‘Saoránaigh den dara grád’ á ndéanamh de mhuintir na Gaeltachta ag an nGarda Síochána i bPort Láirge

Maíonn Sinn Féin go bhfuil seirbhís i nGaeilge á diúltú ag an nGarda Síochána do mhuintir Ghaeltacht Phort Láirge agus go bhfuil seirbhís cheart póilíneachta á ceilt orthu freisin

‘Saoránaigh den dara grád’ á ndéanamh de mhuintir na Gaeltachta ag an nGarda Síochána i bPort Láirge

Maíonn Sinn Féin go bhfuiltear ag caitheamh le pobal na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge “mar shaoránaigh den dara grád” agus go bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar “leithscéal” gan aon Gharda a chur ar fáil don cheantar.

Dúirt Conor McGuinness, urlabhraí de chuid Shinn Féin i bPort Láirge agus ball de bhord Fhoras na Gaeilge, le Tuairisc.ie, gur “cúis imní” an méid a dúirt an tArd-Cheannfort de chuid an Gharda Síochána le déanaí faoi chás na Rinne.

Dúirt tArd-Cheannfort Pádraig Dunne, ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste Póilíneachta i nDún Garbhán le déanaí nach bhféadfaí Garda lánaimseartha a chur ar fáil don Rinn faoi láthair.

Ag labhairt dó ag an chruinniú, dúirt Dunne go raibh líofacht sa Ghaeilge riachtanach d’aon Gharda a bheadh lonnaithe go buan i gceantar Gaeltachta agus nach raibh aon duine a bhfuil líofacht na Gaeilge aige ar fáil faoi láthair le dul i mbun oibre sa Rinn.

Agus an tArd-Cheannfort ag freagairt ceist faoi chumas na nGardaí plé le muintir na Gaeltachta i nGaeilge, dúirt sé go mbíonn seirbhís póilíneachta 24/7 ag feidhmiú ón cheanncheathrú i nDún Garbhán, a fhreastalaíonn ar an Ghaeltacht “ag amanna éagsúla”.

Dúirt sé, áfach, nach bhféadfadh sé a bheith cinnte go mbíonn Garda le Gaeilge ar dualgas i gcónaí le freastal ar mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt sé gur tuigeadh dó go raibh beirt ag obair i stáisiún Dhún Garbhán a raibh ‘líofacht’ sa Ghaeilge acu, go raibh duine eile a bhfuil Gaeilge aige ag obair san oifig tacaíochta d’íospartaigh agus Gaeilgeoir eile ar an fhoireann tacaíochta sibhialtach i nDún Garbhán.

Dar le Conor McGuinness ó Shinn Féin nach bhfuil an méid a dúirt an Ceannfort sásúil mar fhreagra.

“Ní hamháin go bhfuil seirbhísí i nGaeilge á ndiúltú ag an nGarda Síochána i gceantar Gaeltachta ach tá seirbhís cheart póilíneachta á ceilt ar mhuintir na Rinne,” a dúirt sé.

Dúirt McGuinness go raibh “dualgas dlíthiúil” faoi Acht an Gharda Síochána 2005 ar an Gharda Síochána Gardaí le Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus mhaígh go raibh a ndualgas reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla á shárú acu.

“De réir an dlí, atá leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní mór do na Gardaí seirbhís chuimsitheach a sholáthar trí Ghaeilge, ní hamháin i gceantair Ghaeltachta ach freisin i stáisiúin ar leibhéal an rannáin, ar nós Dhún Garbhán, a ainmníodh le déanaí mar Bhaile Seirbhíse don Ghaeltacht,” ar sé.

Dúirt McGuinness gur “teanga phobail í an Ghaeilge i gceantar na Rinne agus an tSean-Phobail”.

“Ní caitheamh aimsire í ach teanga fhíorbheo a úsáideann daoine go laethúil,” a dúirt sé.

Dúirt sé nár cheart go ndiúltófaí seirbhís don cheantar atá á cur ar fáil in áiteanna eile sa chontae.

“Ní saoránaigh den dara grád sinne atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus níor cheart go gcaithfí linn mar sin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Saoránaigh den dara grád’ á ndéanamh de mhuintir na Gaeltachta ag an nGarda Síochána i bPort Láirge'

  • Breandán ó Riain

    Nuair bhíodh mé féin agus Donncha Ó hÉallaithe i mbun agóidí agus sinn in ár mic léinn b’iontach an buntáiste dúinn nach raibh Gaelinn ag formhór na nGardai. Nuair a lorgaíodar ár n-ainmneacha deirimis nach labharfhaimis ach Gaelinn leo. Agus bhí orthu imeacht gan freagraí!!!!!!