Ní raibh Jack agus Sarah Corbett-Lynch ach deich mbliana agus ocht mbliana d’aois faoi seach nuair a maraíodh a n-athair go brúidiúil ina dtigh cónaithe in Meadowlands, North Carolina in 2015. Ní nach ionadh d’fhág an eachtra uafásach sin lorg ar an mbeirt. Le rudaí a dhéanamh níos measa fós cailleadh a máthair blianta roimhe sin agus ba íé bean chéile nua a n-athair (agus a hathair siúd) ba chúis le marú Jason. Tugann an A Deadly American Marriage (Netflix), cuntas ar mharú brúidiúil Jason Corbett agus an briseadh croí, cásanna cúirte is corraíl a lean é.
Tá dúil mhíchuibheasach sna coirscéalta fírinneacha ar na saolta seo agus raidhse cláracha ag teacht ar ardáin cosúil le Netflix le goile an lucht féachana a shásamh. Féach go gcuireann RTÉ iad féin a maide san fheamainn agus cad é caint faoin tsraith is déanaí uathu: Bad Nanny.
Níl aon dabht ná go bhfuil a maitheasaí féin ag baint leis na cláir seo agus go n-éiríonn leo scéalta casta, tromchúiseacha a chíoradh go cumasach. Ar an lámh eile, áfach, téann siad róghar don chnámh ar uairibh agus ní hannamh go mbíonn rian na gliúcaíochta orthu. An choiriúlacht mar shiamsaíocht. Bhraitheas amhlaidh anseo.
Tugann an clár seo sinn, céim ar chéim, trí oíche an fhoréigin, na cásanna cúirte a lean, an tionchar a bhí aige seo ar na leanaí, na líomhaintí, an chaomhnóireacht agus an t-iomlán léir. Deineadh seo go snasta agus faoi mar is dual do chláir san iomaire seo: seatanna aeir, an ceol tuarúil srl. Meitheal mhór do chloigne cainte (ón dá thaobh) ag tabhairt a dtuairimí féin.
Níl a fhios agam conas mar cuireadh an clár uair an chloig go leith seo le chéile ach taibhsítear ach mar go bhfuil dhá insint ar an scéal seo, bhí ar thaobh amháin páirt a ghlacadh nuair a bhí an taobh eile páirteach. Bhí trua agam do Jack agus Sarah go raibh orthu, arís eile, aghaidh a thabhairt ar an scéal anróiteach seo. Bhí orthu sin a dhéanamh lena scéal féin a chur os comhair an phobail agus cáil a n-athar a chosaint. In ainneoin a bhfuilid gafa tríd tháinig an bheirt seo os ár gcomhair mar bheirt atá stuama, cróga, deisbhéalach is atá tar éis aghaidh a thabhairt ar an anachain.
Bhí Molly Martens agus a hathair Tom rannpháirteach chomh maith agus an bheirt acu go hiomlán neamhleithscéalach faoin méid a dheineadar; cé gur phléadáil siad ciontach as dúnorgain. Bhraitheas go raibh an clár bog go maith ar mhuintir Martens go minc; go háirithe maidir leis na scéalta a chum siad. Tugadh go leor ama dá ndlíodóirí líomhaintí a dhéanamh faoi Jason chomh maith; líomhaintí nach raibh aon bhunús leo, dar liom.
Nuair a smaoiním ar an gclár seo smaoiním ar na leanaí óg ar tógadh a dtuismitheoirí uathu agus gur goideadh a n-óige uathu.
Seán
‘An foréigean mar shiamsaíocht’, tá sé ráite agat.
Agus cén éifeacht a bhíonn aigesin orainn mar dhaoine?