Scappaticci i measc na n-uasal agus sonraí a uachta coinnithe faoi cheilt

Rialaíodh ag éisteacht rúnda san Ardchúirt i Londain an mhí seo caite go gcoinneofaí uacht Freddie Scappaticci faoi shéala go ceann 70 bliain

Scappaticci i measc na n-uasal agus sonraí a uachta coinnithe faoi cheilt

Freddie Scappaticci nó Stakeknife, mar is fearr droch-cháil air, ar aon liosta le Prionsa Philip na Breataine agus máthair na Banríona Eilís. Is baill den teaghlach ríoga, muintir  Windsor, an t-aon dream amháin a fuair an phribhléid iarbháis seo go dtí gur ceadaíodh do ‘Scap’ í le déanaí.

Rialaíodh ag éisteacht rúnda san Ardchúirt i Londain ar an 21 Iúil go gcoinneofaí uacht an spíodóra faoi shéala go ceann 70 bliain. Chinn Seansailéir na hArdchúirte go gceilfí sonraí na huachta go dtí 2095. Chinn sé freisin nach raibh rud ar bith san tiomna a mbeadh suim (dhlisteanach) ag na meáin nó ag an bpobal ann agus nár mhór tairbhithe na huachta a chosaint. Masla i gceann na héagóra, dar le gaolta dhaoine ar mharaigh aonad pionóis an IRA, faoi cheannas Scappaticci, iad.

Maítear gur fhág sé eastát arbh fhiú breis is leathmhilliún, £500,000, é nuair a fuair sé bás in 2023 i Sasana, áit a raibh cónaí air faoi ainm nua ó theith sé as Béal Feirste fiche bliain ó shin. Nuair a tháinig sé chun solais in 2003 gurbh eisean Stakeknife ‘príomhghníomhaire’ na Breataine san IRA le blianta, shéan sé na líomhaintí ach saothar in aisce aige ab ea é. D’imigh sé ar a theitheadh agus chuir MI5 agus na húdaráis sa Bhreatain tithe, slándáil, luach saothair agus ainm nua ar fáil dó. Is cosúil gur Frank Cowley an t-ainm a bhí á úsáid aige ag am a bháis.

Ba é Scappaticci, as ceantar an Mhargaidh i mBéal Feirste, ceannaire fíochmhar an aonaid smachtaithe san IRA Sealadach. Ba é sin an t-aonad scanrúil a d’fhuadaigh, a chiap agus a mharaigh daoine a rabhthas in amhras gur bhrathadóirí nó spíodóirí don stát iad. Líomhnaíodh gur iomaí duine a maraíodh ar ordú Scappaticci chun a ról féin mar bhrathadóir a cheilt.

D’fhiosraigh Operation Kenova faoi cheannas Phríomh-Chonstábla Bedfordshire, Jon Boutcher, atá anois ina Phríomh-Chonstábla i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann [PSNI], ról Stakeknife sna scórtha dúnmharuithe de chuid an IRA. Níor cheadaigh polasaí rialtais do thuairisc eatramhach Kenova Scappaticci a ainmniú mar Stakeknife. Chinn an fiosrú áfach gur cheart Scappaticci a bheith cúisithe as dúnmharuithe agus coireanna eile; bhí comhad seolta ag an tSeirbhís Ionchúisimh ach ní raibh cinneadh déanta faoin am ar fógraíodh go raibh Scappaticci básaithe.

Is iomaí duine a bhí sceipteach faoina raibh fírinne ar bith sa scéal gur cailleadh é ach dhearbhaigh scéal na huachta a bhás. Ní hé sin deireadh an scéil ghránna seo, áfach. Tá breis is scór teaghlach ag éileamh cúitimh agus córa as an gcomhcheilg idir an Bhreatain agus Stakeknife. A thuilleadh cásanna cúirte le theacht agus ina measc dúshlán an rialaithe maidir leis an uacht a cheilt.

Ar éigean a cheapfadh aon duine go gcothódh a thuilleadh rúndachta agus ceilt eolais muinín i measc na n-íobartach go bhfaighidh siad a gceart choíche. Ní údar misnigh í an rúndacht ach an oiread go mbeidh seirbhísí faisnéise ná riar na córa níos iontaofa feasta ná mar a bhí san ré shuarach atá caite.

Fág freagra ar 'Scappaticci i measc na n-uasal agus sonraí a uachta coinnithe faoi cheilt'