Saothar tathagach caithiseach nach bhfuil gan cháim ó stiúrthóir ‘Moonlight’

Ní haon ionadh go raibh uisce leis na fiacla nuair a chualathas go raibh saothar eile ar na bioráin ag Barry Jenkins a thabharfadh léargas ar eispéireas an chine dhuibh i Meiriceá

Saothar tathagach caithiseach nach bhfuil gan cháim ó stiúrthóir ‘Moonlight’

If Beale Street Could Talk
Stiúrthóir: Barry Jenkins
Cliar: KiKi Layne, Stephen James, Regina King, Colman Domingo, Teyonah Parrris, Aunjanue Ellis, Brian Tyree Henry, Diego Luna, Pedro Pascal.

D’éirigh le Moonlight (2016) ocht n-ainmniúchán Oscar a ghnóthú agus chroch sé leis trí dhuais; ina measc ceann don phictiúr is fearr agus ceann don script scannáin a scrígh an stiúrthóir Barry Jenkins. Deineadh, Jenkins, nach raibh ach aon fhadscannán amháin déanta aige roimhe sin, a raideadh i lár an aonaigh. Bhí a chóta bán déanta is é á lua mar oidhre ar Spike Lee.

Ní haon ionadh mar sin go raibh uisce leis na fiacla nuair a chualathas go raibh saothar eile ar na bioráin aige, saothar eile a thabharfadh léargas mothúchánach ar eispéireas an chine dhuibh i Meiriceá. Tá an scannán seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna a tháinig ó pheann James Baldwin i dtosach na seachtóidí.  Cuirtear sliocht ón leabhar úd ar scáileáin ag tosach an scannáin le cur abhaile orainn go bhfuil Beale Street i New Orleans, ionadaíoch ar cheantair ar fud Mheiriceá ina bhfuil an chos ar bolg á himirt ar an gcine dubh.

Tá an scannán lonnaithe in Harlem, Nua-Eabhrac, mar a gcuirtear Tish (Layne) agus Fonny (James) os ár gcomhair mar lánúin óg chaithiseach. Tá aithne acu ar a chéile ó bhí airde glúin fir iontu agus iad anois leáite anuas ar a chéile. 

Agus sinne á dtabhairt siar is aniar as iardhearcthaí tugtar cuntas ar conas mar a dhéantar Fonny a chúiseamh san éagóir as bean Easpáinneach a éigniú. Déantar cíoradh ar an tionchar a bhíonn aige seo ar chaidreamh na beirte agus ar a muintir.

Tá teaghlach Fonny agus KiKi ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal agus tá an bhreis ina n-aghaidh is iad ag iarraidh an t-iomrall ceartas a chur ina cheart.

Cuireann an scéal, tráchtaireacht KiKi agus ábhar cartlainne abhaile orainn go bhfuil an ciníochas rábach agus gur snámh in aghaidh easa é don fhear nó don bhean dhubh bheith ag iarraidh cothrom na Féinne a fháil. I radharc cumhachtach amháin déanann comrádaí Fonny, Daniel (Henry), cur síos corraitheach ar an éagóir a deineadh air féin.

Ceardaí cruthanta é Jenkins gan aon agó agus cuireann sé saothar stuifiúil físiúil atá go hiomlán teann as féin os ár gcomhair. Tugann a chliar taispeántais bhreátha uathu agus a chomharthaí sin go bhfuil ainmniúchán Oscar gnóthaithe ag King.

Ar an iomlán, áfach, ní raibh mo ghoile sásaithe.

Caitear go leor ama ar fhorás an ghaoil idir an bheirt cheann feadhna, rud a chothaíonn bá leis na carachtair ach téann rudaí chun leadráin tar éis scaithimh.  Fágtar téamaí eile in áit na leathphingine dá réir. Cúbtar ó aon léiriú a dhéanamh ar shaol Fonny sa phríosún agus ní dóigh liom go léirítear éagóir agus brúidiúlacht an chiníochais go héifeachtach. Is caracatúr é an póilín a bhfuil an chloch sa mhuinchille aige do Fonny; carachtar tábhachtach óir gurb é a chuireann an éagóir sa tsiúl.

Lena chois sin ar fad, measaim go bhfuil blas na háiféise ar thuras a rinne duine de na príomhcharachtair go Pórtó Ríce agus ní dóigh liom go gcuireann sé le gluaiseacht an scéil ná le téagar na gcarachtar in aon tslí.

Saothar tathagach caithiseach nach bhfuil gan cháim.

 

Fág freagra ar 'Saothar tathagach caithiseach nach bhfuil gan cháim ó stiúrthóir ‘Moonlight’'