Saoirse anois ag an Spidéal agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Mhaigh Eo

Beidh curaidh na Gaillimhe, An Spidéal, agus seaimpíní Mhaigh Eo, Béal an Mhuirthead, ag triall ar Pháirc Naomh Iarlaith i dTuaim do cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile Chonnacht tráthnóna

Saoirse anois ag an Spidéal agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Mhaigh Eo

Leatosach an Spidéal, Antaine Ó Laoi. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Spidéal v Béal an Mhuirthead – Páirc Naomh Iarlaith, Tuaim – 1.30pm

Casfaidh An Spidéal agus Béal an Mhuirthead ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Chonnacht tráthnóna agus cuimhní geala ag an dá chumann ar dheireadh seachtaine a chaith siad i gceantair a chéile.

Nuair a reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Spidéal in 2006, ba iad Béal an Mhuirthead a thug leo an chraobh shinsir. Nuair a bhí an comórtas náisiúnta á eagrú ag cumann Mhaigh Eo ceithre bliana ina dhiaidh sin, ba iad fir an Spidéil a bhí ag ceiliúradh nuair a bhuaigh siad an corn sóisir i gceantar Iorrais.

Ar ndóigh, ní bheidh aon tionchar ag an méid sin ar chluiche an lae inniu ach tá cosúlachtaí idir an dá chumann, go háirithe an chaoi go bhfuil an rath atá i mbliana orthu bunaithe ar an spreagadh a tugadh d’imreoirí óga.

Tá Béal an Mhuirthead ag imirt sa ghrád idirmheánach i Maigh Eo ó dheireadh na 1980í, ach a bhuíochas le glúin óg chumasach bhain siad an t-ardú céime amach faoi dheireadh i mbliana.

Tá an-taithí ag leithéidí an imreora idirchontae Chris Barrett, ag Shane Nallen agus ag Ciarán Barrett ach tá scata imreoirí acu a bhfuil gaiscí déanta acu le foirne faoi aois Mhaigh Eo le blianta beaga anuas chomh maith.

Bhí Scott Kilker, James Kelly agus Eoin O’Donoghue ar an bhfoireann Faoi 21 a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2016 agus tá ag éirí go maith le O’Donoghue leis an bhfoireann shinsir i mbliana.

Buille mór do Bhéal an Mhuirthead é áfach gurbh éigean dá gcaptaen Ryan O’Donoghue dul faoi scian. Bhí an tosach cumasach ina chaptaen ar fhoireann Faoi 20 Mhaigh Eo a chaill i gcluiche ceannais na hÉireann níos luaithe i mbliana agus is cailliúint mhór é.

Beidh Béal an Mhuirthead ag brath ar O’Donoghue eile mar sin, Jonathan a bheidh sa líne lántosach, chun scóranna a fháil dóibh. D’aimsigh sé péire i gcluiche ceannais an chontae agus beidh ar an Spidéal súil ghrinn a choinneáil air.

Bheadh duine ag súil go mbeadh an buntáiste ag Béal an Mhuirthead agus sos níos faide acu roimh choimhlint an lae inniu. Níor imir siad aon chluiche ón 20 Deireadh Fómhair, nuair a bhuaigh siad ar Bhuiríos Umhaill i gcluiche ceannais an chontae.

Níl an scíth chéanna faighte ag fir an Spidéil. Ar ndóigh, bhí athimirt ag teastáil uathu chun Micheál Breathnach a shárú i gcluiche ceannais an chontae agus bhí siad amuigh ag imirt sa tsraith arís an deireadh seachtaine seo caite.

Den fhoireann sin a thosaigh san athimirt ar chluiche ceannais an chontae, bíonn trí dhuine dhéag acu ag imirt iomána chomh maith. Idir na foirne peile agus iomána idirmheánacha an chumainn, ní raibh ach deireadh seachtaine amháin saor ag na fir sin le 14 deireadh seachtaine anuas.

É sin ráite, níor cheart go mbeadh mórán d’fhadhb ag fir Chonamara iad féin a ghríosú roimh chluiche leathcheannais an chúige agus fios acu nach bhfuil ach cúpla cluiche fágtha acu i mbliana.

I ndiaidh coimhlint ghéar chrua i gcraobh an chontae, seans go mbeidh an Spidéal in ann imirt le beagáinín saoirse agus an sprioc is tábhachtaí, áit i ngrád na sinsear don bhliain seo chugainn, bainte amach acu.

Cinnte beidh siad ar a gcompord más cluiche oscailte a bheidh ann. Bhí an lántosach Cormac Ó Laoi ar fheabhas san athimirt in aghaidh na gcomharsan i gCois Fharraige agus d’fhéadfadh a dheartháireacha, Finnian agus Antaine, scrios a dhéanamh má thugtar an spás dóibh.

Tá cosantóirí láidre ag an Spidéal chomh maith. Níor ghéill siad ach 1-3 agus 0-4 ón imirt sa dá chluiche in aghaidh Mhicheál Breathnach agus, i measc na gcúlaithe, chruthaigh Micheál Ó Curraoin, Éamon Ó Conláin agus Conall Ó Caoimh go maith go dtí seo i mbliana.

Ní haon dochar don Spidéal nach mbeidh Ryan O’Donoghue ná cúpla imreoir ar fáil do Bhéal an Mhuirthead ach mar sin féin beidh taispeántas den scoth ag teastáil más fúthu áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chonnacht.

Fág freagra ar 'Saoirse anois ag an Spidéal agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Mhaigh Eo'