Samhlaíocht
Samhlaíonn páistí
San Nioclás
ag siúl ar na néalta,
is coinnle mar réalta
in ascaill na gcnoc,
nuair a dhúnann a súile
is glaine a bhíos léargas
ar áilleacht na bhféirín
a thugann
breacadh an lae ghil.
Tá an páiste i bhfolach
ina chroí ag gach éinne,
ach go gcoinníonn
aos réasúin
a nádúr faoi cheilt;
lig do shuáilceas na Nollag
thú a bhogadh sa gcliabhán,
is í an tsamhlaíocht
an áilleacht
nach bhfaca, ach a chreid.
-Tá Fad Saoil, cnuasach nua Joe Steve Ó Neachtain ar fáil anois sna siopaí agus anseo ó Chló Iar-Chonnacht ar €10
Fág freagra ar '‘Samhlaíocht’ – Dán Nollag le Joe Steve Ó Neachtain'