Ní dóigh leis an gComhairle Preasa gurb ionann ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘grúpa sa tsochaí’

Ach chaithfí gearán ar leith a fháil chun an méid sin a thástáil

crowd
LÉARÁID: Tuairisc.ie

Ní dóigh le Comhairle Preasa na hÉireann go nglacfaí le pobal na Gaeilge mar ‘ghrúpa sa tsochaí’ dá ndéanfaí gearán leo ar an mbonn sin.

Is faoin gcuid dá gcód cleachtais a bhaineann le ‘claontacht’ a thiocfadh a leithéid de ghearán faoi bhráid na Comhairle Preasa, a bhíonn ag plé le gearáin ón bpobal faoi ábhar a fhoilsítear i nuachtáin nó tréimhseacháin.

Tuairiscíodh anseo inné gurb é tuairim an BAI (Údarás Craolacháin na hÉireann) nach ionann ‘pobal na Gaeilge’ agus ‘grúpa sa tsochaí’.

Chinn an BAI dá bharr sin nach dtagann pobal na Gaeilge faoin mír dá gcód a éilíonn go mbeadh “an chaoi ina léiritear daoine agus grúpaí sa tsochaí oiriúnach agus inchosanta”.

Thug urlabhraí ó Chomhairle Preasa na hÉireann le fios do Tuairisc.ie gurb é is dóichí ná a mhalairt ná nach nglacfaidís-sean ach an oiread le pobal na Gaeilge mar ghrúpa ar leith a bhfhéadfaí masla a thabhairt dóibh nó fuath a spreagadh ina n-aghaidh.

Dúirt sí, áfach, nach bhféadfaí a bheith cinnte gurb amhlaidh a bheadh nó go ndéanfaí gearán ar leith “a thástáladh” na critéir a bhaineann le ‘claontacht’ i gcód cleachtais na Comhairle.

Tharlódh chomh maith, a dúirt an t-urlabhraí, go bpléifí le gearán dá leithéid faoi ‘phrionsabal’ eile seachas ‘Claontacht’– ‘Fírinne agus Cruinneas’, mar shampla.

Faoi ‘Phrionsabal 8 – Claontacht’ de chód cleachtais na Comhairle Preasa – atá bunaithe ar an reachtaíocht in aghaidh idirdhealú – deirtear go bhfuil sé “riachtanach” nach bhfoilseofaí ábhar a mhaslódh duine nó grúpa, nó a spreagfadh fuath i leith duine nó grúpa, ar bhonn “cine, creideamh, náisiúntacht, dath, bunús eitneach, toisc gur den lucht siúil iad; inscne, claonta gnéis, stádas pósta, míchumas, tinneas nó aois”.

Níl an ‘teanga’ atá ag duine nó grúpa i measc na gcritéar ag an gComhairle Preasa ná sa mhír de chód an BAI a bhaineann le ‘grúpa sa tsochaí’.

Deir an mhír sin de ‘Chód Chaighdeán na gClár’ ag an BAI “nach dtacóidh ábhar clár le hidirdhealú i gcoinne aon duine nó aon chuid den phobal ach go háirithe ar bhonn aoise, inscne, stádas pósta, gur den Lucht Siúil iad, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, míchumas, cine nó reiligiún nó ní thabharfaidh sé cúlcheadú dó”.

Murab ionann agus liosta na Comhairle Preasa, áfach, ní liosta teoranta atá ag an BAI mar go dtagann na focail “ach go háirithe” ( “in particular” atá sa leagan Béarla) roimh na critéir faoina bhféadfaí ‘idirdhealú’ a dhéanamh i gcoinne “aon duine nó aon chuid den phobal”.

Lean ple bríomhar foilsiú an scéil inné ar Tuairisc.ie faoi chinneadh ón BAI go raibh díospóireacht faoin nGaeilge ar FM104 ‘míchothrom’ ach nach ionann ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘grúpa sa tsochaí’.

Beidh tuilleadh cainte faoin ábhar seo ar RTÉ RnaG tráthnóna mar a mbeidh plé ar Cormac ag a Cúig faoi cé acu chun leas nó aimhleas phobal na Gaeilge é a bheith áirithe mar ghrúpa ar leith sa tsochaí.