Saol níos faide ag daoine a sheachnaíonn buanaiste bia ar bheagán carbaihiodráití

Léiríonn taighde a foilsíodh san eagrán is déanaí den iris Lancet Public Health go mbíonn saol níos giorra ag daoine a fhaigheann níos lú ná 30% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití ná a bhíonn ag daoine a fhaigheann 50% dá gcuid calraí ó carbaihiodráití

Saol níos faide ag daoine a sheachnaíonn buanaiste bia ar bheagán carbaihiodráití

Tá nós ag go leor daoine sa lá atá inniu ann tabhairt faoi aiste bia ar bheagán carbaihiodráití chun meáchan a chailleadh.  Itheann na daoine seo níos mó próitéine (feoil, pónairí, srl) agus ní itheann siad mórán carbaihiodráití (prátaí, pasta, srl).  Tá na haistí bia seo clúiteach mar gur minic a chailltear a lán meáchain níos gasta ná mar a chaillfí ar go leor aistí bia eile. 

Sampla de seo is ea an South Beach Diet, mar a gcailltear idir 10 agus 14 punt sa chéad choicís nuair a itear feoil agus glasraí nach bhfuil mórán carbaihiodráití iontu, cál agus spionáiste cuir i gcás.  Ní cheadaítear prátaí, rís ná pasta atá lán le carbaihiodráití.  Ní cheadaítear torthaí, ná glasraí a bhfuil go leor carbaihiodráití iontu, cairéid mar shampla. I ndiaidh coicíse ceadaítear éagsúlacht níos mó sa bhia agus bíonn cead tuilleadh carbaihiodráití a ithe. Bíonn meascán próitéiní agus carbaihiodráití á n-ithe ansin agus cailltear an meáchan níos moille.

Níorbh eol cad é an tionchar a bhíodh ag na haistí bia seo ar bheagán carbaihiodráití ar shláinte an duine go fadtéarmach.

Chun a fháil amach cad é mar a d’éirigh le daoine nár ith mórán carbaihiodráití, rinne foireann taighdeoirí ón Brigham and Women’s Hospital agus Ollscoil Harvard i mBostún, anailís ar grúpa amháin thar thréimhse 25 bliain.

Roghnaíodh 15,428 duine ó chúlraí difriúla ó cheithre cheantar sna Stáit Aontaithe. Rinneadh anailís ar a sláinte thar na blianta.  Le linn na tréimhse taighde fuair 6,283 bás.  As na sonraí a bailíodh bhí na taighdeoirí in ann an nasc idir aiste bia agus tréimhse saoil a thomhas.

Bhí an mhortlaíocht nó an ráta báis ba lú i measc an ghrúpa sin a fuair 50-55% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití.

Bhí ráta báis níb airde ag daoine sa ghrúpa a fuair níos mó ná 70% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití.

Ag daoine sa ghrúpa a fuair níos lú ná 40% dá gcuid calraí as carbaihiodráití a bhí an ráta báis ab airde. 

As na sonraí a bailíodh, mheas na taighdeoirí go mairfeadh duine 50 bliain d’aois a gheobhadh níos lú ná 30% dá chuid calraí ó charbaihiodráití tuairim is ceithre bliana níos giorra ná duine den aois chéanna a gheobhadh 50% dá chuid calraí ó charbaihiodráití.

Chomh maith leis sin, bhí tionchar nach beag ag foinse na próitéine ar na rátaí mortlaíochta.

As an dream a fuair 40% dá gcuid calraí as carbaihiodráití, mhair na daoine a fuair a gcuid próitéin as plandaí (glasraí agus pónairí) níos faide ná na daoine a fuair an chuid ba mhó dá gcuid calraí as próitéin na n-ainmhithe. 

Cé go mbíonn aistí bia ar bheagán carbaihiodráití áisiúil chun meáchan a chailleadh sa ghearrthéarma, léiríonn an staidéar seo nach bhfuil sé sláintiúil a bheith ag brath ar phróitéin amháin fá choinne calraí san fhadtéarma.  Tá meascán den phróitéin agus carbaihiodráití de dhíth in aiste bia a bhíonn cothrom folláin. Is iad na daoine a fhaigheann 50% dá gcuid calraí ó charbaihiodráití is faide a mhaireann.

Fág freagra ar 'Saol níos faide ag daoine a sheachnaíonn buanaiste bia ar bheagán carbaihiodráití'

  • Padraic de Bhaldraithe

    Tá roinnt doiléire le brath san alt. Má dhéanann tú d’uireasa carbaihiodráití, ní bhíonn an corp ag brath ar phróitéiní le haghaidh fuinneamh (calraí) a fháil. Is túisce a bhaintear calraí as na lipidí (saill agus ola)ná as próitéiní.
    Rud eile, tá cúis eile seachas cailleadh meáchain a dtugann daoine faoi aiste bia nach mbíonn ach beagán carbaihiodráití ann – troid in aghaidh na hailse. Tá bunús eolaíochta leis an gcreideamh atá ag roinnt oinceolaithe go bhfuil a leithéid de bhia-aiste tairbheach don té a bhfuil ailse air nó uirthi.

  • Padraic de Bhaldraithe

    Céard faoin tríú grúpa bithmhóilíní móra a bhíonn in aiste bia cothrom folláin – na lipidí (ola agus saillte). Níl siad luaite ar chor ar bith?
    Is túisce a bhaineann do chorp calraí astu ná as próitéiní