Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta den True History of the Kelly Gang

Saothar ficsin dearóil a dhéanann cíoradh ar go leor é 'True History of the Kelly Gang' ach sleamhnaíonn sé an iomarca i dtreo na háiféise is na haiteachta

Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta den True History of the Kelly Gang

True History of the Kelly Gang

Stiúrthóir: Justin Kurzel

Cliar: George MacKay, Essie Davis, Orlando Schwerdt,

Nicholas Hoult, Charlie Hunnam, Russell Crowe

Tá sé ráite gurb é seo an naoú huair déag a bhfuil scéal Ned Kelly tugtha chuig an scáileán beag is mór agus gach duine ó Heath Ledger go Mick Jagger tar éis a léiriú féin a dhéanamh ar an laoch/fhrithlaoch de bhunadh na hÉireann. Ní haon iontas sin óir go bhfuil dúil mhíchuibheasach ag pobal na hAstráile, agus daoine níos faide i gcéin, i ngníomhartha buile an bushranger a cuireadh chun báis 140 bliain ó shin. Tá an léamh is déanaí seo bunaithe ar leabhar le Peter Carey a chroch leis an duais Booker in 2001.

Tá cur i gcéill agus imeartas ag baint leis an teideal mar is éard a chuireann an saothar seo roimhe ná léiriú ficseanúil a dhéanamh ar Kelly. Cuireann an saothar an-bhéim ar a óige agus léirítear a mháthair mar sórt Lady Macbeth a ghráigh is a chráigh é. Tugtar drochíde do Ned sa teaghlach mífheidhmiúil seo. Bíonn a mháthair ag tathant air dul sna fir agus ansin is é fós óg déanann sí é a dhíol le robálaí mar ghiolla gualainne. Ní haon iontas go sleamhnaíonn sé i dtreo na buile is an fhoréigin.

Tá an cos ar bolg a imríonn an bhunaíocht ar an gcosmhuintir go mór sa treis. Cuirtear abhaile orainn nach bhfuil ann ach an tseanchoimhlint idir an tÉireannach agus an Sasanach aistrithe go mór-roinn eile. Ag pointe áirithe tugtar le fios dúinn gur reibiliúnaithe iad buíon Kelly atá ag éirí amach i gcoinne na héagóra.

Tá an homa-earótachas le sonrú síos tríd an scannán cé nach dtagann sé go barr uisce riamh. Cé go bhfuil an trasghléasadh bunaithe ar smut den fhírinne is dóigh liom go ndéantar scéal mhadra na n-ocht gcos de chúraimí agus go bhfágann sé blas ait ar chúrsaí.

B’fhéidir gurb in é a bhí ón údar is ón stiúrthóir. Na carachtair ag maíomh go gcífidh na húdaráis Murchadh nuair a chífidh siad na gúnaí. Bhí an nasc le dream coirpeach bréagach Éireannach dar teideal The Sons of Sieve seafóideach. I dtreo dheireadh an scannáin is amhlaidh go bhfuil Kelly ag imeacht le craobhacha.

Tá taispeántais ábalta ón gcliar ar fad, ós na cinn feadhna MacKay, Davis agus Schwerdt, ach go háirithe. Róil thánaisteacha atá ag Crowe agus Hunnam.Is mór an trua nach bhfuil aon aisteoir Éireannach sa mheitheal go mórmhór agus an saothar lán go gad le carachtair a bhfuil sloinnte Éireannacha orthu: Kelly, Bryne, O’Neill, Fitzpatrick srl.

Saothar ficsin dearóil é a dhéanann cíoradh ar go leor é seo, ach sleamhnaíonn sé an iomarca i dtreo na háiféise is na haiteachta

Fág freagra ar 'Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta den True History of the Kelly Gang'