Scéal ‘Twiggy’ an ‘cailín béal dorais’ a d’imigh ar fud an domhain inste i scannán faisnéise nua

An bua is mó atá ag an scannán faisnéise nua faoin mainicín Twiggy ná na píosaí eisiacha léi féin agus a clann

Scéal ‘Twiggy’ an ‘cailín béal dorais’ a d’imigh ar fud an domhain inste i scannán faisnéise nua
Twiggy
Scannán
Léirithe ag Sadie Frost

Ba í Twiggy an cailín ‘béal dorais’ a bhain cáil amach ar fud an domhain. Deirtear gurb í Dame Twiggy (Leslie Lawson) an chéad ‘shármhainicín’ nó supermodel domhanda a bhí ann dáiríre. Íocón a bhí inti 1960idí agus cé go ndeachaigh lucht déanta saothar faisnéise ar thóir a scéil go minic, níor insíodh go dtí anois é.

Is í an t-iarmhainicín agus an t-aisteoir Sadie Frost a dhein Twiggy a mhealladh lena scéal a insint don scannán faisnéise Twiggy. Is maith an rud gur dhein mar tá an-mhianach ann mar scannán. Radharc deas maoithneach é ar an saol sna seascaidí, gan dabht, ach is ceacht é freisin ar conas gur féidir le cailín óg a brionglóidí a fhíorú in ainneoin na n-ainneoin.

Déanann an t-aisteoir agus iarmhainicín Joanna Lumley cur síos iontach ar ghairm an mhainicín i Londain i ‘Seascaidí na Saoirse’ mar a thugtar ar na blianta sin. Is ón mheánaicme de ghnáth a tháinig na cailíní a bhíodh ag obair san earnáil, bhí siad uasal agus dea-labhartha.

Tá píosa scannánaíochta ann a thugann léargas ar scoil staidiúir (a bhí cosúil le scoil bhailchríche) ina gcuirtí oiliúint ar na mainicíní. Léiríonn an píosa scannánaíochta, mar aon le cur síos foirfe Lumley, conas mar a bhí saol na mainicíneachta agus an fhaisin sular tháinig Twiggy chun cinn.

Tugadh an leasainm ‘Twiggy’ uirthi mar go raibh sí an-tanaí. Bhí múnla nó tréithe áirithe riachtanach do mhainicín óg ag an am agus níor oir Twiggy an tsamhail sin.

Bhí sí róbheag, róthanaí, ró-óg, an cúlra ‘mícheart’ aici agus an blas ‘mícheart’ ar a cuid cainte. Ach bhí sí úr, óg agus lán d’fhuinneamh. Ní hionann agus formhór na mban galánta a d’fheictí ar leathanaigh Vogue agus irisí dá leithéid, ba cholúnaí faisin (a ghlacann páirt sa scannán) a lainseáil í ar dtús sa Daily Express.

Déantar grianghraif, gearrthóga scannáin agus teilifíse agus agallaimh den scoth a chuimsiú le chéile chun ómós a thabhairt do cheann de na híocóin bheo ba cáiliúla a bhí i mbarr a réime sna seascaidí.

Tá eagarthóireacht snasta déanta air agus 1,300 íomhá ann san iomlán. Baintear úsáid as raon iontach ceoil ón ré sin agus é fite fuaite tríd. Seod fíorbharrúil sa scannán is ea mír as agallamh le Woody Allen inar chuir sé ceisteanna díspeagúla uirthi agus gur thug sise freagra cliste dó.

Tá dhá bhua ar leith ag an scannán faisnéise seo. Ar an gcéad dul síos, glacann scaifte daoine mór le rá páirt ann, Paul McCartney, Dustin Hoffman, Sienna Miller agus Brooke Shields ina measc. Ní haon ionadh é sin I bhfianaise gach rud a bhain Twiggy amach ina gairm bheatha. An bua is mó ag an scannán, áfach, ná an teacht atá ag an léiritheoir féin ar agallaimh agus píosaí scannánaíochta eisiacha le Twiggy agus a clann.

Tugtar an lucht féachana ar thuras Twiggy ón am a raibh sí ina mainicín, agus ina dhiaidh sin ina haisteoir a bhuaigh gradam Golden Globe (The Boyfriend) agus a ghnóthaigh ainmniúchán Tony don seó Broadway (My One and Only).

Anuas air sin chaith sí tréimhse mar láithreoir teilifíse agus feictear chomh maith conas a d’éirigh léi athbheochan a dhéanamh ar bhranda faisin Marks & Spencer a bhí ag dul in éag sular thosaigh sí ag obair leo.

Níl dabht ar bith ach gur turas maoithneach siar ar bhóithrín na smaointe atá sa scannán seo.
Airíonn tú go bhfuil tú thiar sna seascaidí leis na grianghrafanna, na míreanna, an ceol agus na hagallóirí.

Ré spleodrach a bhí sna seascaidí agus athrú mór cultúrtha agus stairiúil ag tarlú i Londain go háirithe. Ach bhí meathlú agus cráifeacht ag baint leis na blianta sin freisin agus ba mhinic a chaill réaltaí móra gean an phobail de bhar scanall nó iompar éigin.

Cuireadh Twiggy agus Sadie Frost faoi agallamh ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. Bhí sé soiléir go réitíodar le chéile agus bhí sé seo le feiscint sa léiriúcháin. An rud ba shuntasaí faoim agallamh sin ná go bhfuil meon agus dearcadh an ‘cailín béal dorais’ aici fós tar éis seasca bliain.

Fág freagra ar 'Scéal ‘Twiggy’ an ‘cailín béal dorais’ a d’imigh ar fud an domhain inste i scannán faisnéise nua'