Scéal léanmhar an leathanbhanda – tá ceacht le foghlaim

Níl údar mórtais ag páirtí ar bith a bhí i mbun rialtais le scór bliain anuas ach ba chóir go mbeadh ceacht foghlamtha acu ar fad

Scéal léanmhar an leathanbhanda – tá ceacht le foghlaim

Bhí tír ann fadó ina mbíodh gach duine ag síorghearán faoin tseirbhís teileafóin, agus éadóchas ar chách nach bhfeabhsófaí í.

Sampla ó chuimhne an cholúnaí seo: fear gnó as contae na Gaillimhe a raibh drochsheirbhís teileafóin ag cur isteach ar a ghnó gach lá. 

Bhí earraí á n-easpórtáil ag a chomhlacht gach seachtain, agus socruithe le plé le ceannaitheoirí thar lear. Ní raibh sé ábalta labhairt leo ach ar feadh sé uair an chloig gach lá – ó 9.30 go dtí 12.30, agus ó 2.30 go dtí 5.30 sa tráthnóna.

Táimid ag caint ar an tréimhse sular ceapadh an teileafón soghluaiste. Seachas glaonna áitiúla, bhí gach glaoch as nó chuig oifig an chomhlachta ag brath ar an teileafónaí a bhí ar dualgas san oifig an phoist áitiúil. Mura mbeadh gach socrú gnó déanta sula gcríochnódh an duine sin a chuid oibre, bhíodh ar cheannaitheoirí, san Iodáil, mar shampla, fanacht go dtí leathuair tar éis a deich (am na hIodáile) an lá dár gcionn.

Sna 1980í, bhí an tseirbhís níos fearr ach gan í a bheith thar mholadh beirte sna bailte móra. B’éigean teileafóin agus línte teileafóin a iarraidh ón Roinn Poist agus Teileagraf (P&T, nó an Roinn Cumarsáide mar a thugtar anois uirthi). Bhí ar iarrthóirí fanacht suas le sé mhí scaití sula gcuirfí fón ar fáil dóibh.

Chothaigh drochstaid an chórais míshásamh agus fearg ar feadh i bhfad. Ach ó 1979 ar aghaidh, chuir rialtais éagsúla agus na hairí P&T Albert Reynolds agus Jim Mitchell mórchlár feabhais agus nua-aoisithe i bhfeidhm. Bunaíodh comhlacht nua stáit, ar baisteadh Telecom Éireann air, i 1983 leis an obair feabhsúcháin a bhrostú.

Bhí rath ar an obair. Bhí córas nua-aimseartha ar fáil i ngach áit sa tír beagnach. Ach faoi dheireadh na n-ochtóidí, bhí airgead de dhíth ar an rialtas. Fógraíodh príobháidiú an chomhlachta, ar tugadh Eircom air ó thosaigh sé ag feidhmiú mar chomhlacht príobháideach i 1999.

And the rest is history…

Tá an roth casta go hiomlán faoin am seo. Tá an tír sa riocht céanna beagnach, ó thaobh seirbhísí ardluais leathanbhanda de, agus a bhí ó thaobh seirbhísí teileafóin de dhá scór bliain ó shin.

Níl seirbhís den scoth ar fáil i ngach áit fós.

Níl plean feabhais a mbeadh muinín as á chur i bhfeidhm.

Níl na spriocanna feabhais a fógraíodh roimhe seo bainte amach.

Níl seirbhís leathanbhanda ag breis agus leathmhilliún teach/gnó.

Níl dóchas ag mórán gur gearr uainn feabhas ceart.

Tar éis d’Eir, mar a thugtar ar Eircom anois, a fhógairt Dé Céadaoin nach mbeidís páirteach san obair a theastaíonn chun leathanbhanda a chur ar fáil ar fud an stáit, dúirt an tAire Cumarsáide Denis Naughten go raibh súil aige go mbeadh conradh feabhais sínithe agus á fhógairt faoi Mheán Fómhair na bliana seo.

Níl aon rogha le déanamh ag an rialtas. Ní chuirfear ach tairiscint amháin ar an mbord, is é sin mura dtarraingíonn an cuibhreannas a bhunaigh na comhlachtaí SSE agus Enet siar chomh maith.

Sa Dáil Déardaoin, rinne an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Timmy Dooley cur síos feirmeora ar an margadh a dhéanfar, dar leis. 

Má tá bullán á dhíol ag margadh, arsa Dooley, agus gan ach ceannaitheoir amháin toilteanach é a cheannach, glactar le cibé praghas a thairgeann an ceannaitheoir.

Mhol Fianna Fáil roimhe seo gur chóir don rialtas tabhairt faoin obair, seachas í a fhágáil faoin earnáil phríobháideach.

Tá leithscéal réasúnta ag an rialtas. Shocraíodar cheal airgid gurbh fhearr margadh a dhéanamh le comhlacht príobháideach leis an gcóras leathanbhanda a fheabhsú.

Dáiríre, níl údar mórtais ag páirtí ar bith a bhí i mbun rialtais le scór bliain anuas. Theip orthu go léir tábhacht an chórais a thuiscint luath go leor. Theip orthu go léir socrú téagartha a dhéanamh leis an gcóras a fheabhsú. Agus theip orthu go léir aghaidh a thabhairt ar an moill atá soiléir, arís eile, ar leathnú an chórais faoin tuath.

Ní gá gur sóisialaí thú chun a admháil gur léir ón scéal léanmhar seo nach bhfuil comhlachtaí príobháideacha ábalta ná toilteanach freastal ar an tír go léir, gan mhoill.

Ceacht foghlamtha. Nó ba chóir go mbeadh.

Fág freagra ar 'Scéal léanmhar an leathanbhanda – tá ceacht le foghlaim'

  • Mise Áine

    ‘Ní gá gur sóisialaí thú chun a admháil gur léir ón scéal léanmhar seo nach bhfuil comhlachtaí príobháideacha ábalta ná toilteanach freastal ar an tír go léir, gan mhoill.’

    Fiú dá mbeadh siad ‘ábalta,’ tá brabús ina mháistir ar aon chomhlacht príobháideach, cheapfainn, agus ní bheinn róchinnte go bhfeilfeadh ‘leathnú an chórais faoin tuath’ don mháistir sin, faraor.

  • Páid Ó Donnchú

    Mar dhuine atá ag plé chúrsaí leathanbhanda le tríocha bliana, tá mé in ann a rá go bhfuil an t-alt seo faoi stair an leathanbhanda neamhghnách. Tá sé proifisiúnta agus cruinn.