Scéal réabhlóid na Gaeilge i Duolingo inste i leabhar nua

I dtús ama bhí Duolingo dírithe ar na teangacha is mó agus is brabúsaí ar domhan, ach d’athraigh an Ghaeilge meon lucht an chomhlachta

Scéal réabhlóid na Gaeilge i Duolingo inste i leabhar nua

Insítear i leabhar nua faoin tslí ar chuir Gaeilgeoir tús le ‘réabhlóid’ ar Duolingo, an aip iomráiteach foghlama teangacha.

Bhí Noah Buffini Higgs as Baile Átha Cliath ina dhéagóir nuair a scríobh sé chuig lucht Duolingo in Pennsylvania ag iarraidh orthu ceachtanna Gaeilge a chur leis na cúrsaí teanga ar an aip.

Bhí Buffini Higgs “gafa leis an nGaeilge” ag an am ach an ghráin aige ar an tslí a raibh sí á múineadh dó sa seomra ranga.

Mheas sé go raibh an teanga scartha amach ón saol mar a bhí agus nach raibh aon fhonn ar a chairde í a úsáid taobh amuigh den scoil dá bharr.

Is beag an dóchas a bhí ag Buffini Higgs go gcuirfí suim i moladh déagóra as Éirinn.

“An saghas smaoinimh buile a bheadh ag déagóir a bhí ann – go dtabharfadh siad aird ormsa,” a deir Buffini Higgs sa leabhar nua Speak Not: Empire, Identity and the Politics of Language le James Griffiths.

Ní bhfuair Buffini Higgs aon fhreagra ó cheannáras Duolingo in Pittsburgh in Pennsylvania ach níor tugadh neamhaird ar a achainí.

I dtús ama bhí Duolingo dírithe ar na teangacha is mó ar domhan, na teangacha is mó a bhféadfaí brabús a dhéanamh as a dteagasc.

Ach timpeall an ama chéanna ar chuir Buffini Higgs a ríomhphost chucu, bhí lucht an chomhlachta tosaithe ag smaoineamh ar a bpolasaí faoi theangacha beaga a athrú.

Bhí siad ag fáil ríomhphostanna ar dalladh ó dhaoine a bhí sásta obair go deonach ar chúrsaí na haipe a fhorbairt i mionteangacha éagsúla.

Deir Myra Awodey, saineolaí ar chúrsaí teanga agus pobail le Duolingo, go ndeachaigh “achainí ó chroí” Buffini Higgs “i bhfeidhm go mór” ar lucht an chomhlachta.

“Ba é an port a bhí ag Luis von Ahn, bunaitheoir Duolingo, ná ‘cén fáth nach ndéanfaimis é?. Tá an leaid seo cool de réir dealraimh. Tá sé dáiríre faoi, déanaimis é.’”

Ba í an Ghaeilge an chéad mhionteanga a cuireadh ar fáil ar Duolingo, beart ar thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, gníomh ar leas na saoránachta náisiúnta agus domhanda air.

Dar le Conor Walsh, Bainisteoir Tionscadail le Duolingo,  gur chuir an rath a bhí ar an gcúrsa Gaeilge tús le “réabhlóid bheag” sa chomhlacht.

“Bhí orainn béim a chur ar dtús ar na cúrsaí is mó a raibh éileamh orthu agus a rinne freastal ar an líon is mó daoine ab fhéidir. Ach an rud cool faoin teicneolaíocht ná go dtagann laghdú ar an gcostas incriminteach.

“Anois tá na cúrsaí seo go léir againn agus tá go leor de na deacrachtaí a bhí ann mar gheall ar a chasta is a bhí an teicneolaíocht réitithe againn agus ní chosnaíonn sé an oiread sin orainn anois cúrsa nua a chur ar fáil.”

De réir an eolais a tugadh do James Griffiths dá leabhar nua tá úsáid bainte ag na milliúin as an gcúrsa Gaeilge. Bíonn, a deirtear, an líon céanna úsáideoirí gníomhacha ag foghlaim na Gaeilge gach seachtain is a bhíonn ag foghlaim na Polainnise agus na Gréigise, teangacha a bhfuil i bhfad níos mó cainteoirí acu.

Deir Oisín Ó Doinn, teicneolaí foghlama in DCU a bhí ar an bhfoireann a rinne an cúrsa Gaeilge a fhorbairt do Duolingo, gur chun leas na teanga é go bhfuil sí ar fáil ar an aip.

“Fiú mura bhfuil daoine ag baint líofacht amach…is mór an mhaitheas atá á déanamh aige ó thaobh cur le feiceálacht na teanga agus tá sin an-tábhachtach.

“Stádas agus tacaíocht an dá rud is tábhachtaí chun cur le húsáid teanga. Tá mo fón i nGaeilge mar go bhfuil Android agam agus fúmsa atá sé an cinneadh sin a dhéanamh. Tá mo Gmail i nGaeilge.

“An pobal a dhéanann na rudaí seo ar son an phobail. Má chuirtear ar fáil na hacmhainní seo do dhaoine ionas gur féidir iad a leasú, sin rud iontach tábhachtach le mionteangacha a chaomhnú ar líne.”

Fág freagra ar 'Scéal réabhlóid na Gaeilge i Duolingo inste i leabhar nua'

  • Cian

    Táim féin idir dhá chomhairle leis an gcúrsa Gaeilge seo. Ar lámh amháin, is acmhainn cumhachtach í ina dhéantar na nithe bunúsacha ar nós comhréire agus na briathra a mhíniú. Cuireann sé le do stór focal chomh maith agus tá dalladh téarmaí nua le foghlaim leis. Ní féidir liom a rá nár fhoghlaim mé rud ar bith ó Duolingo.

    Faraor, níl Duolingo gan locht. Is í an fhadhb is mó sa chúrsa Gaeilge ná easpa riarthóireachta. Tá neart fabhtanna sna cleachtaí beaga, bíodh sé sin earráid ghramadaí nó Béarlachas nó abairt áiféiseach, agus tá siad ann leis na blianta. Níl feidhm ar bith ag an ‘report problem button’, de réir gach cosúlachta. Gaisce mór millteach is ea cúrsa Gaeilge a chur ar fáil don phobal domhanda, go deimhin. Ach nuair a thugann lucht na riarthóireachta neamhaird ar a dhualgas, cuirtear seabhrán ar na daoine.

    Déanann Duolingo dochar do shaibhreas agus solúbthacht na teanga, Béarlachas níos feiceálaí anois ná an seanchas agus nathanna cainte a thugann féiniúlacht dúinn, agus freagraí iata a chuireann isteach ar bhinneas an Ghaeilge labhartha.

    Tá idir mhaitheas agus olc ag baint leis an aip seo agus tá súil agam go bhfeicfidh an mórphobal amhlaidh.

  • Amhairghin

    Aontaím le Cian faoi, is áis iontach é Duolingo ach ní féidir le duine brath air. Ba chóir go ndéanfaí uasdátú ar an gcúrsa, tá an cúrsa Gaeilinne gearr i gcomparáid le cúrsaí eile agus tá a lán gnéithe nua san aip nach bhfuil a leithéid ar fáil sa chúrsa Gaeilinne. Ba bhreá liom forbairt a fheiscint go luath i leith na teanga ar an aip ionas go mbeadh foghlaimeoirí in ann leas níos fearr a bhaint as.