Thaitin cláir imscrúdaithe RTÉ liom riamh. Bhí branda uathúil ag Prime Time Investigates tráth ach chuir an scannal a bhain leis an gclár Mission to Prey in 2011 an cháil sin ó mhaith. B’éigean gníomhú le muinín an phobail a ghnóthú in athuair agus cuireadh atheagar ar chúrsaí. Ó shin táthar ag tochailt scéalta is scannail faoin teideal/rannóg RTÉ Investigates. Tá cnuasach tábhachtach de chláir tugtha ar an bport ó shin. Díríodh ar chúbláil polaiteoirí in 2015, tugadh iompar mínáireach naíolanna chun solais in 2019 agus anuraidh tugadh léargas ar scannal truamhéalach an uchtaithe mhídhleathaigh. Tá a bpaiste féin acu ar shuíomh nuachta RTÉ mar ar féidir snáithe a gcuid scéalta a leanúint.
Bhíodar chugainn arís an tseachtain seo (RTÉ Investigates: Council Chamber Secrets, RTÉ 1, Dé Céadaoin) le clár a thugann éachtaint ar chamastaíl agus cúbláil chóras rialtas áitiúil. Meabhraítear dúinn gur gealladh dúinn deich mbliana ó shin um an dtaca seo go rabhthas chun ré nua thrédhearcachta agus chuntasachta a sheoladh isteach mar thoradh ar an gcúbláil a tháinig chun cinn sa tuairisc ó Bhinse Fiosraithe Mahon. Ní mar a dúradh a bhí.
Léirigh clár na seachtaine seo go bhfuil deacrachtaí i gcónaí le cleachtais soláthair, mhaoirseachta, rialacháin agus dícheall cuí mar aon le ceisteanna faoi éifeachtúlacht agus neamhspleáchas fiosrúcháin de chuid comhairlí contae agus cathrach. I gcásanna áirithe tá cúbláil agus caimiléireacht i gceist. Insíodh dúinn chomh maith go bhfuil iarrachtaí ar leasuithe imithe in abar. Tugadh cuntais chríochnúla dúinn ó chomhairlí ón gCabhán go Corcaigh agus ó Mhaigh Eo go Port Láirge.
Bhain ceann de na scéalta faoi fhadhbanna séarachais i gCill Rónáin in Árainn. Léiríodh, ní hamháin nach raibh an t-eolas cuí á thabhairt don phobal, ach go raibh an Chomhairle iad féin ag cur leis an bhfadhb séarachais leis na leithris phoiblí. Lena chois sin thug fiosrúcháin an oileánaigh Joey Flaherty le fios go raibh oifigeach de chuid na Comhairle ag tuilleamh pinginí deasa dó féin mar chomhairleoir pleanála ag stiúradh cliant tríd an gcóras pleanála. Coimhlint leasa ba dhóigh leat.
An t-oifigeach ag maíomh nach raibh aon bhaint ag a ghnó príobháideach lena phost sa Chomhairle agus gur deineadh an obair ar fad ina chuid ama féin. Bhí córas ainmnithe suimiúil aige agus leaganacha éagsúla dá ainm á n-úsáid aige, an leagan Gaeilge dá ainm san áireamh. I ndeireadh na dála cinneadh gur “mí-iompar tromchúiseach” a bhí anseo agus go raibh dualgas reachtúil air a ghnó príobháideach a fhógairt. Mhol córas smachtaithe an chórais in 2020 go mbrisfí as a phost é ach d’éirigh sé as a chúraimí go gairid ina dhiaidh sin.
I mo cholún an tseachtain seo caite mholas Prime Time as ucht an Ghaeilge a úsáid i gceann dá thuairiscí faoin Úcráin. Is mór an trua nár leanadh leis an nósmhaireacht sin, go mórmhór agus ceantar Gaeltachta faoi chaibidil. I ndóthair ní gá an tuairisc ar fad a bheith i nGaeilge ach í a bheith ina horlaí tríd.
Rinne meitheal an chláir seo obair na gcapall agus iad ag bailiú mionsonraí na gcásanna éagsúla go cáiréiseach, críochnúil. Bhí sé deacair ar uairibh na sonraí ar fad a thabhairt leat agus bogadh ar aghaidh go tapaidh ó scéal go scéal. Ní nach ionadh chuirfeadh na scéalta alltacht ort agus is fuirste a bheith soiniciúil faoi obair agus cultúr na gcomhairlí dá bharr.
An cheist is tábhachtaí, áfach ná an spreagfaidh sé leasuithe? Mura raibh Binse Fiosraithe Mahon in ann é a dhéanamh ní dóigh go bhfuil clár teilifíse, dá fheabhas é, chun an beart a dhéanamh.
Fág freagra ar 'Saothar toirtiúil faoi Inis Mór ó rannóg imscrúdaithe RTÉ, ach cá raibh an Ghaeilge?'