Schmidt ag éirí as tar éis Chorn an Domhain agus Farrell roghnaithe mar a chomharba

Is buille mór don IRFU é cinneadh an Nua-Shéalannaigh agus níos mó buaite ag foireann na hÉireann faoi cheannas Joe Schmidt ná mar atá buaite acu faoi aon duine eile

Schmidt ag éirí as tar éis Chorn an Domhain agus Farrell roghnaithe mar a chomharba

Tá cinneadh déanta ag príomhchóitseálaí rugbaí na hÉireann Joe Schmidt éirí as a phost nuair a thiocfaidh deireadh lena chonradh tar éis Chorn an Domhain 2019 sa tSeapáin.

Is buille mór don IRFU é cinneadh an Nua-Shéalannaigh a bhfuil níos mó buaite ag foireann na hÉireann faoina cheannas ná mar atá buaite acu faoi aon duine eile.

D’fhógair an IRFU inniu chomh maith gurb é cóitseálaí cosanta na hÉireann Andy Farrell a thiocfaidh i gcomharbacht ar Schmidt mar bhainisteoir na foirne. Dúirt Farrell gur “pribhléid mhór” é a bheith roghnaithe mar chomarba Schmidt, a bhuaigh gradam ‘An Cóitseálaí Rugbaí is Fearr ar Domhan’ i Monte Carlo aréir.

Ghabh Schmidt féin buíochas leis an IRFU agus an uile dhuine a d’fhág gur bhraith sé féin agus a chlann “mar chuid den phobal” in Éirinn.

Dúirt sé gur mhór an spreagadh dó “na dúshláin iontacha” a bhí roimh fhoireann na hÉireann sa bhliain amach romhainn.

Bhí an IRFU ag iarraidh conradh nua a thabhairt do Schmidt ach, tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh faoin scéal lena chlann, shocraigh sé go mbeadh sé in am imeacht an bhliain seo chugainn.

Tá sé ráite cheana ag Schmidt gur mhaith leis filleadh ar an Nua-Shéalainn nuair a bheadh sé críochnaithe le foireann na hÉireann.

Tá os cionn naoi mbliana caite ag Schmidt in Éirinn agus níor oibrigh sé sa Nua-Shéalainn ó 2007.

Cé gur thug Schmidt le fios go mbeidh sé ag éirí as an gcóitseáil an bhliain seo chugainn is cinnte go mbeidh go leor foirne  sa tóir ar an té a bhfuil cáil bainte amach aige mar an cóitseálaí rugbaí is fearr ar domhan. Tá sé á rá le tamall gurb é a thiocfaidh i gcomharbacht ar Steve Hansen nuair a thiocfaidh deireadh lena ré siúd i gceannas ar fhoireann na Nua-Shéalainne.

Ceapadh Schmidt ina phríomhchóitseálaí ar Éirinn mí Aibreáin 2013 tar éis dó gaiscí go leor a dhéanamh le Cúige Laighean, a bhuaigh an Corn Heineken faoi dhó le linn a thréimhse mar bhainisteoir orthu.

Bhuaigh Éire Craobh na Sé Náisiúin faoi thrí ó chuaigh sé i bhfeighil orthu, in 2014, 2015 agus arís i mbliana nuair a bhuaigh siad an ilchraobh.

Údar díomá ab ea é Corn an Domhain 2015 i Sasana nuair a chlis ar an bhfoireann sa bhabhta ceathrú ceannais, ach bhí gortuithe ag cur as go mór d’Éirinn don chluiche sin i gcoinne na hAirgintíne.

Ba é Schmidt a bhí i bhfeighil na foirne nuair a bhuaigh siad ar an Nua-Shéalainn den chéad uair riamh in 2016 i Chicago agus sháraigh siad a thír dhúchas arís i mBaile Átha Cliath an mhí seo.

Fág freagra ar 'Schmidt ag éirí as tar éis Chorn an Domhain agus Farrell roghnaithe mar a chomharba'