Scéal tráthúil Ghaeil an UK inste go slachtmhar ag an Sítheach ar TG4

Agus sinn in arraingeacha Brexit is tráthúil an mhaise é béim a chur ar na nascanna seanbhunaithe idir an dá thír, más nascanna achrannacha, truamhéalacha féin cuid acu

Scéal tráthúil Ghaeil an UK inste go slachtmhar ag an Sítheach ar TG4

Sa tsraith ceithre chlár Gaeil UK tugann Seán Mac an tSíthigh camchuairt ar an Ríocht Aontaithe le caint a chur ar Ghaeil agus a sliocht. Cuirtear in iúl ag tús an chláir go bhfuil breis is 500,000 duine a rugadh in Éirinn buailte fúthu béal dorais. Lena chois sin tá sé mhilliún duine sa Ríocht Aontaithe a mhaíonn go bhfuil athair/máthair chríonna Éireannach acu. 

Agus sin in arraingeacha Brexit is tráthúil an mhaise é béim a chur ar na nascanna seanbhunaithe idir an dá thír, más nascanna achrannacha, truamhéalacha féin cuid acu. Deir an Sítheach linn ag tús an chláir go bhfuil stair chasta ag an dá thír seo atá buailte ar a chéile; sa phointe is gaire níl ach 20 míle eatarthu. Dar leis go bhfuil an dá thír fite fuaite lena chéile agus ag brath ar a chéile. Bímid an-mhór lena chéile ar uairibh ach ar hap an tairne tagann an ghráin go barr uisce.

Is ar Learpholl Shasana atá a thriall ar dtús agus meabhraíonn an chathair sin dúinn gurb é an ganntanas agus an t-anró a ghríosaigh daoine leis an mbád bán a thabhairt orthu féin. Meastar gur tháinig 1.3 milliún Éireannach i dtír ar Clarence Docks aimsir an ghorta. Bhí a bhformhór ag triall ar Mheiriceá ach bhuail sciar maith acu fúthu sa gcathair.

Tá smut den Éireannach i ngach duine i Learpholl, dar le Kathleen Cunnigham arb as an Tismeáin ar an gCeathrú Rua dá hathair críonna Colman Walsh. Is cuimhin le haintín Kathleen, Sadie, gur cuireadh siar ar an gCeathrú Rua í i rith an Dara Cogadh Domhanda agus gur as Gaeilge a deir sí an choróin i gcónaí. Deir Kathleen go mothaíonn sí gur Éireannach í in ainneoin go bhfuil canúint Scouser aici.

Tá an nasc atá ag sliocht na n-inimirceach (an dara agus an tríú glúin fiú) leis an bhfód dúchais ar cheann de na téamaí is láidre sa saothar seo. Tá na daoine seo ar fad bródúil as a n-oidhreacht agus iad ag maíomh go bhfuil a bhféiniúlacht Éireannach an-tábhachtach dóibh.

B’eo leis an Sítheach ó thuaidh chuig Leeds agus Huddersfield mar ar deineadh dreasanna cainte le Gaeil eile agus Gaeilge ag an-chuid acu. Thrácht siad ar shaol crua agus ar a gcumha i ndiaidh an bhaile ach bhíodar buíoch leis gur éirigh leo saol maith a bhaint amach dóibh féin.

Déanann an Sítheach a aíonna a chur fé agallamh go tuisceanach, réchúiseach agus éiríonn leis comhráite nádúrtha a chur sa tsiúl.

Téama eile atá sa chlár ná go bhfuil cuid mhaith de na seanphobail Ghaelacha seo, an dream seo a thaithíodh an tIonad Éireannach, ag dul i léig. Ag deireadh an chláir tugadh le fios go raibh duine de rannpháirtithe an chláir, Paddy Mac Grianna, imithe ar shlí na fírinne ó cuireadh fé agallamh é.

Deireadh ré a bheidh ann nuair a bheidh na seanfhondúirí ar fad imithe ar shlí na fírinne.

Tá sé tábhachtach cuntas a fháil ar a scéal.

Déanann an clár maoithneach, eolgaiseach seo an cúram sin go slachtmhar.

Fág freagra ar 'Scéal tráthúil Ghaeil an UK inste go slachtmhar ag an Sítheach ar TG4'

  • An Teanga Bheo

    Tá cearta Eorpach bainte de Éireannaigh anois de bharr Breatimeacht meastú.?
    Bhfuil aon stádas idirnáisiunta acu níos mó?