‘Samhlaigh an raic dá gcuirfeadh an Roinn cáipéis faoi mhí-úsáid leanaí scoile amach i nGaeilge amháin’

Deir lucht an ghaeloideachais go bhfuil sé ‘náireach’ go bhfuil cáipéis faoi mhí-úsáid leanaí a bhfuil dualgas ar scoileanna ráiteas a ullmhú ina leith roimh an 11 Márta fós á haistriú go Gaeilge ag an Roinn Oideachais

‘Samhlaigh an raic dá gcuirfeadh an Roinn cáipéis faoi mhí-úsáid leanaí scoile amach i nGaeilge amháin’

Tá sé “náireach” go bhfuil cáipéis thábhachtach a bhaineann le cosaint leanaí agus a scaipeadh ar scoileanna na tíre ag tús mhí na Nollag seo caite, fós á haistriú go Gaeilge ag an Roinn Oideachais.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh an cháipéis ‘Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna’ á haistriú go Gaeilge faoi láthair acu agus go bhfoilseofaí ar a suíomh idirlín “go luath” í.

Tá dualgas ar gach scoil sa tír ‘Ráiteas um Chosaint Leanaí’ a bheadh de réir na cáipéise nua a ullmhú roimh an 11 Márta, rud a fhágann nach mbeadh ag scoil a dhéanann a gnó trí Ghaeilge ach cúig seachtaine go leith ar a mhéid chun ráiteas a ullmhú bunaithe ar an leagan Gaeilge den cháipéis.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas le Tuairisc.ie go raibh sé “náireach” nár cuireadh an dá leagan den cháipéis ar fáil ag an am céanna agus “nach bhféadfaí glacadh lena leithéid”.

Tá teagmháil déanta ag Gaeloideachas leis an Aire Oideachais Richard Bruton faoin scéal agus gearán déanta acu le hOifig an Choimisinéara Teanga faoin easpa leagan Gaeilge.

“Tá cruthúnas agus fasach á thabhairt ag an Roinn do dhaoine nach gá na rudaí tábhachtacha a dhéanamh i nGaeilge agus níl sé sin maith go leor,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Dúirt príomhoide Scoil Oilibhéir i mBaile Átha Cliath, Antóin Ó Cléirigh le Tuairisc.ie go raibh brú air de bharr cur chuige na Roinne sa chás seo rud éigin a dhéanamh a bheadh glan in aghaidh éiteas na scoile.

“Mar phríomhoide nó múinteoir Gaelscoile, glacann tú leis nach mbeidh na háiseanna ar fad atá uait ar fáil duit i nGaeilge agus glacann tú leis gur cuid den saol é sin agus go mbíonn ort anois is arís rudaí a aistriú len iad a chur in oiriúint don tumoideachas, mar shampla, ach níl aon rogha againn sa chás seo agus, ar ndóigh, ní cheart go mbeadh aon rogha againn le rud chomh tromchúiseach leis seo – cosaint páistí.

“Ach is í an Ghaeilge teanga na scoile seo agus teanga ghnó na scoile seo, agus i gcás mar seo caithfidh an fhoclaíocht a bheith céad faoin gcéad soiléir agus cruinn. Caithfidh an cur chuige ceart a bheith ann mar sábháilteacht na bpáistí atá i gceist, agus mar sin tá rogha le déanamh againn atá i gcoinne pholasaí teanga na scoile,” a dúirt príomhoide Scoil Oilibhéir.

Dúirt Antóin Ó Cléirigh gurb í an rogha sin ná an “obair a dhéanamh i mBéarla, iarracht a dhéanamh na cáipéisí a aistriú go Gaeilge sinn féin, nó fanacht tamall eile ar an leagan Gaeilge den cháipéis atá ar fáil i mBéarla ó thús mhí na Nollag”.

“Is bocht an scéal é. Níl aon cheann de na roghanna sin sásúil agus tá sé dodhéanta an obair seo a dhéanamh i nGaeilge.

“Cúis imní do scoileanna a bhíonn i gceisteanna tábhachtacha mar seo agus cuirtear fáilte roimh aon treoir faoi na cúrsaí sin, ach tá strus agus brú breise curtha orainne gan chúis. An chéad dualgas atá orainn ná a chinntiú nach ndéantar aon fhaillí maidir le sábháilteacht na bpáistí, ach samhlaigh an raic a bheadh ann dá gcuirfí amach an cháipéis seo i nGaeilge amháin,” a dúirt Ó Cléirigh.

Deir Gaeloideachas gur cheart síneadh ama a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge a ráitis cosanta leanaí a ullmhú i bhfianaise na moille móire le foilsiú an leagain Ghaeilge de ‘Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna’.

Cé go bhfuil an spriocdháta do na ráitis sin, an 11 Márta, luaite sa reachtaíocht a bhaineann leis na nósanna imeachta nua, deir Bláthnaid Ní Ghréacháin “go gcaithfear rud éigin a dhéanamh” le síneadh ama a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge.

Ag cruinniú a d’eagraigh Gaeloideachas i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, léirigh príomhoidí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna a míshástacht faoin easpa leagan Gaeilge de na nósanna imeachta nua maidir le cosaint leanaí i scoileanna.

Tugann an cháipéis nua maidir le cosaint leanaí treoir do scoileanna maidir lena bhfreagrachtaí i leith na gcineálacha mí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as leanaí agus conas mí-úsáid a aithint agus déileáil léi go cuí.

Leagtar amach chomh maith na nósanna imeachta maidir le tuairisciú a dhéanamh ar líomhaintí faoi mhí-úsáid agus ról Tusla agus an Gharda Síochána sa chás.

Tá teimpléid faoi leith curtha ar fáil chomh maith ag an Roinn Oideachais atá le húsáid ag scoileanna chun cuidiú leo a ráitis chosanta leanaí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus chun tuairisciú a dhéanamh ar aon líomhaintí mí-úsáide. I mBéarla amháin atá na teimpléid seo curtha ar fáil chomh maith.

Tá an easpa leagan Gaeilge á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.

Fág freagra ar '‘Samhlaigh an raic dá gcuirfeadh an Roinn cáipéis faoi mhí-úsáid leanaí scoile amach i nGaeilge amháin’'