Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-04-17 at 16.43.57Ainm?

@gachfocal (gachfocal)

Cé hé féin?

Bot Gaelach! Múnlaithe ar an gcuntas cáiliúil Béarla @everyword, is bot é @gachfocal a ghiolcfaidh ‘gach focal sa Ghaeilge’ roimh dheireadh na bliana 2017. Is é @inky a rinne an bot seo agus tá bleaist eile botanna déanta aige freisin, cé gurb é seo an t-aon cheann i nGaeilge.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Focail! Thosaigh an cuntas seo i mbun na giolcaireachta an bhliain seo caite agus táthar ag súil go mbeidh “gach focal i nGaeilge” curtha amach aige faoi cheann dhá bhliain. Tá an cuntas bunaithe ar teanglann.ie, atá bunaithe ar Fhoclóir Uí Dhomhnaill, mar sin mura bhfuil focal ar leith le fáil sa mórshaothar sin, ní fheicfear ar an gcuntas seo é. Tá 13,700 giolc seolta aige cheana féin agus tá sé tar éis dul chomh fada leis na focail dár tús “cui…” faoin am seo.

Cén fáth a leanfainn é?

Ceist mhaith. Ní thugann an cuntas míniú ar na focail a chaitheann sé amach agus mar sin níl feidhm foclóra aige. Mar sin féin, spreagfadh na focail a thagann aníos os do chomhair teanglann.ie a sheiceáil go bhfeicfidh tú céard is brí leis. Níl ach thart ar 60 leantóir aige faoi láthair ach nuair a cuireadh tús le @everyword, níor lean ach 100 duine é ar feadh na mblianta ach faoin am a chríochnaigh sé anuraidh, bhí 84,000 duine á leanacht. An spraoi is mó is féidir a bhaint as, is dóigh, ná fanacht go foighdeach go dtiocfaidh focail atá cineál dána aníos agus ansin iad a athghiolcadh go spleodrach mar a dhéanfadh dalta scoile…

Giolc na Seachtaine

Písín grinn anseo ó @AnGhaeilgeAbu – agus dea-chomhairle don deireadh seachtaine!

Ragham amú tamall eile…

Sheol Google aip nua inné do ghutháin agus taibléid ar an gcóras Android. Ligeann ‘Google Handwriting Input’ d’úsáideoirí téacs a chur isteach de láimh ar ghléasanna Android in aip ar bith ar an gcóras sin.   Aithníonn Google Handwriting Input 82 teanga agus scór scripteanna. Ar ndóigh, tá an script Rómhánach ar cheann den 20 script sin mar is sa cheann sin a scríobhtar formhór na dteangacha Eorpacha, ach ba mhór an t-iontas go bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ar fáil ar an gcéad eagrán den aip. Tá Google go maith ó thaobh na Gaeilge de – is féidir an t-inneall cuardaigh agus Gmail a úsáid i nGaeilge, aithníonn Google Maps logainmneacha Gaeilge agus tá sé ar cheann de na teangacha atá ar fáil ar an gcóras aistriúcháin Google Translate, cé nach bhfuil caighdeán na seirbhíse sin thar mholadh beirte.   Aithníonn an aip bloclitreacha agus an scríobh reatha araon agus is féidir straoiseoga a tharraingt ar an scáileán freisin. Nuair a bhíonn an aip íoslódáilte ar an ngléas, oibríonn sé gan nasc idirlín.  

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

  Ní raibh ach rud amháin ag dó na geirbe ag daltaí Ardteiste na hÉireann an tseachtain seo: an Scrúdú Béil (nó na scrúduithe béil do na hilteangaigh chliste inár measc).   Ar ndóigh, in áit a bheith ag éisteacht le Fís agus Fuaim ar Tuairisc.ie agus ag breathnú ar Mháirtín Tom Sheáinín (nó ‘sexpot Chonamara’ (mar a thug a ‘fanclub’ ar Facebook air tráth den saol!) ar Comhrá ar TG4, bhí na daltaí ag déanamh mar is dual dóibh –  ag cur a gcuid ama amú ar Twitter.   Bhí cuid acu ag déanamh an oiread sin staidéir go ndearna siad glan dearmad ar dháta an scrúdaithe (agus mo léan cuireadh cleas amú!):

Bhí daoine eile ag pleanáil an cheiliúrtha:

  Ar ndóigh, is féidir leas a bhaint as na meáin shóisialta chun do chuid Gaeilge a chleachtadh – seanfhocail a bhí ar chlár staidéir an duine seo:

Ach rabhadh ó bhur sinsir, a chairde na hArdteiste – táthar ann ar bhreá leo a bheith i mbun an scrúdaithe arís:

Críochnóidh muid leis seo – físeán a chuir mic léinn Ollscoil Mhá Nuad le chéile cúpla bliain ó shin in am don scrúdú béil. Dea-chomhairle is ea í go fóill!