Sampla eile é scannal na dtithe altranais de chóras lofa

Nach cóir go mbeadh an stát ann ar mhaithe le cearta na saoránach a chosaint roimh rud ar bith eile?

Sampla eile é scannal na dtithe altranais de chóras lofa

An scéal faoi leith é scannal na dtithe altranais?  Nó an patrún é i gcóras nach dtugann aird ar chearta an phobail atá ann?

Straitéis troda curtha le chéile ag rialtas le daoine a bhrú ó airgead a bhí dlite dóibh a lorg?

Daoine faoi mhíchumas. Diúltaíodh íocaíochtaí dóibhsean go mídhleathach nuair a chuaigh siad isteach i dteach altranais.

Bridget McCole.  Ar leaba a báis de bharr heipitíteas C, agus dlíodóirí an stáit ag bagairt uirthi go gcaillfeadh a muintir chuile rud is go mbeadh billí móra le glanadh acu mura nglacfadh sí láithreach le híocaíocht níos lú ná an ceann a raibh sí ina teideal a fháil.

Bean dhall, os cionn ochtó bliain d’aois, a fhaigheann foirm gach dara bliain le hiarratas a dhéanamh ar liúntas daille.  Fear sna nóchaidí ar diúltaíodh liúntas breosla dó toisc nár líon sé an fhoirm i gceart.

An rialtas ag fógairt go nglacfaidh an tír seo le teifigh ón Úcráin ach nach ndéanann aon phleanáil faoina gcomhair, agus iad le fágáil anois gan dídean.

Líon na ndaoine i gcoitinne gan dídean ag dul in airde is gan aon phlean fós ag an rialtas le réiteach a fháil ar an bhfadhb.

Ní hea, ní scéal faoi leith é, ní scéal as an ngnáth é scannal na dtithe altranais.

Tá a fhios againn bunús an scéil.  Cuireadh iachall ar phinsinéirí íoc as cúram i dtithe altranais de chuid an stáit, fiú má bhí cártaí leighis acu: agus b’amhlaidh an cás ag pinsinéirí eile a raibh cártaí leighis acu agus a raibh sé riachtanach dóibh dul isteach i dtithe príobháideacha toisc nach raibh aon áit dóibh i dtithe an stáit.

Fuair an chéad ghrúpa airgead ar ais ón stát, ach chinn an rialtas ar straitéis dlí le cur isteach ar iarrachtaí an dara grúpa cúiteamh ar bith a fháil.

Deir lucht cosanta an rialtais nach féidir leis an stát an bille a íoc má roghnaíonn duine cúram príobháideach.  Ach sin é an pointe: ní rogha a bhí i gceist toisc nach raibh aon rogha ann.  Ní raibh aon áit sa gcóras cúraim stáit do na pinsinéirí seo.

Agus an straitéis troda?  An ceann céanna ar baineadh leas as i dtaobh Bridget McCole.

Agus cé a rinne an cinneadh?  Sea, na daoine céanna a chinn an straitéis troda in aghaidh Bridget McCole.

Rinne oifig an Ombudsman iniúchadh faoin scéal in 2007, agus bhí den tuairim go raibh sé mídhleathach an t-airgead sin a ghearradh ar na pinsinéirí is mheas gur chóir é a aisíoc.

Sa tuairisc a chuir an oifig ar fáil, dúradh: ‘Tá a fhios againn anois nach raibh aon amhras i ndáiríre ar an Roinn nó ar na boird sláinte faoin dlí, ach lean siad le córas mídhleathach gearrtha táillí toisc go raibh sé tábhachtach foinse mhaoinithe a chosaint don stát.’

Ba iad Enda Kenny, Michael Noonan, James Reilly (Fine Gael), Eamon Gilmore, Brendan Howlin is Máire Whelan (Lucht Oibre) a dhein an cinneadh, agus rinne airí sláinte ina ndiaidh é a dhearbhú.

Freagracht?  Ní cuimhin le Brendan Howlin an cinneadh a dhéanamh.  Ní cuimhin le Leo Varadkar gur cuireadh é ar an eolas faoi.

Agus tá sé de dhánacht ag an Taoiseach an polasaí a chosaint, cé gur léir ó na cáipéisí gur thuig na dlíodóirí nach raibh aon bhunús dlí ann le haisíoc a dhiúltú do na pinsinéirí sin.

Moladh seasamh láidir a dhéanamh le faitíos a chur ar dhaoine nach raibh mórán acmhainne acu ag súil go n-éireoidís as an iarracht.  Agus don bheagán a rachadh ar aghaidh leis an éileamh go dtí an deireadh, bhuel déantar socrú leosan ag doras na cúirte ionas nach mbeadh aon phoiblíocht ann is go bhféadfaí an scéal a choinneáil ina rún.

Cinnte, tá dualgas ar sheirbhísigh an stáit cúram ceart a dhéanamh do mhaoiniú an stáit, ach tá dualgas ar an stát cearta na saoránach a chosaint.

Nuair a fheiceann muid an patrún atá ann níl aon mhíniú eile ann ach nach bhfuil meas ag an státseirbhís ar mhuintir an stáit, nach bhfuil cearta acu, agus gur cheart gach cleas a imirt leis an gceart a dhiúltú do dhaoine a bhí ina  theideal, ar mhaithe, mar dhea, le maoiniú an stáit a chosaint.

Tá a lán cainte ann faoi pholasaithe rialtais a athrú agus plean úr a chur le chéile le tabhairt faoi fhadhbanna na tíre.

Ach nach bhfuil athrú ar mhodh oibre an stáit ag teastáil freisin? Nach cóir go mbeadh an stát ann ar mhaithe le cearta na saoránach a chosaint roimh rud ar bith eile?

Murar cóir, céard lena aghaidh an stát ar aon chuma?

Fág freagra ar 'Sampla eile é scannal na dtithe altranais de chóras lofa'

  • Gabriel Rosenstock

    Aontaím. Páirtithe polaitíochta ar an eite dheis, seargann an croí iontu, seargann an chomhbhá. Níor rugadh mar sin iad. A gcuid luachanna agus a gcuid tosaíochtaí polaitiúla a cham iad. Chun na fírinne a rá, ní daoine a thuilleadh iad. Conas a thabharfaidís aire do dhaoine eile nuair nach daoine cearta níos mó iad?