SCANNÁN: Fear na haghaidhe fidil chomh foréigneach is a bhí riamh ach an snas imithe dá scian

Is mór idir Halloween agus an sceon a ghin an chéad táirge le John Carpenter daichead bliain ó shin

SCANNÁN: Fear na haghaidhe fidil chomh foréigneach is a bhí riamh ach an snas imithe dá scian

Halloween
Stiúrthóir: David Gordon Green
Cliar: Jamie Lee Curtis, Andi Matichak, Judy Greer, Will Patton

Is deacair a chreidiúint go bhfuil daichead bliain gafa tharainn ó tharraing Michael Myers an aghaidh fidil scanrúil, cháiliúil air féin agus ó thosaigh sé ag beartú scine.

Ba í Jamie Lee Curtis a bhí i ról an laoich shoineanta Laurie Strode, bean a bhí agus atá á ciapadh ag gealt neamhshaolta. Chuaigh gníomhartha foréigneacha Mhichíl i bhfeidhm ar shamhlaíocht an lucht féachana agus gineadh an iliomad scannán leantach. Tá aon cheann déag de scannáin sa chnuasach ag an bpointe seo agus Myers i ndeich gcinn acu, Strode i seacht gcinn agus Curtis i gcúig cinn.

Ní fiú a bheith ag útamáil le huimhreacha ag an bpointe seo agus dá bharr níl de theideal ar an saothar seo ach Halloween. Tá sé le maíomh ag Jamie Lee gurb í, b’fhéidir, an t-aon aisteoir riamh a d’fhill ar chnuasach fiche bliain, agus ansin daichead bliain, tar éis an táirge bhunaidh.

Pé acu scéal é, tá an cnuasach seo, in ainneoin na truflaise agus na seanchaiteachta, ar cheann de phiardaí móra iomaire an uafáis. Tá Myers i mbuíon na sárbhithiúnach uafáis taobh le Leatherface, Jason agus Freddy Krueger. Dá bharr sin tá leisce orthu Micheál a chur de dhroim seoil, bhuel go dtí anois…b’fhéidir.

 

Sa saothar seo tugtar neamhaird, nó baintear casadh as, nithe a tharla go dtí seo agus is fearr féachaint air mar scannán leantach don chéad dhá scannán. Tá na cúlfhiacla curtha go maith ag Strode ag an bpointe seo. Í ciaptha ag ar tharla di blianta roimhe sin agus, dá bharr, tá daingean déanta dá teach agus í ag tiargáil don lá go bhfillfidh fear na haghaidhe fidil. Ní hí Strode amháin atá ar a teitheadh mar go bhfuil a hiníon agus a gariníon tarraingthe isteach sa chúram.

Táthar gafa le podchraoltaí (agus táirgí físe) faoi choirscéalta fírinneacha ar na saolta seo agus deas mar a chaitear slais le lucht an iomaire sin ag tús an scannáin. Beirt Shasanach tagtha an dúthaigh is iad ag iarraidh adhmad a bhaint as na huafáis. Iad ag bladaireacht leo is ag caitheamh carraigeacha Béarla ina ngléasanna taifeadta. Is deas mar a fhaigheann siad rud a bheith acu sa deireadh.

Roimhe sin déanann siad iarracht dreas cainte a dhéanamh le Michael agus é i ngéibheann in institiúid ardslándála. Tá sé chomh beagfhoclach is a bhí sé riamh. Ní thugtar aon seat dá chuntanós dúinn ach is léir go bhfuil sé imithe in aois. Iontas na n-iontas éalaíonn Myers agus filleann sé ar an bhfód dúchais le dul i mbun maraithe.

Tá sé chomh foréigneach is a bhí sé riamh ach dar liom go bhfuil snas imithe dá scian.

Is mór idir seo agus an sceon a ghin an táirge le John Carpenter. Tá an rud ar fad sleamhnaithe chun seanchaiteachta. Dar liom nach bhfuil Curtis í féin os cionn a buille agus tá a carachtar, in ainneoin imeacht na mblianta, níos patuaire ná an ceann a bhí againn i dtosach aimsire.

An bhfuil Michael curtha de dhroim seoil? Cuirtear ina luí orainn go mb’fhéidir go bhfuil ach ní haon dóithín é fear na haghaidhe fidil.   

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Fear na haghaidhe fidil chomh foréigneach is a bhí riamh ach an snas imithe dá scian'