Scéal The Boys In Green cloiste cheana againn ach turas maoithneach taitneamhach siar bóithrín na smaointe é fós

Agus tríocha bliain gafa tharainn ó ghaiscí Italia 90 ní haon ionadh go bhfuil saothar tagtha os ár gcomhair le teacht i dtír ar mhaoithneachas ghlúin áirithe den lucht féachana

Scéal The Boys In Green cloiste cheana againn ach turas maoithneach taitneamhach siar bóithrín na smaointe é fós

Ar na saolta seo tá an-ghoile ag an bpobal do shaothair mhaoithneacha. Gach rud ó chláracha ar cheol na n-ochtóidí go dtí an tsraith shimplí iontach sin Reeling in the Years.  Do mhórán d’aois áirithe is í eachtraíocht fhoireann sacair na hÉireann faoi Jack Charlton sna hochtóidí déanacha agus tosach na nóchaidí an tréimhse is mó atá greanta i scioból a samhlaíochta.

Agus tríocha bliain gafa tharainn ó ghaiscí Italia 90 ní haon ionadh go bhfuil saothar tagtha os ár gcomhair le teacht i dtír ar mhaoithneachas ghlúin áirithe den lucht féachana. De réir scéil bhíothas, i dtosach an tionscnaimh, chun díriú ar chíréibeacha Bhóthar Lansdún i 1995, ach ag pointe éigin deineadh an cinneadh stuama díriú ar an tréimhse ina hiomláine.

Gan amhras tá sé deacair comparáidí le Reeling in the Years a sheachaint óir go bhfuil raidhse ábhar cartlainne nasctha le ceol na tréimhse. Lena chois sin, áfach, tá tarrac ar agallaimh chomhaimseartha leis na laochra atá imithe in aois: Ronnie Whelan, David O’Leary, Kevin Sheedy, John Aldridge, Mick McCarthy agus Gary Lineker.  Labhraíonn Lineker go móraigeanta agus bhaineas súp as paistí cainte seoigh is ionraice le Cascarino, Aldridge agus McCarty.

B’ait liom nach raibh Ray Houghton nó Packie Bonner páirteach agus ní raibh aon agallamh le Jack féin, fear a bheidh cúig bliana le cois na ceithre scór i mbliana. Tugann iriseoirí is tráchtairí cosúil le Declan Lynch, Lise Hand agus Darragh Maloney léargais bhreise agus cá mbeimis gan Giles is Dunphy, an chéad Stalter agus Waldorf de chuid RTÉ.

Gan amhras tá cuid mhaith den scéal cloiste cheana againn. Cloigne cainte á rá gur thug an fhoireann náisiúnta ábhar bróid, ardú meanma agus bealach éalaithe do phobal a bhí in ísle brí. Baisteann Declan Lynch “failed state” ar Éirinn na tréimhse mar a raibh dífhostaíocht agus eisimirce ard agus greim daingean fós ag an Eaglais Chaitliceach ar an bpobal.

Ina theannta sin tugadh an deis don phobal seilbh a ghlacadh arís ar Bhratach na dTrí Dhath agus í a bheith le feiscint taobh amuigh d’iomaire corrach na polaitíochta.

Vae linn ansin le cuntais ar chuileachta na dturas, na comhraic le Sasana, dea-cháil lucht leanta na hÉireann agus scéalta eile nach iad. Gné shuntasach den tréimhse úd ná an oiread babhtaí gur imríodh Sasana: Euro 88, Italia 90, an dá chluiche cáilithe do Euro 92 agus an cluiche dúshláin míchlúiteach úd i 1995 (clúdófar eachtraí na hoíche úd sa chéad ghála eile). Ní hamháin nár chaill Éire aon cheann de na  cluichí sin, agus go mbuadar ceann, ach chruthaigh na cluichí úd an íomhá i measc an domhain mhór do lucht leanta geanúil, go mórmhór i gcomparáid leis na bligeaird béal dorais.

Turas maoithneach taitneamhach siar bóithrín na smaointe i bhfochair na seanlaochra.

Fág freagra ar 'Scéal The Boys In Green cloiste cheana againn ach turas maoithneach taitneamhach siar bóithrín na smaointe é fós'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    An-dheas a Bhreandáin.

  • Pól Ó Collata

    Agus ar ndóigh, chraoladh an sraith “The Charlton Years” sa bhliain 1996 chomh maith, ach bhí an chlár an-taitneamhach ar fad don bhfear seo, a bhí 8 mbliana d’aois i 1990!