Scannáin Ghaeilge á dtaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Beidh an fadscannán ‘Tarrac’ á thaispeáint den chéad uair riamh le linn na féile agus is amhlaidh do na scannáin fhaisnéise ‘Aisling Trí Néallaibh’ agus ‘Cathair na Mílte Grian’

Scannáin Ghaeilge á dtaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Beidh neart scannán Gaeilge á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, fleadh a chuirfear tús léi inniu.

Beidh Tarrac, an fadscannán is déanaí de chuid na scéime Cine 4,  á thaispeáint den chéad uair le linn na féile. Beidh deis chomh maith Róise & Frank a fheiceáil, saothar a bhfuil ardmholadh faighte aige ag féilte idirnáisiúnta roimhe seo.

Beidh na scannáin fhaisnéise Aisling Trí Néallaibh, Cathair na Mílte Grian agus An Buachaill Gealgháireach le feiceáil chomh maith den chéad uair ag an bhFleadh, a bheidh ar siúl idir 5-10 Iúil.

Tá an scannán Tarrac suite i nGaeltacht Chiarraí agus is dráma pearsanta carachtar-bhunaithe é, a deirtear. Filleann Aoife Ní Bhriain abhaile chun cuidiú lena hathair agus é ag téarnamh ó thaom croí. Is soiléir de réir a chéile gur fágadh go leor eatarthu nár dúradh faoi bhás mháthair Aoife.

Is scannán de chuid na scéime Cine4 é Róise & Frank a bhfuil an-tóir air ag na féilte ó eisíodh é níos luaithe i mbliana. Ar na gradaim atá bainte amach ag an scannán go dtí seo tá Gradam Chiorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus gradaim an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Santa Barbara agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sanoma araon.

Is scéim scannán Gaeilge é Cine4 a dtugann Fís Éireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4 tacaíocht dó.

Taispeánfar Aisling Trí Néallaibh den chéad uair riamh ar an 7 Iúil in Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh. Tugann an scannán léargas dúinn, a deirtear, ar phróiseas cruthaitheachta Dhoireann Ní Ghríofa. Cuimhní, máithreachas agus an mistéir a bhaineann leis an gcruthaitheacht is ábhar don scannán.

Beidh Cathair na Mílte Grian á léiriú den chéad uair ar an 8 Iúil. Oilithreacht chineamatach a ghealltar dúinn anseo ina ndéantar tionchar chultúr agus síceolaíocht an chogaidh a iniúchadh. Déantar naisc idir dhá chathair atá i bhfad óna chéile, Baile Átha Cliath agus Hiroshima, sa scannán. Is í Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file, atá ina reacaire sa scannán.

Baineann An Buachaill Gealgháireach le hamhrán Éireannach dar teideal ‘The Laughing Boy’ a scríobh Brendan Behan agus é ina dhéagóir, i gcuimhne ar Mhicheál Ó Coileáin. Taispeánfar an scannán i bpictiúrlann an Pháláis Dé hAoine, an 8 Iúil.

Beidh TG4 agus Fís Éireann ag óstáil ócáid líonraithe ag an bhFleadh chomh maith ar an Satharn, an 9 Iúil, do léiritheoirí a mbeadh spéis acu ábhar Gaeilge a chruthú. Tá fáilte roimh léiritheoirí, stiúrthóirí agus lucht na cruthaitheachta chuig an ócáid sin ag a bhfógrófar ciste forbartha Gaeilge nua, ar comhpháirtíocht é idir Fís Éireann agus TG4.

Fág freagra ar 'Scannáin Ghaeilge á dtaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'