Saothar stuifiúil a thugann cuntas cuimsitheach ar ainnise an Ghorta Mhóir

Bhí léamh físiúil eolgaiseach cuimsitheach ar thréimhse chráite againn ar RTÉ an tseachtain seo ach ba thrua nár deineadh ceist na Gaeilge agus an Gorta a phlé níos doimhne

Saothar stuifiúil a thugann cuntas cuimsitheach ar ainnise an Ghorta Mhóir

Ba é an Gorta Mór, nó an Drochshaol agus an tOcras Mór faoi mar a thugtar air sa Ghaeilge, an tréimhse ba chinniúnaí agus ba thragóidí i stair na hÉireann. Tá cráiteacht agus mearbhall ag baint le staitisticí na seacht mbliana ainnise sin.

Chuir an t-ocras agus an bhreoiteacht tuairim is milliún duine den saol, an t-ochtú cuid de dhaonra na tíre. Mar thoradh ar an gcruatan thug breis is 1.25 milliún duine an bád bán orthu féin, cloch mhíle i scéal truamhéalach eisimirce na hÉireann. Tubaiste dhaonnúil ollmhór.

Tá 175 bliain caite ó thosaigh na prátaí ag lobhadh ar dtús in 1845. Dá bhrí sin tá tráthúlacht ag baint leis an tsraith dhá chlár The Hunger: The Story of the Irish Famine (RTÉ1, Dé Luain). Tá an saothar seo bunaithe ar an leabhar Atlas of the Irish Famine; saothar toirtiúil, tathagach a thug meitheal léinn ó Ollscoil Chorcaí ar an bport in 2012.

Sa chéad chlár earcaíodh meitheal bhreá scoláirí ar fud domhain le paistí cainte a dhéanamh faoi chúlra agus gnéithe difriúla na tragóide. Labhair siad go heolgaiseach, deisbhéalach agus is mó léargas a tugadh dúinn. Lena gcois siúd bhí guth binn Liam Neeson mar thráchtaire againn agus deineadh guthú drámatúil ar chuntais phearsanta agus oifigiúla ón tréimhse.

I dtosach an chláir tugadh sciuird ar chúlra na tragóide agus ar an gcomhthéacs polaitiúil ag an am: na Plandálacha, Acht an Aontais mar aon leis na réabhlóidí tionsclaíocha agus talmhaíochta. Bhí an cúlra agus comhthéacs seo tábhachtach ach bhí an oiread sin dithnis ar an scríbhneoir/stiúrthóir Ruán Magan go gcuaigh rudaí sa bhfraoch orm ábhairín.

Moillíonn rudaí ábhar ansin. Meabhraíodh dúinn gur easpa daonnachta agus easpa gnímh seachas easpa bia ba chúis leis an mbás. Síneadh méar i dtreo na Ríochta Aontaithe, leithéidí Charles Trevelyan go háirithe, fear a mhaígh gur beannacht a bhí sa Ghorta. Bhí polasaí eacnamaíochta laissez-faire agus ciníochas ag éirí thiar as neamhthrócaire na bunaíochta is iad den tuairim gurb í toil Dé anachain a bheith in Éirinn. Bhí carthanacht i gceist chomh maith ó leithéidí Chumann na gCarad agus an treibh Choctaw i Meiriceá.

Meabhraíodh dúinn chomh maith nárbh mar a chéile an Gorta dos na hÉireannaigh ar fad. Faoi mar a chuirtear in iúl dúinn go neamhbhalbh ag tús an chláir níor shíolraigh gach Éireannach inniu ó dhuine a d’fhulaing i rith an Ghorta, shíolraigh cuid againn ó dhaoine gur méadaíodh a stór i rith na tréimhse.

Ba iad an chosmhuintir a d’fhulaing, faoi mar a dhéanann de ghnáth nuair a thagann an tubaiste go leac an dorais. Bhí an bochtanas go rábach ag an am le coiteoirí agus spailpíní ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal.

Bhí an tríú cuid den daonra ag brath go hiomlán ar an bpráta nach mór.

Ag an am bhí tuairim is ocht milliún duine in Éirinn, an tríú cuid de dhaonra na Ríochta Aontaithe. Bhí trí mhilliún acu sin ag maireachtaint i dtithíocht bhunúsach agus bhí dhá mhilliún eile buailte fúthu i bprochóga suaracha. Bhíothas ar imeall na haimléise agus ba é an dubh ar an bpráta buille maraithe na mbochtán.

Bhí stéibh den amhrán Na Fataí Bána againn ó Róisín Chambers agus Fáinne Geal an Lae uaithi ag ceann scríbe.

B’ábhar díomá dom, áfach, nár deineadh ceist na Gaeilge a phlé níos doimhne. Saghas scéal thairis a bhí ann gur cainteoirí Gaeilge a bhí i dtromlach an phobail agus gur bhuail an Gorta Mór buille tubaisteach ar inmharthanacht na teanga agus, dá bhrí sin, ar chultúr na tíre.

Cé go bhfuil cur amach againn ar uafás agus staitisticí gruama an Ghorta Mhóir tá cumhacht faoi leith ag baint le saothar a bhailíonn an t-ábhar le chéile agus a thugann léamh físe, eolgaiseach, cuimsitheach dúinn ar an tréimhse chráite sin.

Fág freagra ar 'Saothar stuifiúil a thugann cuntas cuimsitheach ar ainnise an Ghorta Mhóir'