Scéal na scoile Gaeltachta a chothaigh scoilt sa phobal le hinsint i gclár raidió nua

Inseofar sa chlár an scéal faoi chinneadh an Rialtais scoil náisiúnta Rann na Feirste a dhúnadh i 1970 agus an feachtas chun í a oscailt arís

Scéal na scoile Gaeltachta a chothaigh scoilt sa phobal le hinsint i gclár raidió nua

Déantar cur síos i gclár faisnéise raidió nua ar an scoilt mhór a tharla i bpobal i nGaeltacht Dhún na nGall nuair a dúnadh an scoil náisiúnta áitiúil ag tús na 1970idí agus an feachtas a cuireadh ar bun chun í a oscailt arís.

Craolfar Ciúnas i gCeann Dubhrann: Scéal Scoil Rann na Feirste inniu, Dé Máirt an 6 Aibreán, ag 11.00am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Inseofar sa chlár an scéal faoi chinneadh an Rialtais scoil náisiúnta Rann na Feirste a dhúnadh i 1970 nuair a tháinig titim ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar an scoil.

Rinneadh an scoil a chónascadh le Scoil Naomh Dubhaigh in Anagaire, ceantar a deirtear sa chlár ina raibh an teanga i bhfad níos laige ná mar a bhí i nGaeltacht láidir Rann na Feirste.

Chothaigh an t-athrú scoilt mhór sa phobal mar go raibh go leor daoine a shíl go raibh a gcearta á gceilt ar na páistí oideachas a fháil sa bhaile ina dteanga dhúchais.   

Déanfar cur síos sa chlár ar stair na scoile, a bunaíodh sa bhliain 1869, ar chinneadh an Rialtais an scoil a dhúnadh i dtús na 1970idí, ar conas mar a chuaigh an cinneadh i bhfeidhm ar an bpobal agus ar an bhfeachtas a cuireadh ar bun chun an scoil a athoscailt.

Chuaigh lucht an fheachtais go Baile Átha Cliath chun a gcás a chur faoi bhráid an Aire Oideachais agus cloisfear sa chlár ábhar fíorluachmhar cartlainne ó chainteoirí éagsúla, ina measc Bríd Bean Uí Bhaoill agus Dinnie Dhomhnaill Ó Domhnaill ó choiste na scoile, a rinne an turas sin.

Athosclaíodh an scoil arís i 1972 agus tá sí fós oscailte sa lá atá inniu ann.

Beidh cur síos ar stair agus ar thábhacht na scoile ó Niall Mac Eachmharcaigh, Donnchadh Eddie Ó Duibheannaigh agus Joe Mhicí Jimmy Mac Grianna, agus cur síos ar Éirinn na laetha sin ó Michael Kirke, a bhí ina Chomhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Press sna seachtóidí.

Beidh agallamh freisin le príomhoide na scoile sa lá atá inniu ann, Pól Ó Ruiséal, agus cloisfear cuimhní cinn go leor iarscoláirí, ina measc Tony Mac Ruairí agus Michelle Nic Grianna, ar aistrigh a muintir ar ais ’na bhaile go dtí an ceantar sna seachtóidí.    

Fág freagra ar 'Scéal na scoile Gaeltachta a chothaigh scoilt sa phobal le hinsint i gclár raidió nua'