Scéim aitheantais Ghaeilge le bunú ag Glór na nGael 

Pléifear ag seimineár amárach an buntáiste a bhaineann leis an dátheangachas i gcúrsaí gnó 

Scéim aitheantais Ghaeilge le bunú ag Glór na nGael 

Déanfaidh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta agus saineolaithe idirnáisiúnta plé ar an tábhacht agus an buntáiste a bhaineann leis an dátheangachas i gcúrsaí gnó ag seimineár ar líne an tseachtain seo.

Tá an ócáid fhíorúil seo á heagrú ag Glór na nGael agus scéim aitheantais á hullmhú ag an eagraíocht do ghnóthaí a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid comharthaíochta, ar a mbrandáil agus mar chuid dá seirbhísí dá gcustaiméirí. 

Tá sé i gceist an scéim a sheoladh níos déanaí i mbliana agus bronnfar gradaim aitheantais ar ghnóthaí le linn 2022 agus gach bliain as sin ar aghaidh.

Reáchtálfar an seimineár ag meán lae amárach, Dé hAoine, an 28 Bealtaine.

Ar na daoine a bheidh i láthair, beidh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta Aodhán Mac Cormaic, an feidhmeannach stáit is sinsearaí atá ag plé go lánaimseartha leis an nGaeilge. 

Beidh Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, ag labhairt ag an seimineár chomh maith. Uirthise atá an cúram na cláir tacaíochta teanga atá ag Údarás na Gaeltachta a bhainistiú agus a riaradh, an próiseas pleanála teanga ina measc.

Beidh triúr saineolaithe idirnáisiúnta i láthair ag an seimineár, an Dr Jeremy Evas, a bhíodh ina Cheannasaí ar chur chun cinn na Breatnaise ag Rialtas na Breataine Bige; Oihan Zubizarreta Irebecampos, atá freagrach as cúrsaí cumarsáide sa chomharchumann Bascach EMUN; agus Helene Armentia Artzak, a bhíodh ag riaradh tograí a chuir an Bhascais chun chinn i gcomhlachtaí príobháideacha agus san earnáil phoiblí.

Is í Niamh de Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo agus comhalta boird Ghlór na nGael a bheidh ina cathaoirleach ar an seimineár.

Deirtear go bhfuil an chomhdháil dírithe go príomha ar ghrúpaí pobail a mbeadh suim acu an scéim aitheantais Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar féin, ach is féidir le haon duine freastal air ach clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig gradaim@glornangael.ie.

Fág freagra ar 'Scéim aitheantais Ghaeilge le bunú ag Glór na nGael '