Póg mo Thóin agus Scéalta Eile, Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht, €15
Máistir aitheanta ar an ngearrscéal, úrscéalaí grinn cruthanta, fear próis a bhfuil sárchleachtadh aige ar shaol an ghnáis a chur faoi mhionscrúdú. Is deacair cur síos comair a dhéanamh ar chorpas scéalaíochta Phádraic Breathnach.
Baineann tréithe eile leis an gcumadóireacht freisin – ómós don dúlra, áiféis in amanta, greann go mion minic agus tóir sheasta ar léirithe den drúis agus den áilíos ina chuid scríbhneoireachta.
Mórthéama dá chuid is ea an t-iniúchadh ar theannas dinimicí caidrimh idir fear agus bean agus an chastacht a bhaineann le dinimicí caidrimh idirghlúine trí chéile. Aithníodh uaillmhian agus doimhne an téama seo san úrscéal Dialann mo Mháthar (CIC, 2018) go háirithe agus tá tuilleadh ábhair den mhianach seo sa mbailiúchán úr gearrscéalta leis.
Scéalta iad ‘Géarchás’ agus ‘Víreas Bradach’ a shaothraíonn na téamaí seo go cumasach agus a tharraingíonn ar mhianta agus grá seantuismitheoirí dá ngarchlann. Leantar den mhodh inste céanna, a bheag nó a mhór, sa dá scéal.
Caitear dua mór le carachtracht agus cur síos a dhéanamh ar shuíomh an scéil – cuairt ar choill (Géarchás) agus comhluadair chuibhrithe na paindéime (Víreas Bradach). Tá gné thuarascálach na scríbhneoireachta ar fheabhas sa dá chás cé go dtagtar aniar aduaidh ar an léitheoir i dtobainne agus go gcaitear an chuid deiridh den dá scéal i mbun machnaimh.
Ní hé go gcuirtear léirmhíniú i láthair go támáilte ach déantar scagadh neamhrómánsúil ar an athrú saoil, ar luachanna príobháideacha agus pobail, ar chonstaicí cumarsáide taobh istigh de theaghlaigh agus ar scrios pearsanta na hanbhuaine agus na himní.
Ní saol sócúil na meánaicme amháin is inneach don scéalaíocht ach oiread. Tá an té atá ar na ciumhaiseanna nó brúite i dtreo an imill faoi thrácht chomh maith céanna i scéalta fearacht ‘Céirse’. Tagann Céirse in inmhe caidrimh le hAbed as an Afganastáin agus i ndiaidh dósan teitheadh cuireann sí aithne ar Wes agus ar anró an tsaoil.
Éiríonn leis an insint bagairt an fhoréigin a cheilt agus a thabhairt i láthair go cumasach tríd an scéal féin cé go n-úsáidtear an gníomh grod mar chlabhsúr. Úsáidtear scéin agus foréigean le siar a bhaint as an léitheoir in ‘Spídiúlacht’ chomh maith cé go bhfacthas domsa go ndeachaigh an buille scéalaíoch ar bóiléagar de bheagán ann de bharr an rógháifeachais.
Ní le trua ach le hionbhá a chuirtear scéal Lir i láthair in ‘An Solas sa Seomra’, fear gan dídean a chónaíonn amuigh faoin aer. Ceann de chleasa na ceirde atá ag Pádraic Breathnach ná dua a chaitheamh leis an insint, dathú daonna a dhéanamh ar na carachtair agus cor gan choinne a chur i mbealach an léitheora díreach nuair a shíltear go bhfuil cead isteach i ndomhan an ghearrscéil agat. Is é a fhearacht sin ag Lear sa gcás seo agus ag Aisling agus Aosa sa ngearrscéal ‘Corrabhuais’ freisin é.
Tuigtear le fada go bhfuil dáimh ar leith ag an scríbhneoir leis an dúlra agus ardacmhainn aige cur síos a dhéanamh air. Is minic a shamhlaítear láthair an dúlra mar láthair don dúchas ina shaothar freisin.
Ní call ach áireamh a dhéanamh ar líon na n-eachtraí a tharlaíonn i gcoillte sa leabhar seo féin le go dtuigfí an dlúthcheangal. Tugann láthair na coille in ‘Póg mo Thóin’ deis staidéir dúinn ar mhíchumarsáid agus easpa nádúir cheal tuisceana idir reacaire an scéil Dáithí agus bean Bhulgárach a gcinneann uirthi a mada a choinneáil faoi smacht ar éill. Filleann Nioclás agus Lasairfhíona ar a gcaidreamh lena chéile faoi dheireadh agus faoi dheoidh ar an iargúil in ‘Cora an tSaoil’.
Má bhíonn simplíocht féin i scéal Mhairéad Ní Mhuilicín in ‘Bánú Oileáin’ is téama síoraí é an tréigean agus an t-athrú ar mhodhanna saoil. Mar sin féin, ní láthair shoineanta gan urchóid é saol na tuaithe in ‘I mo Bhambairne’. Tá Aindí ar thóir tearmainn de chineál éigin i bhfad ó chathracha agus institiúidí móra léinn sna hUilleanna ach tá comharsa i mbarr an bhaile aige agus bíonn sé ag foghlaim leis faoin uaigneas ar an iargúil.
17 de ghearrscéalta atá sa gcnuasach is deireanaí seo ó Phádraic Breathnach. Is minic a thugtar an chraobh don úrscéalaíocht maidir le tábhacht agus gradam ach láthair thástála a bhíonn sa bhficsean gairid agus deis tástála don scríbhneoir ar théamaí achrannacha.
Léitheoireacht dhúshlánach a bhí in ‘Sceitheadh Rún’ domsa. Sa gcás seo pléitear le hainmhian fhireann agus éigniú. De bhrí go gcoinnítear fócas na scéalaíochta ar an gciontóir in aon turas, imrítear folach bíog maidir le milleán, dílseachtaí idirphearsanta agus cumhacht sa teaghlach. Sampla eile de mhodh treascrach scéalaíochta sa gcnuasach ná ‘Idir Trí Cheann na Meá’ mar a n-úsáidtear deasghnátha sochraide chun léargas a leathadh diaidh ar ndiaidh ar shaol athar agus céile.
Tugtar orainn dul i mbun breithiúnais de réir mar a léirítear an fhírinne ach baintear an bonn den scagadh ar deireadh ar fad. Is fada ó cloiseadh caint ar na ‘peacaí solathacha’ ach éiríonn leis an gcoincheap an léitheoir a chur i mbun críonnachta arís eile faoin scéal agus faoin ábhar.
Is fiú a mheabhrú nach bhfaigheann muid in aon cheann de na gearrscéalta seo ach spléachadh ar imeachtaí nó radharc na huaire. Sin teorainn agus bua na gearrscéalaíochta in éineacht. Cé gur iondúil go mbíonn éagothromaíocht ó nádúr in aon bhailiúchán tá cuimse scéalta den scoth sa gcnuasach seo.
Níor mhiste liom a lua gur thug an leabhar seo ar ais i dtreo an chnuasaigh aistí Prós Paiteanta: Aistí in Ómós do Phádraic Breathnach mé (Coiscéim, 2020) agus aistí Laoise Ní Cheallaigh agus Aingeal Ní Chualáin go háirithe. Saibhríonn an cineál seo critice ár dtuiscint ar an scéalaíocht agus ar an scéalaí: treise lena pheann.
Carraig
‘Ag Útamáil Liom, Cuimhní Cinn’ leis an údar céanna léite agam.
Leabhar iontach.
‘Póg mo Thóin’ ordaithe anois agam.
alan titley
Cuntas cruinn beacht cóir meáite ar bhuanna iomaí Phádraic. Mar is ceart!