Cé go léiríonn taighde nua go bhfuil lear mór de litríocht agus de leabhair na meán-aoise caillte, is mó scéalta Gaeilge a tháinig slán ná scéalta i go leor teangacha eile.
Tá taighde déanta ag meitheal idirnáisiúnta le tuairim a fháil cé mhéad de lámhscríbhinní na meánaoise atá fós againn agus cé mhéad acu atá caillte.
Bhí scoláirí ón Téaváin, ón Ísiltír, ón bhFrainc, ó Shasana, ón nGearmáin, ón Íoslainn agus ó Éirinn páirteach sa taighde, a foilsíodh in Philadelphia san iris mór le rá, Science.
Deirtear sa taighde go bhfuil idir 80-90% de lámhscríbhinní meánaoiseacha na hEorpa imithe gan tuairisc. Dá ainneoin sin, níl caillte ach thart ar 20% d’eachtraí próis na Gaeilge agus na hÍoslainne. Thart ar 50% de scéalta den saghas céanna atá caillte i litríocht na dtíortha eile.
Is é Pádraig Ó Macháin, Ollamh le Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí, a sholáthraigh an taighde ar litríocht agus ar lámhscríbhinní na hÉireann, agus deir sé gur “scéal iontais” é líon na seanscéalta Gaeilge a mhaireann.
“Bhí a fhios againn i gcónaí go raibh lear mór de lámhscríbhinní na Gaeilge ón tréimhse roimh 1600 caillte, ach níorbh fhéidir linn uimhir a chur ar an gcailliúint sin go dtí anois. Mar an gcéanna leis na seanscéalta: scéal iontais ann féin is ea é an méid a mhaireann díobh, ainneoin na cailliúna móire a tharla sna lámhscríbhinní féin.”
Deir an tOllamh Ó Macháin freisin gur “toradh suimiúil” é go bhfuil staitisticí don Íoslainn agus d’Éirinn – dhá oileán – mórán mar a chéile.
Modheolaíocht mhatamaitice a mbaintear úsáid aisti i staidéar na héiceolaíochta a chuir lucht an taighde i bhfeidhm ar scéalta próis agus ar lámhscríbhinní ón meánaois chun fáil amach cé mhéad díobh a mhaireann sa lá atá inniu ann.
Deir an tOllamh Ó Macháin go raibh “páirtíocht bhríomhar” i gceist agus “éiceolaithe, lucht mata, agus scoláirí lámhscríbhinní i bpáirt le chéile ó thosach deireadh”.
Deir an mheitheal thaighde nach bhfuil anseo ach an tús. De réir mar a chuirfear lámhscríbhinní as tíortha eile san áireamh, chomh maith le cineálacha eile litríochta, a bheidh pictiúr níos cruinne againn de stair lámhscríbhinní agus litríochtaí an domhain.
Brian Ó Dálaigh
Is maith an píosa taighde é ar líon na lámhscribinní a mhaireann óna na meán aoiseanna. Is mór trua nac nach bhfoilsítear níos mó díobh.
BÓD
majella kavanagh
sceal maith sin buiochas le dia. foilsigh aris iad l d t.