‘Scannal’ RTÉ fillte do shéasúr eile lena 126ú clár

Clár tomhaiste, slachtmhar a thug éachtaint ar dhúnmharú brúidiúil agus ar an bhfothragadh a lean

‘Scannal’ RTÉ fillte do shéasúr eile lena 126ú clár

D’fhill séasúr eile de Scannal ar RTÉ1 an tseachtain seo caite. Tá an tsraith fhaisnéiseach seo linn ó 2004 agus ba é clár na seachtaine seo caite an 126ú clár ó mheitheal Ghaeilge RTÉ.

Cás dúnmharuithe Farah Swaleh Noor a bhí faoi chaibidil an tseachtain seo. Mar is gnáth baineadh úsáid as meascán de thráchtaireacht, cloigne cainte, míreanna athchruthaithe agus ábhar cartlainne leis an scéal cráite agus corraitheach a chur os ár gcomhair.

Bailíodh meitheal bhreá de chloigne cainte le sinn a stiúradh tríd an uafás; na hiriseoirí Caoimhe Ní Laighin agus John Mooney, an t-abhcóide Kate Conneely agus an fóiréinseolaí Dr. Martina McBride ina measc. Cuid mhaith acu ag labhairt i nGaeilge agus tráchtaireacht bhreá ó Shinéad Ní Churnáin.

Ba ar an 20 Márta 2005 a maraíodh Noor agus fuarthas a chorp sa Chanáil Ríoga deich lá ina dhiaidh sin. Cúisíodh na deirfiúracha Charlotte agus Linda Mulhall as an dúnmharú agus níorbh fhada gur thosaigh mionsonraí an cháis ag teacht os comhair an phobail.

Thugadar fé le scian agus le casúr ach níorbh í brúidiúlacht an dúnmharaithe féin is mó a chur alltacht is déistin ar an bpobal ach an íde a tugadh don gcorp tar éis an bháis is iad ag iarraidh an fhírinne a cheilt. Dícheannaíodh Noor agus níor thángthas ar an gceann riamh. Fuarthas seacht bpíosa de chorp Noor sa chanáil.

Ba é an Breitheamh Paul Carney a bhí i bhfeighil an cháis ina dhiaidh sin agus dúirt sé nach bhfaca sé cás chomh gránna leis riamh.

D’imigh na meáin, na cinn thablóideacha, ach go háirithe, amach ón gcairt ar fad. Iad ar fad ag baint na sála dá chéile le teacht ar an gcor agus an léamh ba gháifí ar an scéal. Na ‘Scissor Sisters’ a baisteadh orthu go gáifeach agus le seanbhlas. Seó bóthair ceart a bhí ann.

Cuirtear ar ár súile dúinn sé gur nós é seo ag cuid de na meáin, agus an pobal féin go deimhin, caitheamh le coirpigh ban ar shlí iomlán difriúil lena macasamhla fireanna. Cuimhnigh ar an tslí gur baisteadh The Black Widow ar Catherine Nevin agus Lying Eyes are Sharon Collins.

Gné eile den chás nár gur dhuine foréigneach teasaí ab ea Noor agus gur féinchosaint a bhí in ionsaí na ndeirfiúracha. Bhí fear na Céinia, raibh bean is clann aige ar an bhfód dúchais, ag siúl amach le máthair na beirte, Kathleen. Bhí sí siúd dhá bhliain déag le cois an dá scór agus tarrac ar fiche bliain níos sine ná a leannán. Is gaol achrannach, drochídeach a bhí acu agus tháinig cúrsaí go cnámh na huillinne an oíche chinniúnach úd. Lena chois sin ar fad tharla an eachtra agus iad ar fad lán go barra de dhrugaí is d’alcól.

I ndeireadh na dála gearradh príosún saoil ar Charlotte agus cúig bliana déag ar Linda.  Bhí trí bliana eile sula dtángthas ar an máthair agus ciontaíodh í siúd as bac a chur ar an bhfiosrú agus tugadh téarma príosúin cúig bliana di ó shin. I rith an ama chéanna chuir John Mulhall, athair na gcailíní, fear ar iarradh cabhair air an oíche úd, lámh ina bhás féin.

Díol suntais dom an léamh difriúil atá ag cuid de na cloigne cainte anois faoin gceart a tugadh do Noor agus na deirfiúracha.

Léamh amháin ná gur chinntigh an seó bóthair is an gháifeacht gur caitheadh go dian leis na mná seo a bhí imeallaithe ag an tsochaí cheana féin.

Tuairim eile ná nach aon leithscéal é sin do dhúnmharú brúidiúil a d’fhág leanaí gan athair agus teaghlach faoi dhaolbhrat bróin.

Clár tomhaiste, slachtmhar a thugann éachtaint ar dhúnmharú brúidiúil agus an fothragadh a lean é.

Fág freagra ar '‘Scannal’ RTÉ fillte do shéasúr eile lena 126ú clár'