Scéal na nGael Aerach le hinsint ag Ciara Ní É le tacaíocht Amharclann na Mainistreach

Tá ‘Aerach.Aiteach.Gaelach’ i measc na gcúig thogra a roghnaíodh faoi ‘Abbey 5x5’, scéim forbartha de chuid na hamharclainne náisiúnta

Scéal na nGael Aerach le hinsint ag Ciara Ní É le tacaíocht Amharclann na Mainistreach

Beidh ‘Aerach.Aiteach.Gaelach’, togra drámaíochta dátheangach faoi Ghaeil de chuid an phobail LADT, á fhorbairt ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach ag tús na míosa seo chugainn.

Is faoin scéim ‘Abbey 5×5’ atá dírithe ar ghrúpaí ‘imeallaithe’ sa tsochaí a bheas an togra á fhorbairt.

Faoin scéim, atá á reáchtáil don tríú bliain i mbliana, bronntar buiséad €5,000 ar chúig ghrúpa pobail agus tugtar cúig lá do gach grúpa acu lena saothar a fhorbairt san amharclann náisiúnta.

An scríbhneoir agus an tionchaire aitheanta Ciara Ní É, a ceapadh mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí agus a ainmníodh le gairid mar ambasadóir Áras na Scríbhneoirí don bhliain amach romhainn, atá i mbun an tionscadail.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní É gur “deis iontach” atá sa togra “stair fholaithe” na nGael a bhain le gluaiseacht an LADT in Éirinn a chíoradh.

“Le cúpla bliain anuas chuir mé aithne ar chainteoirí Gaeilge, daoine de gach cineál,  a bhíonn páirteach in imeachtaí ‘Mí an Bhróid’ agus ‘Seachtain an Bhróid’.

“Mar dhuine de lucht an LADT agus de phobal na Gaeilge, creidim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh eolas ar fáil ag an bpobal i gcoitinne faoin taithí a bhí ag cainteoirí Gaeilge a raibh baint acu leis an bpobal LADT sna blianta roimhe seo,” arsa sí.

“Ceiliúradh” a bheas sa togra, a dúirt an Ní É, bunaitheoir na hoíche filíochta REIC, ar eolas atá á bhailiú ag pobal ‘Bród’ le tamall de bhlianta anuas.

Dúirt Ní É go raibh fáilte roimh dhaoine a bhfuil eolas aci ar an ábhar nó ar mian leo a bheith páirteach sa togra teagmháil a dhéanamh léi.

“Ba bhreá liom go mbeadh réimse leathan daoine páirteach sa togra seo. Níl mé cinnte cén sórt táirge a bheas againn ach is seó ilmheán atá i gceist agam a tharraingeoidh ar fhoinsí staire agus nuachta agus ar agallaimh bheo chun léargas a thabhairt ar Ghaeil an phobail LADT,” a dúirt Ciara Ní É.

Is é ‘Aerach.Aiteach.Gaelach’ an t-aon ghrúpa atá ag gabháil don obair forbartha i nGaeilge le hAmharclann na Mainistreach i mbliana.

Rinneadh forbairt faoin scéim chéanna anuraidh ar thogra Gaeilge de chuid Ealaín na Gaeltachta ‘Téada, Rópaí agus Slabhra: Glór na ndaoine ina dtost’, togra a bhain le scéal an fhile Piaras Feiritéar agus leis an lorg a d’fhág Cromail ar an gcruit.

Fág freagra ar 'Scéal na nGael Aerach le hinsint ag Ciara Ní É le tacaíocht Amharclann na Mainistreach'