Scannán faisnéise álainn, spioradálta, anamúil is daonna…

Beart álainn scannánaíochta atá in The Eagle Huntress le Otto Bell, a deir ár léirmheastóir

Scannán faisnéise álainn, spioradálta, anamúil is daonna…

 

‘I was raised with Golden Eagles. I was looking at my father and seeing it was normal. But people were coming up with the idea that girls can’t do this, I just wondered – why not?’ – Aisholpan, trí bliana déag, in agallamh leis an Guardian.

Ba é Asher Svidenski, Iosraelach, iarshaighdiúir coinscríofa, fánaí ceamara – a chéad tháinig ar Aisholpan, Kazakh déagóra de shliocht sleachta Chinggis Khaan.

Sealgaire iolar í, fá scáth na Sléibhte Altai ar steipeanna thiar-theas na Mongóile.

D’fhoilsigh an BBC grianghrafanna Svidenski. Thit Otto Bell, stiúrthóir scannán tráchtála, fá dhraíocht is fá gheasa Aisholpan – an chéad sealgaire iolar baineann dá cine, a deir sé. Mar sin a saolaíodh an físdán álainn ceanúil, The Eagle Huntress.

‘I thought Svidenski’s pictures were watercolours. I saw the landscape. These birds, the biggest Golden Eagles in the world; and I saw Aisholpan’s face. She’s angelic. There’s got to be a film,’ arsa Bell.

Chonac The Eagle Huntress an lá fá dheireadh. I gcuideachta Chadhla óg s’againne, gariníon. Tá an teaghlach curtha bodhar aici ó shin. Iontas go headartha bó á dhéanamh ag girseach Ráth Fearnáin as éacht déagóra ó ‘phláinéad coimhthíoch’, deir sí, iomlán lasmuigh dá raon taithí féin. Eiseamláir eile di chun cur le taobh an dá Katie, Swift agus Taylor.

Ní gan tacú na dtuistí a d’fhás fís Aisholpan. Tá ainmneacha sealgairí iolair na treibhe, siar go dtí an cheathrú glúin déag, is cosúil, ar bheola an athar, Agalai. Ach ’sé traidisiún na bhfánaithe Kazhak ná cúram dúrúnta na sealgaireachta a chur ar iontaoibh don mhac is sine, agus dó sin amháin.

Rúndiamhair na ceirde, ón athair don mhac, thar na glúnta anonn.

Tugann caint chríonna ó sheanóir le fios gur amhlaidh atá.

‘Hunting is for men…A girl is too fragile…Not brave enough…She should be cooking for the hunting men.’

Ach is Muireann i mbríste í Aisholpan. Ní chuirfear go héasca ó dhoras an ógbhean thiomanta.

Is deas an mhaise go dtugann grá as cuimse an athar agus tacaíocht ghníomhach na máthar an eochair scaoilte di. Más í Aisholpan an bhanlaoch, ’sé an t-athair, Agalai, a slánaitheoir. Tá an gaol álainn atá eatarthu i gcroílár spioradálta an aistir eipiciúil a ghlacann an dís sin in éineacht, beag beann ar gheasa an traidisiúin.

Is treise go mór an scannán nuair a ligeann Bell dóibh siúd ar leo an dúthaigh an scéal a insint -Aisholpan agus Agalai, an mháthair, Almagul, an tírdhreach treascrach, na pónaithe fadfhionnaidh sléibhe, agus, gan aon dabht ar bith, iolar fíréin Aisholpan, ‘White Feathers’, agus an caidreamh a éiríonn idir chuile persona sa dráma.

Éan í ‘White Feathers’ atá anois ina drón sciathánta, ‘Go-Pro’ ar a muineál, ceangailte le bóna madra.

Anois eile, mar is dual di, ní sealgaire míthrócaireach go dtí í. Uaireanta eile, ar mhiotóg dheas

Aisholpan, is í an t-éan is séimhe amuigh í. Is iontas ann féin an gaol a fhásann idir éan is cailín.

Is treise an scannán nuair nach mbrúnn Bell luachanna faiseanta comhaimseartha an Iarthair ar chanbhás nach mbaineann leo. De réir na bhfotheideal, in áit amháin, deir Almagul, máthair

Aisholpan – ‘A woman should be free to choose’.

Ní chreidim go luíonn an frása sin – nach bhfuil aon éalú ón bhfothéacs atá ann ar thaobh seo na cruinne – go nádúrtha ar bheola Almagul. Gan aon dabht is bean sofaisticiúil leathan-aigeanta í atá ar oll-oideachas na steipeanna, ar oll-oideachas nádúrtha na muintire – bean, gan dabht, a tháinig fá anáil sheanchóras sóisialach oideachais na Sóibhéide. Agus gach seans go gcreideann sí ‘a woman should be free to choose’ sa bhrí a bhainimid as.

N’fheadar arbh é ‘A woman should be free to hunt’ a dúirt sí? Mar go bhfios dom nach roghnaítear fotheidil trí sheans, arbh é ‘A woman is free to choose’ frása an léiritheora, nó, Dia idir sinn agus an donas, rá an eagarthóra coimisiúnaithe? Nó, níos measa fós, dá bhféadfaimis a leithéid a shamhlú, nath an bhainisteora margaíochta?

Bhfuil luí na Ceartaiseachta Polaitiúil curtha ar fhreagra, nuair nach é sin a bhí i gceist in aon chor?

Tá sé tagtha chun solais le déanaí gur dóichí nárbh í Aisholpan an chéad bhean óg a d’imigh le sealgaireacht iolar sa phobal Kazhak, agus, i dtaca leis sin, bíodh is nár thaitin liobrálú na ceirde leis ‘na sean-chúltacaí’ seargtha fireanna, go raibh glacadh forleathan lena n-éacht i measc an phobail ghinearálta.

Táid ann, san fhíscheird seo againne, mionlach gur ualach orthu an fhírinne nuair a bhíonn scéal le ‘feabhsú’, nó scannán le margú. Rómhinic ar fad cuirtear soir mé nuair a aithníonn an radar inmheánach ionam an ‘feabhsú’.

Baineann a leithéid beagán ón Eagle Huntress mar bheart álainn scannánaíochta. Thairis sin, aithním in obair Bell ceann de na scannáin faisnéise is áille, is spioradálta, is teo, is gleoite pictiúr agus scéal, is anamúla, is daonna, agus is gaire don fhaobhar-imeall teicniúil ná mar is gnáth.

Baintear leas as dróin thubchumtha, ‘IolarCam’ féindéanta, deirtear liom, ina measc. Déanann an ‘Huntress’ faoileoireacht i bhfad os cionn na coitiantachta, agus fuasclaítear sinne, an lucht féachana, in uas-seadán tréan na gclúmh, na gcleití, is na ndrón.

Ní ábhar spóirt don Kazhak an tsealgaireacht. Cothú agus clúdach atá i gceist. Agus, nuair atá an t-iolar fiaigh réidh le pórú, in aois a sheacht mbliana, siúd an sealgaire chun na sléibhte, an t-Iolar ar a mhiotóg agus uan íobartach thar diallait leis.

Tugann saoirsiú Iolair mír oscailte ‘The Eagle Huntress’ dúinn. Beart caomhnaithe. Deasghnáth naofa.

‘You are an innocent lamb, but the Eagle deserves an offering…’ An t-éan ar a eiteog, scairtear amach an bheannacht chroíbhriste dheiridh:

‘The time has come for you to fill the sky, and be free’.

Anois a chairde, sin spéic na fírinne duit. Gan útamáil léiritheora, ná cur i gcéill eagarthóra coimisiúnaithe, ná ceartaiseacht pholaitiúil an bhainisteora margaíochta.

Maidir le Aisholpan, ceolann an beart an bhean. Chruthaigh sí gur fearr sa bhfiach í ná aon ghearrbhodach fireann.

Ó Thuaidh! Bulaí Girsí!

Fág freagra ar 'Scannán faisnéise álainn, spioradálta, anamúil is daonna…'