Saol fata i mbéal muice a bhí i ndán do phlean A agus B

Easpa cúraim agus iad á gcur le chéile ba mhó ba chúis le teip Plean A agus B don chraobhchomórtas peile

Saol fata i mbéal muice a bhí i ndán do phlean A agus B

Moltar i gcónaí don duine Plean B a bheith acu ar fhaitíos na bhfaitíos go gclisfeadh ar Phlean A. Ní mórán de thairbhe a bhí i gceachtar acu an deireadh seachtaine seo caite dóibh siúd atá ag iarraidh athrú crot a chur ar Chraobhchomórtas Sinsearach Peile Chumann Lúthchleas Gael.

Saol fata i mbéal muice a bhí i ndán do chaon cheann ag an gComhdháil Speisialta agus dá mbeadh C, D agus E ann ina dteannta, sí mo bharúil gurbh í an íde chéanna a bheadh le fáil acusan.

Easpa cúraim agus iad á gcur le chéile ba mhó ba chúis lena dteip, measaim. Sin agus iad a bheith fabhtach iontu féin – faigh an té a déarfadh go fírinneach leat gur mó a bhí nó atá tuillte ag foireann as Roinn 3 na Sraithe sa gCraobh ná atá ag an seachtú foireann i Roinn 2.

Is léir nár tuigeadh ach oiread an drogall atá ar dhaoine a dhul ag méiseáil le craobhacha a gcúigí féin, ainneoin gur maith a thuigeann siad go bhfuileadar siúd fabhtach.

Feicim ráite freisin é nach raibh dóthain díospóireachta déanta faoin scéal. Níl a fhios agam faoi sin. Tá sé os cionn dhá scór bliain ó bhí mé ag Comhdháil de chuid CLG ar an gCaisleán Nua i gContae an Dúin i 1980, comhdháil ag ar pléadh athrú a chur ar leagan amach na gCraobhacha céanna. Liatroim a chur an rún chun cinn. Fiú agus iad á dhéanamh sin ba léir gur beag tacaíocht a bhí le fáil agus ní raibh ann ach é a tharraingt siar faoi dheireadh.

Comhaltaí ag caitheamh vóta ag Comhdháil CLG. Pic: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Na craobhacha sin a chur i leataobh sa bpeil agus san iomáint agus ‘Tarraingt Oscailte’ a thabhairt isteach an mana a bhí ag lucht na n-athruithe an uair údaí. Níorbh fhada gur ar an bpeil amháin a bhí siad ag díriú. Ba ghearr freisin go mba é ‘bás an mhúille’ a bhí faighte ag an gcóras a bhíodar a mholadh, cé gur choinnigh Áth Cliath leis go ceann roinnt blianta.

Deirtear gur ina sheasamh a bhásaíonn an múille agus nach luíonn sé nuair a airíonn sé an donacht ag teacht air. B’amhlaidh cás don ‘Tarraingt Oscailte’ agus do lucht a mholta.

Níorbh é, lena gceart a thabhairt dóibh, gur ghéilleadar lom láithreach. Rinne siad iarracht ar leasuithe ach ba bheag an chluas a fuaireadar sin ach an oiread.

Faoin am a dtáinig Comhdháil CLG 1983 i Leisureland na Gaillimhe, bhí moladh úrnua ag Áth Cliath ar an gclár. Ceann casta a bhí ann, rud nár chuidigh leis.

Dá réir, bheadh na 32 contae (agus Londain dá mba mhian leo sin) istigh sa mbabhla nuair a dhéanfaí an tarraingt – dhá bhabhla le fírinne, mar go mbeidís siúd a bhain babhtaí ceannais a gcúige amach an bhliain roimhe sin i gceann leo féin. Tharraingeofaí 8 bhfoireann eile ina gcoinne siúd agus ansin tharraingeofaí na 16 foireann a bhí fanta in aghaidh a chéile.

Leanfaí ar aghaidh ansin go mbeadh na babhtaí ceathrú ceannais, leathcheannais agus Cluiche Ceannais na hÉireann agat.

Bhí aguisín freisin leis an moladh a rinne iarracht mealladh a dhéanamh orthu siúd nach fonn leo an status quo a thréigean.

B’in, de réir mar a bhí foirne á ndíbirt as an ‘gCraobh Tarraingt Oscailte’, bhí sé i gceist go bhfillfeadh siad ar chraobhacha peile a gcuid gcúigí. Chríochnófaí iad siúd de réir mar a bhí foirne ag titim amach as an bpríomhchomórtas.

Nuair a sheas Cathaoirleach Átha Cliath suas ag an gComhdháil i mBóthar na Trá, trí huaire ab éigean don Uachtarán a iarraidh go dtabharfaí beagán ciúnais don chainteoir. Ba é an beagán a fuair sé, oiread neamhshuime ag an gcuid ba mhó de na teachtaí ina raibh le rá aige agus gur ar thóir cupán tae a chuaigh go leor acu.

B’in an nóiméad ar tharraing ‘An Tarraingt Oscailte’ an anáil dheireanach sula ndeachtaigh sé ar a ghlúine agus faoi dheireadh go talamh, fearacht an mhúille bocht.

Ba í an bhliain dár gcionn Bliain Chomóradh Céid Chumann Lúthchleas Gael agus mar chuid di sin ritheadh Comórtas Oscailte Peile (a bhuaigh an Mhí) agus Ceann Iomána (a bhuaigh Corcaigh) – chomh maith leis na Craobhacha agus na Sraithchomórtais dar ndóigh.

Joe Cassells (An Mhí) ag glacadh le Corn an Chéid ó Uachtarán CLG ag an am, Paddy Buggy. Pic: INPHO / Billy Stickland

De bharr na hócáide, ní raibh sé de mhisneach ná de dhánaíocht in aon duine cur ina gcoinne ar fhaitíos go mbainfeadh sé aon bhlas de loinnir den cheiliúradh.

Ach nuair a luadh Comórtais Oscailte a bheith ar na bacáin arís do 1985 thosaigh lucht a cháinte á nochtadh féin arís.

Bhíodar ag cur as go mór do na Sraithchomórtais Náisiúnta, a dúirt Cathaoirleach Chiarraí, Frank King, a bhagair go ndéanfadh a chontae baghcat ar an gComórtas Oscailte Peile. I ndeireadh dála thoiligh siad imirt ann, ach orthu siúd nár bhac leis bhí Áth Cliath, an Dún, Cill Dara agus Uíbh Fhailí.

B’in a dheireadh.

Tráthúil go leor ag an gComhdháil sin i 1980 nuair a cuireadh cás an ‘Tarraingt Oscailte’ chun cinn den chéad uair, bhí rún eile ó 11 contae ag iarraidh deireadh a chur leis an bpas láimhe.

Sin ceann nach ndeachtaigh in éag baileach chomh scafánta céanna.

Fág freagra ar 'Saol fata i mbéal muice a bhí i ndán do phlean A agus B'