Scéal dhá bhád fartha a tosaíodh in 2015 ach atá fós leathchríochnaithe…

Tá faitíos ar dhaoine nach gcríochnófar go deo dhá bhád a bhí le freastal ar na hOileáin Thiar in Albain

Scéal dhá bhád fartha a tosaíodh in 2015 ach atá fós leathchríochnaithe…

Seo scéal dhá bhád fartha a tosaíodh in 2015, ach atá fós leathchríochnaithe. Agus an costas measta anois – £250 milliún – dhá oiread go leith an chéad mheastacháin.

Is féidir linn a bheith buíoch nár tharla an scannal áirithe seo ar an taobh seo de Mhuir Éireann – ach tá gaol gar againn leis an dream ar tharla sé dóibh.

Is minic daoine sa tír seo ag maíomh as a bhfuil bainte amach ag Páirtí na Náisiúnach in Albain. Anois, ní hé go bhfuil aon duine ag déanamh brabach ar an scéal seo ná ní bhaineann sé le caimiléireacht ná tada mar sin. Ach tá léiriú ina lár ar laige gur fiú machnamh air agus daoine ag déanamh gaisce as na Náisiúnaigh thall.

Tharla go raibh gá le báid fartha nua do na bealaí ar an gcósta idir an mórthír agus na hOileáin Thiar (Na h-Eileanan Siar). Bhí na báid a bhí ann ag éirí sean agus ag titim as a chéile. Scéal mór fada é an chaoi ar tharla sé gur tugadh an conradh le haghaidh tógáil na mbád nua do chomhlacht áitiúil i nGlaschú.

In alt sa London Review of Books le Ian Jack déantar an-chur síos ar na mionsonraí a bhaineann leis an eachtra seo. Tugann sé an-léargas ar an gcaoi ar fhás an tionscal tógála bád i nGlaschú; na longa cáiliúla ar nós an ‘Queen Mary’ a tógadh ann; an chaoi ar thosaigh an tionscal ag cúlú; agus cur síos go háirithe ar thitim as a chéile longchlós cáiliúil amháin – Fergusons.

Ar an 15 Lúnasa 2014, scaoil Fergusons leis an 70 duine deireanach den fhoireann a d’oibrigh ann tráth. Chuaigh an comhlacht ‘faoi riarachán’. Ach bliain go díreach ina dhiaidh sin, d’fhógair Rialtas na hAlban go raibh an conradh tugtha acu do Fergusons chun an dá bhád nua fartha a thógáil.

Bhí níos mó ná dea-scéala ag baint leis an bhfógra. Bhí cáil ar an gcomhlacht (uair amháin), bhí cáil ar thraidisiún na longchlós áitiúil, bhí ainm Albanach orthu. Bhuaigh siad an conradh agus iad i gcomórtas le comhlachtaí as an bPolainn, as an Tuirc, as an nGearmáin agus as Sasana.

Seans nach raibh a fhios ag an bpobal go raibh an fhoireann scaipthe, go raibh na ceardaithe ar fad a bhain leis an tionscal tráth, imithe chuig tíortha nó chuig tionscail eile. Bhí an Ríocht Aontaithe fós sa gComhphobal Eorpach ag an am agus á rialú ag an ‘comórtais oscailte’. Ach ar chúis éigin bhuaigh comhlacht Albanach a bhí tite as a chéile an conradh chun dhá bhád, arbh fhiú céad milliún punt iad (ag an am), a thógáil i nGlaschú.

Tháinig Nicola Sturgeon, Céad-Aire an Rialtais, go Fergusons chun an dea-scéala a fhógairt.

Cé go raibh an comhlacht faoi riarachán, is cosúil gur ceannaíodh é ar £600,000 agus gur fear a thacaigh leis an bPáirtí Náisiúnach, Jim McColl, a cheannaigh é. Ba thionsclaí den scoth é McColl agus go leor comhlachtaí rathúla ag obair faoi.

Bhí cáil i bhfad is i ngearr ar an gcomhlacht fartha a bheadh ag riaradh na mbád – Caledonian McBrayne Ferries. Is cuimhin liom féin an chéad uair a bhfaca mé bád dá gcuid agus mé ar cuairt chuig na Garbhchríocha agus na hOileáin nuair a bhí mé i mo mhac léinn. Ni raibh aon eolas agam fúthu ach bhain mé brí as an ainm – gur comhlacht éigin Albanach a bhí ann a bhunaigh an chlann ‘McBrayne’ b’fhéidir?

Ba ea, cinnte, i dtús ama. Ach faoi thús na 2000idí bhí sé briste suas ina chodanna éagsúla – bhí comhlacht amháin, Caledonian Ferries ann agus comhlacht eile- CalMac Ferries (agus comhlachtaí eile) agus bhí na bealaí éagsúla go dtí na hoileáin ag brath go mór ar thacaíocht airgid ón Rialtas.

Áisíneacht nua stáit, Transport Scotland, a bhí i mbun riaradh na hoibre sin ar fad. Murab ionann agus scéal na n-oileán sa tír seo, tá an iliomad oileáin bheaga ar chósta thiar na hAlban. Cainteoirí Gaidhlige go leor den daonra ach an daonra fíorbheag ar go leor díobh.

Bhí sé soiléir gurbh ualach mór ar Rialtas na hAlban iad na híocaíochtaí tacaíochta don chomhlacht bád fartha.

Measadh gur ardaigh bille an Rialtais ó £57 milliún sa mbliain 2007/8 go dtí £144.2 milliún sa mbliain 2016/17. Dúirt comhairleoir loingseoireachta amháin (a raibh drochmheas aige ar CalMac), gur chosain an bád fartha go dtí na hoileáin bheaga Rum, Eigg, Canna agus Muck, £26,000 in aghaidh gach aon duine, fear, bean agus páiste a chónaigh orthu.

Tuairiscíodh sa Oban Times go raibh 9,469 turas chuig na hOileáin déanta ag an gcomhlacht sa mbliain 2009 agus ní raibh oiread agus paisinéir amháin ar 800 de na turais sin.

Ba léir go raibh fadhb acu ach is í an fhadhb chéanna a bhíonn ann í gcónaí maidir le bealaí taistil chuig oileáin. Tar éis go leor cur agus cúitimh thar na blianta, ba é an toradh a bhí ar a gcuid plé ar fad na go raibh dhá bhád fartha mhóra nua ag teastáil agus, in 2013, thosaigh Transport Scotland agus CalMac ag obair ar na pleananna.

Ba ansin a thosaigh na fadhbanna ar fad. Fadhbanna faoi dhearadh na mbád, costas na mbád, an conradh féin – céard a bhí ann, ceard nach raibh ann? Ach fógraíodh an coimisiún agus ba é Márta 2015 an dáta deiridh d’iarratais. Mar a dúirt mé, fuair Fergusons, dream nach raibh aon fhoireann oibre acu níos mó, an conradh.

Ach bhí buntáiste polaitiúil le baint as an bhfógra go bhfuair Fergusons é. Ag an am céanna bhí Rialtas Westminster chun a fhógairt go raibh siad chun méadú a chur leis an mbunáit fomhuireán a bhí acu in Faslane, cúpla míle ó Chalafort Ghlaschú. Bheadh na mílte post le cruthú ansin. Ní fhéadfadh Rialtas na hAlban ligean leo i gcúrsaí tógála bád. Chuaigh Nicola Sturgeon go Glaschú agus d’fhógair an nuacht faoi Fergusons agus na báid nua do CalMac- agus gan an conradh sin sínithe fiú.

Ón lá sin amach, i méid a chuaigh na drochscéalta faoi na báid. Mar shampla, cinneadh an dá bhád a thógáil le taobh a chéile – shábhálfadh sin airgead, nach gceapfá?

Ach tharla sé nach raibh an spás acu de réir mar a bhí an obair ar an bpéire acu ag dul ar aghaidh. B’éigean ceann acu a chur amach sa bhfarraige agus gan inti fós ach a cabhail.

Bhí ainm agus uimhir tugtha don dá bhád – rud a dhéantar go minic i longchlós – Cabhail 801 agus Cabhail 802.

Cinneadh ‘Cabhail 801’ a lainseáil san uisce le spás a dhéanamh sa longchlós. Tháinig an Chéad-Aire, Nicola Sturgeon, chun an bád a lainseáil cé nach raibh sí críochnaithe, ná leathchríochnaithe. Rinne sí óráid bhreá spreagúil inar labhair sí faoin ‘ócáid chorraitheach, agus an ‘áit speisialta atá ag an longchlós seo i gcroílár an phobail agus i gcroílár na hAlban’.

Sheol an long céad méadar chuig cé, áit ar fhan sí ó shin – le cúig bliana. Má bhí sí leath-thógtha ní raibh sin an-soiléir. Bhíodar tar éis cearnóga dubha a phéinteáil ar an droichead stiúrtha, chun go mbeadh cuma ‘fuinneoga’ orthu.

Agus sa lá inniu, tá an dá chabhail fós ansin. Cuireadh an dáta seachadta siar arís agus arís eile. Tá faitíos ar dhaoine nach gcríochnófar go deo iad.

Tá daoine eile ag caint ar tholláin faoin bhfarraige. Anois, cár chuala muid é sin cheana?

Fág freagra ar 'Scéal dhá bhád fartha a tosaíodh in 2015 ach atá fós leathchríochnaithe…'