Airgead láidir i gConamara Theas ach tá thiar ar an áit thiar

Léiríonn staitisticí ioncaim na bearnaí móra idir an ceantar ó dheas agus an ceantar ó thuaidh i gConamara

Airgead láidir i gConamara Theas ach tá thiar ar an áit thiar

Bhí sé de cháil ar ‘Chailleach an Airgid’ san amhrán go gcuirfeadh sí ‘cóistí ar bhóithre Chois Fharraige’.

Tá an ‘chailleach’ imithe as caint an lae inniu, ach chaithfeadh go bhfuil a scáil, nó a macasamhail, beo fós ar na bóithre soir i dtreo chathair na Gaillimhe. Níl cur síos ná inseacht scéil ar an mborradh atá faoin gceantar as Leitir Mealláin isteach chomh fada le teorainn na cathrach – seo é ceantar toghcháin Chonamara Theas – ó thaobh airgid de. A chonách sin orthu!

Ach céard faoin roinnt atá ar an gciste, agus céard atá le tuiscint as an gcuntas is deireanaí ar an ioncam, agus bealaí saothraithe airgid ó Charna go Bearna, agus ó Cheann Léime soir go Cill Aithnín (ceantar toghcháin Chonamara Thuaidh)?

Ní gá – agus ní móide – go dtagann na toghcheantair le limistéar Chonamara mar a tuigeadh é in imeacht na mblianta. Ach coinnítear leis na toghcheantair sa gcuntas seo ó lucht na bhfigiúirí.

Thoir atá an t-airgead téagartha. Bhí méadú de bheagnach 30% ar an deisiúlacht nó an t-airgead i gceantar Bhearna sna sé bliana idir 2016 agus 2022 de réir staitisticí atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Beagán le cois €90,000, ar an meán, an teacht isteach in aghaidh na bliana, atá ag líonta tí i mBearna anois. Fágann seo go bhfuil Bearna ar an gceantar is deisiúla, go mór fada, in iarthar na Gaillimhe.

Cuirtear Maigh Cuilinn san áireamh freisin i dtoghcheantar Chonamara Theas, sé an baile is gaire do Bhearna é ó taobh teacht isteach bliantúil agus tá €72,000, ar an meán, ag líonta tí sa gceantar sin.

Ach má théann muid 50 ciliméadar eile siar an bóthar go Ceantar na nOileán, athraíonn an scéal agus an teacht isteach.

€37,791 an meánioncam bliantúil atá ag líonta tí i gceantar Gharmna agus €38,853 atá ag líonta tí i Leitir Móir. Méadaíonn an teacht isteach sin i dtoghroinn an Chrompáin go dtí €45,549 ar an meán in aghaidh na bliana. Tá an Cheathrú Rua sa gcomhaireamh sa toghroinn sin. Leanann an t-ardú an bóthar soir agus tá €63,000 d’ioncam, ar an meán, ag líonta tí sa Spidéal. Ardaíonn an teacht isteach go dtí €68,000 sna Forbacha agus ansin, an léim mhór, go €90,000 i mBearna.

Ar an taobh ó thuaidh de Chonamara – é seo bunaithe ar limistéar toghcheantair Chonamara Thuaidh – cuid an bheagáin a thiteann le ceantair ar nós Chloch na Rón agus an Cladach Dubh. Níl mórán le cois €30,000 d’ioncam ar an meán atá ag líonta tí sna ceantair sin ar imeall thiar Chonamara, cuid de na ceantair is áille in Éirinn de réir lucht irisí taistil. €37,000, ar an meán, an teacht isteach atá i gCarna, Cill Chiaráin agus Ros Muc, cé go bhfuil €46,000 tugtha síos do Chamas. €41,000 atá ó thuaidh sa gClochán rud a chuirfeadh roinnt iontais ar dhaoine. Ach caithfear a chur san áireamh go bhfuil go hard ós cionn 100 teach Comhairle Contae ar an mbaile freisin, rud a thugann cothromaíocht nach mbeifí ag súil don teacht isteach.

Ag treabhadh soir thrí thoghcheantar Chonamara Thuaidh ardaíonn na suimeanna i gceantar Dhúiche Sheoigheach. €50,117 an teacht isteach bliantúil in aghaidh an tí – ar an meán – atá i gceantar an Mháma agus tá €50,000 in aghaidh na bliana ag tithe i mBun na gCnoc, agus sna ceantair mháguaird.

Tá teacht isteach bliantúil de €44,000 in aghaidh an tí i gCorr na Móna, agus soir i dtreo na Fáirche agus Chonga Fheichín.

€54,000 atá acu in Uachtar Ard ach arís, ní mór a chur san áireamh go bhfuil na scórtha tithe sóisialta a thóg an Chomhairle Contae ar an mbaile sin, rud a laghdódh an meánfhigiúr. Ag imeall thoir Chonamara Thuaidh atá Cill Aithnín agus a éileacht air; €62,000 in aghaidh an tí atá acu ansin, an ceantar is fearr as sa toghcheantar.

Léiríonn flúirse staitisticí eile na bearnaí móra idir an toghcheantar ó dheas agus an toghcheantar ó thuaidh i gConamara. Mar shampla, tá idir €100,000 agus €200,000 sa mbliain d’ioncam ag 20% de líonta tí Chonamara Theas anois – sin é an toghcheantar Comhairle Contae a shíneann as Leitir Mealláin soir go Bearna agus tá Maigh Cuilinn agus Oileáin Árann san áireamh.

Agus tá ioncaim le cois €200,000 sa mbliain ag 5% de líonta tí cheantair Chonamara Theas.

13.8% de líonta tí Chonamara Theas atá taobh le ihoncam faoi bhun scór míle euro sa mbliain. Cé nach bhfuil staitisticí againn a thaispeánfadh cá bhfuil na daoine sin lonnaithe, is dóigh ná a mhalairt go bhfuil go leor acu sa gcuid thiar den toghcheantar.

Agus sin é scéal na bhfigiúirí seo – tá na pobail atá gar do Ghaillimh i bhfad Éireann níos deisiúla ná na pobail atá ar chósta thiar Chonamara. Pobail láidre Ghaeltachta cuid mhaith de na pobail atá ar gcúl – Ceantar na nOileán, Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna. Cé go bhfuil ceantar na Ceathrún Rua ruainne níos treise, tá, ina dhiaidh sin féin, tá ceantar Bhearna faoi dhó chomh laidir sa sparán.

‘Go West, young man’, a d’abraítí i Meiriceá. Ach is cosúil gur thoir atá an chreach i gConamara. Mar is cosúil go bhfuil ‘cailleach an airgid’ gaibhte soir thar “bhóithre Chois Fharraige”, agus í socraithe síos i gceantar Bhearna.

Fág freagra ar 'Airgead láidir i gConamara Theas ach tá thiar ar an áit thiar'