Scéalta Ghaeilgeoirí Chonamara i mBostún faoi chaibidil ag comhdháil sa mBreatain Bheag

Na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ag iarraidh teacht i gcleachtadh ar shaol Mheiriceá agus na dúshláin a bhíonn le sárú acu siúd a labhraíonn Gaeilge sna Stáit Aontaithe ar chuid de na ceisteanna a gcuirtear béim orthu i dtionscnamh béaloidis a rinneadh i mBostún

Scéalta Ghaeilgeoirí Chonamara i mBostún faoi chaibidil ag comhdháil sa mBreatain Bheag

Johnny Seoige agus Peggy Uí Chlochartaigh.

Tá clár béaloidis agus staire a bhaineann le Gaeilgeoirí Chonamara i mBoston i measc na n-ábhar a bheidh á bplé ag an gComhdháil Cheilteach atá ar bun in Ollscoil Bangor i dtuaisceart na Breataine Bige an tseachtain seo.  

Tarlaíonn sé gur cuireadh na chéad agallaimh sa tionscnamh seo ar fáil le ríghairid; beirt fhear as Conamara a chuaigh go Meiriceá sna 1950idí atá i gceist, sin iad Johnny Seoige as Inis Bearrachain agus Johnny Ó Maoildhia as an Aird Mhóir.

‘Boston and the Irish Language: Fifty Years of Cultural Connection in Oral History’ an teideal atá ar an mbailiúchán seo i mBoston. Cumann na nGaeilge i mBoston atá ina chionn i gcomhar le hOllscoil Massachusetts. Tá an t-ábhar á choinneáil sa gcartlann in Ollscoil Mhassachusetts ar Morrisey Boulivard i mBoston, áit a bhfuil Joanne Riley, arb as an Aird Mhóir i gConamara a seanmháthair, ina ceann feadhna ar chartlanna agus leabharlanna an choláiste. Cuireadh ar fáil ar an idirlíon é le gairid freisin.

Bhí Joanne Riley, atá ar dhuine de na hambasadóirí ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, i measc na gceannródaithe ar an tionscnamh seo i mBoston. Tá an obair ag dul ar aghaidh anois le tacaíocht airgid ón eagraíocht ‘Mass Humanities’.

Míníonn an lucht eagair atá ar an gclár béaloidis agus staire seo go bhfuil na deacrachtaí a bhíonn ag daoine ag iarraidh teacht i gcleachtadh ar shaol Mheiriceá agus na dúshláin a bhíonn le sárú acu siúd a labhraíonn Gaeilge sna Stáit Aontaithe ar chuid de na ceisteanna a gcuirtear béim orthu. Tá leagan scríofa de na hagallaimh curtha ar fáil sa mbailiúchán freisin i nGaeilge agus i mBéarla.

Beirt den scoth atá acu sna chéad agallaimh. As oileán Inis Bearachain sa taobh ó dheas de Chonamara é Johnny Seoige. D’fhág sé Éire sna 1950idí; tá beagán blianta le cois na gceithre scór slánaithe aige anois. Cainteoir séimh, stuama é Johnny. Duine é de Sheoige Inis Bearachain, na hiomróirí clúiteacha san aimsir a caitheadh. Ba dhual dó gurb é a thosaigh Cumann na gCurachaí agus na rásaí curach i mBoston sna 1960idí. Post a bhí roinnt neamhghnách i measc imircigh na hÉireann a bhí ag Johnny, ag obair i seomra priontála an nuachtáin The Boston Globe a bhí sé ar feadh i bhfad. Tá aithne ollmhór air i measc mhuintir Chonamara agus na hÉireann i mBoston.

Ansin chuaigh an lucht taighde amach go North Easton i stát Massachusetts nó gur thángadar ar Johnny Ó Maoildhia as an mBántrach Ard i gCill Chiaráin ó dhúchas.

D’imigh Johnny é féin as Conamara sna 1950idí nuair a bhí ganntan agus easpa oibre in Éirinn. Ní leagann Johnny fiacail air ina chuid cainte. Bhí, a deir sé, an saol go dona. Ach an oiread le Johnny Seoige chuaigh Johnny Ó Maoildhia i mbun gairm nach raibh mórán imirceach eile ag tabhairt fúithi san am sin. Rinne sé a bhealach isteach san Boston Police Department; póilín a bhí ann. Fuair sé an deichiú háit as 5,000 a thug iarraidh faoin scrúdú.

Cé nach dtéann sé domhain sna scéalta a bhain leis an bpóilíneacht admhaíonn sé go bhfaca sé a dhóthain thall. Bhí Johnny ar shráideanna South Boston le linn na trioblóide ar fad a tharla in aimsir na ‘busála’ sna 1970idí. Cuireadh córas i bhfeidhm an t-am sin a d’fhág go mbeadh ar ghasúir as ceantair inar chónaigh an cine geal a ghabháil chun na scoile i gceantar ina raibh cónaí ar an gcine dubh agus a mhalairt. Thosaigh réabadh ina aghaidh sin i South Boston, ceantar an-láidir Éireannach agus áit a raibh cuimse de mhuintir Chonamara ina gcónaí sna blianta siar.

Fear é Johnny a bhfuil spleodar ina chuid cainte agus teannadh lena thuairimí.

Is é Maidhc Newell as Ros Cíde i Ros Muc ó dhúchas a chuir na hagallaimh ar an mbeirt agus ba mhaith paiteanta a rinne sé an obair sin. Tá tuilleadh den taifeadadh ar an mbealach agus is breá go deo an obair atá á déanamh. Beidh bailiúchán luachmhar amach anseo ag lucht taighde agus ag an bpobal.

Natasha Sumner, léachtóir in Ollscoil Harvard i mBoston, atá ag tabhairt eolais faoin mbailiúchán seo agus faoin gcaoi a ndearnadh é ag an gComhdháil Cheilteach in Ollscoil Bangor sa mBreatain Bheag. As Ceanada ise agus tá an Ghaeilge aici go paiteanta.

Is féidir an rud céanna – agus tuilleadh – a rá faoi bheirt fhear a chuaigh go Boston sna 1950idí agus atá le cloisteáil anois sa mbailiúchán a bheidh faoi chaibidil in Bangor – Johnny Seoige as Inis Bearachain agus Johnny Ó Maoildhia as an mBántrach Ard.

Fág freagra ar 'Scéalta Ghaeilgeoirí Chonamara i mBostún faoi chaibidil ag comhdháil sa mBreatain Bheag'

  • Natasha Sumner

    Tá sé go hiontach an t-alt seo a fheiceáil. Go raibh míle maith agat, a Mháirtín, leis an scéal a scaipeadh.
    Cúpla rudaí tabhachtaí eile:
    – Bhí Brian Frykenberg (Museum of Printing, North Andover, Massachusetts) agus Gregory Darwin (PhD, Harvard) ag tabhairt eolais faoin tionscnamh ag an gComhdháil Cheilteach sa mBreatain Bheag freisin. ‘Sé Brian stiúrthóir an tionscnaimh, agus déanann seisean an chuid is mó den obair. D’oibrigh Gregory Darwin mar thaighdeoir ar an tionscnamh. Is mise comhairleoir don thionscnamh.
    – ‘Sí Peigí Ní Chlochartaigh (in áit ‘Uí’).