páirt a ghlacadh sa chomórtas i ndiaidh gach ar mhair sí tríd. Ach míorúilt de chineál eile a bhí ann gur thug teileavótóirí ó cheann ceann na hEorpa oiread tacaíochta do thír a gcuirtear cinedhíothú ina leith ar bhonn laethúil.

An é go gcuireann na léirsithe ar fad ar son Gaza, na bratacha Palaistíneacha ar foluain ó fhuinneoga agus na greamaitheoirí frith-Iosraelacha ar na cuaillí solais an dallamullóg orainn, agus an é nach bhfuil sa sciar sin de mhuintir na hEorpa a sheasann le muintir Gaza ach mionlach iontach feiceálach?

Agus an é, mar sin, go bhfuil a mhalairt ghlan de dhearcadh ar chúrsaí an Mheánoirthir ag an móramh?

Nó cá bhfios nach bhfuil teileavóta na hEoraifíse ionadaíoch ar thuairimí na nEorpach ar chor ar bith? An amhlaidh, b’fhéidir, gur daoine de mhionlach eile, an pobal LADT+, is mó a ghlacann páirt sa vótáil sin agus gur bealach, dá shuaraí agus dá chiníche féin, a bhí acusan sa douze points d’Iosrael chun a míshuaimhneas a léiriú faoin bhfuath frith-LADT+ a shamhlaítear leis na pobail éagsúla Mhoslamacha san Eoraip go minic – dearcadh, faraor, nach bhfuil go hiomlán gan bhunús?

Nó an bhféadfadh sé go bhfuil an ceart ag craoltóir náisiúnta na Spáinne, RTVE, a mhaíonn gur ‘earcaigh’ Iosrael teileavótóirí agus gurbh é sin ba chúis le vóta pobail chomh mór millteach sin ag an tír?

Más amhlaidh gurbh é sin a tharla – tá tús curtha le fiosrúchán ag RTVE – beidh cúis eile ann cead a dhiúltú d’Iosrael páirt a ghlacadh sa chomórtas an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?'

  • Aonguhs Mac an tSaoir

    Cúis eile a d’fhéadfadh a bheith leis ná go bhfuil go leor den ghnáthphobal bréan de na léirsithe agus den gheáitsíocht ar son na Palaistíne agus gur deis atá san Eoraifís ‘an dá mhéar’ a thaispeáint do na gníomhaithe ar son na Palaistíne. Seans go bhfuil an gnáthphobal bréan de líomhaintí go bhfuil siad ‘ag tacú le cinedhíothú’ díreach toisc nach bhfuil tuairimí láidre acu ar an gcoimhlint nó go ndeir siad go mbíonn dhá insint ar gach scéal.

  • an cantalóir is measa riamh

    Níl aon rud tuillte ag Yuval Raphael seachas náire. Is bolscaire í, agus tá sí ag scaipeadh bolscaireacht ar son cinedhíothú.

  • WTF

    In aon fhocal amháin: Mossad.

  • Seán Ó Riain

    Bhris RTVE féin na rialacha nuair a sheoladar mana polaitiúil isteach i gcomórtas amhrán – b’fhéidir gurb iadsan ba cheart a chur amach as an gcomórtas? Bhí amhrán Yuval Raphael go hálainn ceolmhar, agus thuill sí gach pointe a fuair sí. Chan sí faoi dhóchas, grá agus athmhuintearas, d’ainneoin an méid a d’fhulaing sí féin in aois a 22, agus chan sí i dtrí theanga.

  • Art

    Art.
    1. Cead ag daoine suas le 20 vóta a chaitheamh – duais do mhionlach ar bith ag iarraidh an toradh a ionramháil.
    2. Vótaí daoine nár theastaigh uatha tacú le hIosrael roinnte idir 25 amhrán.
    3. Na daoine is mó atá ar buille faoi Gaza bhí siad ag deanamh baghcatt ar an Eurofís ar aon nós mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael.
    Deacair a chreidiúnt nach raibh co-ordnú éigin i gceist leis, ach seans nár briseadh na rialacha per se, agus gurbh iad na rialacha, go háirithe an cead 20 vóta a chaitheamh, atá lochtach.