Scéalta ón gcibearspás

Colún nua le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás

Gaelghiolcaire na seachtaine  

Screen Shot 2015-01-16 at 18.46.26Ainm?

@aonghusoha (Aonghus Ó hAlmhain)

Cé hé fhéin?             

Innealtóir bogearraí atá ina chónaí i gCill Mhantáin, é féasógach agus focalbhách agus tugtha don imeartas focal, mar a deir an fear é fhéin!

Céard faoin a mbíonn sé ag giolcaireacht?         

Go leor is go minic! Tá Aonghus ar dhuine de na Gaelghiolcairí is gníomhaí dá bhfuil ann. Glacann sé páirt i gcomhráite bríomhara faoi chúrsaí reatha, faoin nGaeilge (idir theanga, phobal agus Ghaeltacht) agus faoin gcreideamh. Tá an-dúil aige sna leabhra freisin agus is minic a phléifidh sé na leabhra is ansa leis, i measc rudaí eile, ar a bhlag.

Cén fáth a leanfainn é?           

Bíonn eolas suimiúil agus tuairimí stuama á sceitheadh ag Aonghus chuile lá. Deir sé féin gur ‘cancrán’ é ach dar linne go mbíonn sé béasach agus tuisceanach agus breá sásta éisteacht le tuairimí giolcairí eile. Go deimhin, bíonn sé sásta fiú a thuairim féin a athrú ó am go chéile – rud nach bhfeictear chomh minic sin ar Twitter! Tá comhráite spéisiúla tairbheacha i ndán don té a leanfaidh é.

Ragham amú tamall eile

Tá borradh faoi fhíseáin Ghaeilge ar YouTube le tamall anuas, go háirithe físeáin cheoil, agus Dé Domhnaigh seo caite phreab Gaelphop os ár gcomhair ar Twitter. Go dtí seo, tá leaganacha breátha Gaeilge taifeadta ag Gaelphop de dhá amhrán le Ed Sheeran agus George Ezra. Is é Críostóir Ó Marcaigh bunaitheoir an togra agus is leis an glór binn a chloistear ar na taifid. Labhair Críostóir le Tuairisc.ie faoi Ghaelphop.

Céard é Gaelphop?

Is éard atá ann go bunúsach ná áis dóibh siúd ar mhaith leo amhráin nua-aimseartha a bhfuil dúil acu iontu a chanadh nó a fhoghlaim i nGaeilge. Is áis í chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar dhóigh dheas. Tá súil agam go gcuirfidh ceoltóirí agus Gaeilgeoirí, go háirithe an t-aos óg, spéis sa saothar. Ba bhreá liom dá mbainfí úsáid as na haistriúcháin féin agus tá fearadh na fáilte roimh cheoltóirí aon cheann de na hamhráin a cheol nó a chanadh.

Céard a spreag Gaelphop?

Le linn an tsamhraidh, agus mé ag déanamh roinnt oibre i nGaoth Dobhair, iarradh orm amhrán nó dhó a aistriú do scata ceoltóirí. Thaitin siad leo agus bhain mé féin sult as an phróiséas. Mar cheoltóir mé féin, canaimse amhráin Ghaeilge agus bainim sult as saothar Choláiste Lurgan. Is Tuaisceartach mé agus bíonn tréithe de chanúint Uladh i mo chuid aistriúchán agus ní minic a bhíonn sin le feiceáil in áit ar bith eile. Is cúis onóra domsa, ní hamháin an Ghaeilge a chur chun cinn, ach blas mo chanúna féin a thabhairt chun solais. Ní chloím go hiomlán le Gaeilge Uladh amháin, ar ndóigh. Roghnaítear focail ó thaobh ríme, meadarachta agus foghraíochta de freisin.

An bhfuil éinne eile páirteach ann?

Is mise an t-aon duine atá taobh thiar de Ghaelphop i láthair na huaire. Tá stiúideo beag agam sa bhaile ar an Iúr agus is anseo a dhéantar an ceol ar fad. Beidh mé ag obair le ceoltóirí eile amach anseo agus beidh siad ag ceol agus ag canadh amhrán.

Tá cúlra ceoil agat cheana féin mar sin?

Is ceoltóir agus scríbhneoir ceoil mé. Ta cúpla EP curtha amach sa Bhéarla agam agus tá mé i mo bhall de ghrúpa Béarla ar a dtugtar The Skin We’re In. Chomh maith leis sin, scríobhaim popamhráin Bhéarla do cheoltóirí eile.

Cén chaoi a roghnaíonn tú na hamhráin do Ghaelphop?

Braitheann sé sin ar roinnt rudaí – amhráin ina bhfuil dúil agam féin, amhráin a mbeidh spéis ag Gaeilgeoirí iontu (i mo bharúil féin) nó amhráin a bhfóireann liricí Gaeilge dóibh. Déanaim iarracht amhráin a roghnú a bheadh go deas mar amhráin Ghaeilge in ionad amhráin a aistriú ar mhaithe leis an Ghaeilge a chur chur cinn amháin.

Cé chomh minic is a chuirfear amhrán amach?

Tá sé sin ag brath go hiomlán ar chúrsaí ama! Tá clann óg orm agus mar is eol do thuismitheoir ar bith, ní minic a bhíonn seans agat aon rud a dhéanamh nuair a bhíonn páistí agat! Tá tríocha amhrán aistrithe agam agus déanfaidh mé iarracht iad a chur amach de réir a chéile. Leanfaidh mé ar aghaidh leis an aistriú cibé ar bith. Ba mhaith liom cúpla amhrán a chur amach gach mí.

Céard ba mhaith leat a bhaint amach le Gaelphop?

Ba mhaith liom go gceolfaí agus go gcanfaí na hamhráin nua-aistrithe, go ndíreofaí aird ar an Ghaeilge agus go gcuirfí leis an obair tá déanta ag daoine eile ar son na cúise.

An bhfuil sé i gceist ag Gaelphop díreach amhráin a aistriú nó an bhfuil féith na chumadóra ionat?

Tá sé ar intinn agam amhráin nua-chumtha a chur amach sa Ghaeilge cinnte. Chomh maith leis sin, beidh mé ag obair le ceoltóir darb ainm JJ Ó Dochartaigh chun a chuid amhrán féin a thaifeadadh agus a chur amach. Ba mhaith liom féin amhráin nua-chumtha Ghaeilge a chur amach agus tá sé i gceist agam amhrán nua Nollag a chumadh ag deireadh na bliana!

An mbeidh ceolchoirmeacha nó albam ann den ábhar nua-chumtha, mar sin?

Tá mé chun grúpa a chur le chéile le hamhráin de chuid Ghaelphop a cheol beo agus is cinnte go mbeidh gig nó dhó againn i rith na bliana.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne

Is iomaí scéal, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, a spreag caint agus comhrá ar Twitter, Facebook agus na blaganna Gaeilge le seachtain anuas. Ar ndóigh bhí an t-ionsaí ar oifig Charlie Hebdo go mór i mbéal an phobail, chomh maith leis na gradaim Oscar agus an cúl sin ó Stephanie Roche. Ar cheann de na scéalta a spreag caint mhór i measc ghiolcaircí na Gaeilge, bhí cinneadh Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le gearán a rinneadh faoi FM104 .

“An grúpa pobail iad cainteoirí na Gaeilge?” Bhí an cheist sin á cíoradh go mion ar na meáin shóisialta, ar Tuairisc.ie agus ar Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta. Spreag tuairim na Comhairle Preasa faoin scéal tuilleadh plé ar an ábhar.  “Ní dóigh leis an gComhairle Preasa gurb ionann “Gaeilgeoirí” agus “grúpa sa tsochaí” a dúradh linn.

Seans go ndeachaigh Pádraic Harvey go croí na ceiste ina thrácht ar Facebook: “An grúpa lasmuigh den tsochaí iad na Gaeilgeoirí?” a d’iarr sé.

Ar Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG, cuireadh an cheist an féidir a mhaíomh gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann agus ag an am céanna a rá nach bhfuil i lucht a labhartha ach grúpa mionlach imeallach nó ‘grúpa sa tsochaí’? Ar ndóigh, tá an dá thaobh den scéal ann, ach fós féin is ceist bhailí í – an féidir an dá thrá a fhreastal, an dá chath a throid?

Ní léir, mar a dúirt, Gaelghiolcaire na seachtaine, Aonghus Ó hAlmhain linn ar Twitter, céard is ‘grúpa sa tsochaí’ ann i súile an Údaráis Chraolacháin agus is fíor dó. Is doiléire fós, áfach, cén chaoi ar féidir cur síos a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí mar ghrúpa? Dúirt Scott de Buitléir, láithreoir RTÉ agus eagarthóir na hirise EILE, nach mothaíonn sé mar chuid de phobal Gaeilge in ainneoin go bhfuil Gaeilge aige. Chuir Frank Reidy leis an gcomhrá nuair a mhaígh sé (i nGaeilge) gur cuid de phobal Gaeltachta é ach nach cuid de phobal Gaeilge é! Doiléireacht dhoiléir, gan aimhreas.

Tagaim féin le Scott de Buitléir, nach leor líofacht i dteanga a bheith ag duine le go n-áireofaí é mar bhall de phobal teanga (Tá gach Gaeilgeoir Gaelach ach is Gaelaí cuid acu ná an chuid eile…). Is í tuairim Scéalta ón gCíbearspás ná gurb ionann pobal na Gaeilge agus iad siúd a labhraíonn Gaeilge gach lá, bíodh sí á labhairt acu le cairde, le comhghleacaithe nó le gaolta; agus bíodh sé sin sa bhfíorshaol nó ar líne. De réir an tsainmhínithe, ní dóigh liom go bhféadfaimis leithéid Enda Kenny a áireamh mar dhuine de phobal na Gaeilge, ach sin scéal eile…

– Má tá aon scéal agaibh ar mhaith libh go gcuirfí san áireamh ar Scéalta ón gCíbearspás, déan teagmháil liom ag maitiuocoimin@tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Scéalta ón gcibearspás'